| Ag Moladh an Athar Domhnall Ó
Briain
I
Taidhreamh taithneamhach d’eirigh i leaba liom,
Is deimhin do sgartas le sóghmas ;
Gur tháinig an preabaire modhmharach, meanmnach,
Aidhbseamhail, amarcach, ómrach,
Le saigheada na draghan luirc d’fheill thar leathan-mhuir
Croidheamhail cathach ‘cur comhraic ;
Ó Briain is ainm dó do shaigheadfadh fanatic
‘S ní dheighil a bhratach ó Dhomhnall.
II
Do shiubhail mé Banba ó thus i mo leanbh
Ag sgrúdú gach aisde dár fhéadas,
Gur i gclúid na dragan ba rún liom ceangal
Go dlúth dá ngeallfadh mo Dhia dhom ;
Mar chinn an tAthair ó thús na beatha
Ar fhionn-chruit flatha nó biataigh,
Mór-iorradh scaiptheach gan diultadh a ghlacfadh
Cine do sgagadh de’n Bhrianfhuil.
III
Dá mb’eol dom aithris mar Óbhid blasda,
Nó Hómer ceangalach cúrsach,
Nó fós mar Bhirgil nár dhóith fó dheire,
Gach sórt nach deirim do sgrúdfainn ;
Bhíodh tréithe is aisde go deo le n-aithris
Is beoghlic a chanadh na hughdair
Ar an rós nach aindeis, ‘sé Domhnall a ainm,
An t-óg ’fuair gradam nach múchtar.
IV
A ghrianfhlaith mharcaigh Uí Briain do threasgair
Fiadhaile a mhaslaigh ár ndútha,
‘S gur ó chliar an dearg-áir ‘tá riamh
i gceannas
Go srianach seasamhach trúpach ;
Is fíor re n-aithris do réir gach teastais,
Gur triall a bhratach ó Domhnall;
Go lá Sliabh na h-Aithne bheas dian ar pheacaigh,
Sin riar bhur n-anam-se spionnta.
V
Tá diadhacht na gceachtan’ fóirlíonta reatha
Ó Rí na bhFlaitheas ag Domhnall,
Gur fó chuim A bhraite ba dhian ar pheacach
Thug daoil chomh daithte le hómra ;
Gach smúit dár bhailigh ó Ubhal na hAithne,
Gach drúis ‘s easba nach eol díbh,
‘S le congnamh na n-aingeal nár thionnsgain gangaid,
Buaidh-fhiadh chomh taithneamhach le lóchrann.
VI
I dtuaith na bhflatha ó thuar na ranna,
I mbruach na Sionainne is áille,
Tá an cruadh-ghas tapaidh de chuan na ndragan
Nár dhual bheith meaithte ná sgáthmhar ;
Tá uaim ‘s aisde aige i nduanta seanchais,
Is suairc an sagart le cách é ;
Tá buadh níos fearra aige i bhfuasgailt na n-anam
‘S go buan go mairidh ‘na shláinte. |