Rugadh Seán de hÓra
i gContae Chorcaí c. 1710. Tháinig sé go Dúnátha
mar ghabha óg do Shéarlas Mac Domhnaill ó Chill
Chaoi. Bhí an Ghaeilge ina lán-tsruth sa Chlár
an t-am san agus fuair Seán coimirce ó muintir Mhic Dhomhnaill.
Tá sár-bhinneas i ndánta an hÓraigh agus
bíonn rithim thaithneamhach leis na línte aige i gcónaí.
Chum sé caointe agus dánta molta agus aisling amháin,
agus bhí fonn fé leith le gach amhrán dár
scriobh sé. D’éag Seán de hÓra i 1780.
Bhaintear na dánta anseo as Seán de hÓra, Brian
Mac Cumhghaill, eagarthóir (Baile Átha Cliath, 1956).