Treoir
do Mhúinteoirí
Tá
an-áthas orainn obair Roinn Oideachais Mhúsaem an Chláir
a chur i bhur láthair. Tá súil againn go mbeidh sibh
féin agus bhur scoil mar chuairteoirí rialta chuig an músaem
nua-aimseartha seo sna blianta amach romhainn agus go mbeidh an deis agaibh
tairbhe a bhaint as, agus tuiscint a fháil ar stair agus geolaíocht
ár dtíre.
Is féidir le scoileanna cuairt a thabhairt orainn le linn na bliana acadúla. Ba cheart do mhúinteoirí uair a chloig ar a laghad a fhágáil saor don chuairt. Is féidir áirithintí a dhéanamh trí ghlao ar 065-6823382 nó trí ríomhphost. Tá páirceáil ar fáil taobh thiar den mhúsaem i gcarrchlós Óstán Temple Gate, ach b'fhéidir nach mbeadh siad seo ar fáil le linn séasúr na turasóireachta. Tá ardán ar fáil doibh siúd ar mian leo rochtain a fháil do chathaoir rotha.
Beidh
an músaem ar oscailt don phobal do thurais phríomháideacha
i rith am na dturas scoile. Ní bheidh cead ach ceann amháin
acu seo a chur in áirithe, áfach, aon mhaidin nó tráthnóna.
Beidh spás fágtha do pháistí dá gcótaí
agus dá gcuid lón. Beidh seomra, más féidir ar
chor ar bith é, ar fáil do pháistí chun a gcuid
bia a ithe nó déanfar socruithe chun go mbeidh siad in ann ithe
sa halla, nó taobh amuigh sa samhradh. Níl cead bia a ithe ar
na hurláir féin.
|
Ciara
Garland, Simona Sampaola agus |