| A Shéarlais Óig,
a ghrádh Uí Donnchadha
I
A Shéarlais óig, a ghrádh Uí Dhonnchadha gan
cháim
Bail ó Rí na nGrás dod’ chumhdach,
Go mba slán tú idir gach láimh dá siubhalfaidh
ort id’ dháil,
A oidhre an Ghleanna bhreagha de shíol na bhflatha b’fhearr,
I gCiarraighe ar fad le rádh gan amhras,
Is tú an brainnse is gile bláith go fírinneach ag
fás,
Id’ fhíor-leanbh áluinn cúmtha.
II
Is cúmtha an gas gan ghó mo dhalta maiseach óg
Is greanta cruit is clódh i ndathamhlacht,
Is lasair mar an rós ‘na leacain ghil gan feodhadh—
An lili deas gan cheo smúite ;
Is glaise dearca an leoghain ‘ná drúcht na haile ag
neoin,
Is Cupid chleasach chórach ionnta ;
A dlaoithe mar an ór ag bailechrith go feor,
‘S is mil ar fad a bheoilín chúmtha.
III
Tá an chúmthacht ann le suidheamh, finne is gile ó
Chríost,
‘S a gheanmnaidheacht a rionnt leis suaimhneas ;
Goirim É agus guidhim, go mairidh sé le haois
A chúig fithchid bliadhain faoi shuairceas ;
Aitchim féin ar Dhia go bhfeiceam é san bhfiach
I dtosach ar an gcliar ag gluaiseacht,
Srian is diallait ómra, is each breagh bríoghmhar beo faoi,
Is garbh-fhiadh aige ar sgórnain buailte.
IV
Go mbuaile an namhad an té nach anmhail leis mo laugh
Do shiubhail ó mhaithibh Éireann d’árd-fhuil
;
Fé mar deir gac n-aon Ó Dhonnchadha na Séad,
I nGleann cúmtha gléir an sárfhear ;
Mac Cárthaigh Mór na dtréad, sinsir Inis Éilg’,
Is Ó Cheallacháin na féile an t-árdfhlaith,
‘S Ó Súilleabháin ‘na ndéidh do
bhronn a shúil don éigs’
‘S Mac Giollachuda an laoch nár cáineadh.
V
Níor cáineadh treabh an leoghain i dtigh na tábhairne
fós—
Ba cheannasach an chóip sa Ríoghacht iad ;
Is iad nár bhailigh stór le ceachaireacht go dreoil,-
Do sgaipeadar an stór sa bhfíon-saic ;
De bhrígh gur mac é an leoghan de shíol ‘s
de cheap na dtreon
Ba ghradamach ar bhórd an bínnse ;
B’fhiú é mholadh i gcóir le hanafadh geal spóirt,
Go n-a rathaibh cearta imeasg cáirde.
VI
Lean cáirde a fhuil ‘s a sgéimh ann sinsir cumais
tréin
I n-ar shíolruigh an riogh-ghas modhmhar ;
Ní thagann liom gur bhreágh a sheanchas do léigheamh,
Tá a charaid go léir chomh mór san ;
Mac Mathghamhna is fearr, an croidhe geal aoibhinn tá,
Is an Brianach cuthaigh táscach cródha,
Is Iarla lannach sámh Chill Dara dhil an stáit—
‘Sé an Gearaltach ó’n nGréig órdha.
VII
Is fiú ór glan buidhe gach ruibe i gcoróinn a chin,
An phór chrothach dhlaoitheach phéarlach ;
Is leabhair a ghéaga slím go bonn gan chréim ag sníomh,
Is é ádhbhar an fhir ghroidhe na Chaesar ;
Seabhac an Ghleanna bhinn mo dhalta grádhmhar grinn,
Do tháinig as tír Loch’ Léin chughainn.
‘Sé an rabharta i gCluain an Fhín d’á
bhanaltrain le maoidheamh
An crobhaire maiseach líomhtha de’n tréanfhuil.
VIII
Tá fuil na gcoileán ngrinn ó bhaile Thomáis
thíos
‘Na leacain ghil aoibhinn aerach ;
Is bráthair gaoil do thall na ridirí ó’n nGleann,
Is ní dearmad linn clann Sir Éadbhard.
Na h-iarlaí againn ba mhó i gcríocha Chonnacht beo,
‘S i dTuadhmhumhain ba mhór éaghmais,
‘S gach cliar againn dá shórt ba charaid iad don leoghan,
Is Brian cuthaigh borbh an éirligh.
IX
Éirleach mór do ghníodh na laochra fíoradh
roimhe
I dtréan-chogadh namhad na bpléaraibh ;
Fé mar b’eolach dhíbh, Mac Domhnaill mór an
ríogh
Ó Albain ‘s ó chúige i nÉirinn.
Tighearna an Chláir, mo bhrón, d’imthigh uainn thar
bóchna,
Is Ó Seachnasa an úr-Ghuirt aolbhaigh,
Nach maith iad uile an chóip ‘s na dragain meara beo,
Ó n-ar shíolruigh mo rún Séarlas. |