Dánta Sheáin de hÓra
 
 Home | Search Library Catalogue | Search this Website | Copyright Notice
Clare County Library

An Feirmeoir Gaedhealach

I
Treabhfaidh mé romharfaidh mé is cuirfidh mé an eorna,
Agus bainfidh mé an foghmhar go héasgaidh ;
Beidh mo shoiléar ar chomhgar, is mo bharaille beorach,
‘S beath-uisge ‘dóthain na gcéadta.

II
Beidh an londubh is an smólach ag síor-sheinm ceoil dam
Ar maidin ‘s mé ag seoladh mo chaorach ;
Is níl aon teach ósta ná ólfaidh mé coróinn ann
Nuair dhíolfaidh mé bó ar an aonach.

III
A chomharsain mo chroidhe istigh druididh aníos liom,
Agus geallaim-se díbh-se nach bréag é,
Mara mbeadh síolchur go mbeimís-ne claoidhte
Gan blaiseadh na dighe ná béile.

IV
Lucht peiribhig cíortha is na gcnotaí síoda,
‘S caille bheag bhuidhe go mbíonn tae ‘ci,
Go mbeidh lóisdín na hoidhche le fagháil ag mo thigh-se
Ag stróinsibh ‘s ag maoirthibh gan éileamh.

V
Thar sáile mar théidheas said ní rachfad lem’ ré ann,
Leanfad mo chéachta ‘s mo bhráca ;
Beidh olann mo chaorach dá chaitheamh mar éadach,
‘S nach geal bheidh mo léine ag mo ghrádh geal.

VI
Bím sealadh ag aodhaireacht ar chnuic ‘s ar shléibhtibh,
‘S ag caitheamh mo raol i dtigh an tábhairne ;
‘S gach feirmeoir Gaedhealach ar thalamh na hÉireann,
Fá thuairim fad-shaoghail chum ár sláinte!

VII
Gach sgafaire súgach chun punainn do rúsgadh,
Agus bruinneall dheas mhúinte do bhréagadh,
Druididís liom-sa go ndéanfaimíd cunntas,
Mar is duine gan amhras de’n tréibh mé.

VIII
Bím sealad im’ ughdar, im’ rí, is im’ phrionnsa,
Agus timcheall an bhúird seo ní staonfainn ;
Is an cóbach gan múineadh ná hólann an lionn liom,
Cuirfear ar gcúl é agus fear leis!

Dánta Sheáin de hÓra