| Aithrighe Sheáin de hÓra
I
A Mhic Mhuire na nGrás do cuireadh chum báis
‘S d’fhuiling an Pháis pheannaideach ;
Do cheannaigh Síol Ádhaimh le hallus do chnámh,
Fola ‘gus cneadha dearga.
Freagair mé, a ghrádh—beir m’anam i dtráth
Go Parrthas lán-ghradamach,
Ag caitheamh an tsóláis fhada-ghil bhreagh
Idir Apstoil ‘s Árd-Aingealaibh.
II
Freagair mé a Chríost—a charaid mo chroidhe,
An charraig seo im’ chlidh, corruigh í ;
‘S óm’ dhearca leig síos srotha aithrighe,
Do bhéarfas go Crích Fhlaithis mé ;
Mar is peacach mé bhí scannalach síor
Droich-bheartach, fíor-mhalluighthe,
Is ná tagair-se baois-bheartaibh an tsaoighil
Ar m’anam le linn sgartha liom.
III
Sgreadaim ‘s éighim—aitchim go séimh
Ar Mhuire ‘s a hAon-Mhac calma,
Teacht sealad fá dhéin m’anma ‘phléidh,
Is a chosaint ó’n mhaor mhalluighthe ;
Deisgiobail Dé is a gcaraid go léir
Dom’ tharraing ‘san réim bheannuighthe ;
Mo bhearta ar an saoghal cealghach, claon,
Gangaideach, baoth a mhaitheamh dam.
IV
A Dhia ‘tá thuas, féach anuas
Is réidh mo ghuais anabuidh,
Is léig mé ad’ Chuan ghléigeal, suathain,
Naomhtha, buain-tseasamhach.
A Dhia na mbuadh, déin dom truagh
Ar theacht don uair mharbhthaigh,
Is ná léig mé uait féin le fuath,
I bpéin le sluagh Acheron !
V
Is deacair dom labhairt leatsa gan dabht
Ag tagairt ar chabhair chalma,
‘Sgur fada mé ag treabhadh treasna le fonn
I gcoinne do mhodhmhail-aitheanta.
Níl ins an domhan fairsing, mo lom !
Peacach le toghadh is measa loit
‘Ná mise ‘tá bodhar, balbh, im’ lobhar,
Ceangailte ‘g an dream mhalluighthe.
VI
Ní lia le rádh gainimh ar thráigh,
‘Ná drúcht ar bhárr glasra,
Na peacaí le suidheamh ar mh’anam, fairíor !
Ceangailte im’ chroidhe chalcaighthe ;
Is mór liom a dtrian romham ‘san tSliabh,
Ach ní fhóghnann ciach, eagla,
‘S gur mó le léigheamh Grásta Dé
‘Ná a ndearna an saoghal d’ainbhfios.
VII
Molaim-se Dia thar a bhfaca mé riamh,
Is Muire bhain-tighearna aitchim-se ;
Peadar is Pól is na naoimh eile leo,
Is tusa gan ghó a Athair dhil ;
Admhuighim dóibh—do Mhichil agus d’Eoin,
‘S do na hApstalaibh ró-bheannuighthe,
Gur pheacuigheas dom’ dheoin am’ smaointe go mór ;
Am’ ghníomhartha ‘s im’ ghlór labhartha.
VIII
An t-uabhar ar dtúis, an tsainnt ‘s an drúis,
An craos is an rún feargach ;
Formad an tsaoghail is an leisge go léir
Ní sgarann liom féin aga ar bith :
Nach mairg do’n té mhaireas mar mé
Ins na seacht bpeacaí claona marbhthacha,
‘S nach dána an gnó do dhuine dhem’ shórt
Tagairt ar choróinn Fhlaithis d’fhagháil.
IX
I n-éadóchas tréith le Parrthas Dé
Is mairg do théigheann dearbhaim,
‘S go nglacann an tread sgaipightheach tar éis
Dá fhaid a bhíonn strae fada ortha ;
An peacach is mó coirtheacha beo
Ag briseadh A mhór-aitheanta,
Ach ‘chasfadh le deor aithrighe doibhróin,
Osgalfar dóirse Flaithis dhó.
X
Féach mar do shéan Peadar Mac Dé
An tam lagaigh an tread malluighthe é ;
‘S nuair d’aistrigh sé ó n-a chreathaibh aidhbhéil
Gur glacadh san Ríoghacht Bheannuighthe é.
Nach feasach don tsaoghal fhairsing go léir
Gur peacach ar strae í Magdalen,
‘S dá cuirptheacht é a beatha le léigheamh
Go dtug sileadh na mbraon Flaitheas dí.
XI
Ár n-Athair atá ins na Flaithis go hard,
Go naomhuighthear tráth t’ainm-se ;
Go dtigidh Do ríoghacht, do thoil ar an saoghal,
Mar déantar i gcrích Pharrthais :
Ár n-arán laetheamhail tabhair-Se dúinn,
Is maith dhúinn ár gcionnta ainbhfis
Mar mhaithimid do chách, is na léig sinn i dtlás,
Acht saor sinn ó bhás anabuidh.
XII
A Mhuire, ‘tá lán de thuile na ngrás,
Tá’n Tighearna, a ghrádh, maille leat ;
‘S is beannaighthe atá i bhFlaitheas thar mhnáibh,
Go naomhuighthear tráth t’ainm-se :
Is taithneamhach an radharc toradh do bhroinn’,
ÍOSA dá roinn eadrainn ;
Anois agus riamh, ‘s i n-am ár bpian,
Go rabhair, a Dhia, ag seasamh dúinn !
|