Dánta Sheáin de hÓra
 
 Home | Search Library Catalogue | Search this Website | Copyright Notice
Clare County Library

Barántas Thomáis Paor do Sheán de hÓra

I
De bhrigh gur mhóidigh triúr de’n choisde annso im’ láthair,
Go ceart díreach fá bhrígh an Bhíobla an ceathramhadh lá déag de Mhárta,
Óir d’éalaigh an Hórach ó’n gcóisir go míshásta,
Mar bheadh sladaidhe nó mar ghadaidhe go fíor-náireach.

II
Is fíor gur théarnaigh go mí-mheasach Dúnátha,
Is a liacht crúsca do bhí gan diúgadh ag na flatha ;
Fad-thaisdeal ort fár éalaigh go mí-mhúinte
Gan innsint don lucht choisde fáth do thaisdil.

III
Acht taisdeal ort ‘s tóraidheacht go rúnda,
Gan comhnaidhe ar fad sul do sginnfá thar na triucha ;
Éalóchair gan do oidhche codladh i naon tigh
Ach bior buailte go bhfaighidh tú do sgríobfaidh.

IV
An tAthair Séamus Ó Chonchubhair na sgéala thug don chonstábla,
Fios an ghéig sin uaim chun an mhéirligh do thabhairt dom’ láthair,
Dá lorg aníos ó Léim Laoch thíos cois na bóchna
‘Sa leansuin ó Cheann Léime go críoch Bóirne.

V
Mágha, cluana Chonnacht a lorg go sár-mhaith,
‘S i n-áitighe bhíonn a thiathighe cuirtear gárda ann ;
Ar ghabháil suas díbh bí ar a thuairisg i mBéal Átha,
Mar a bhíonn sé a rílleáil le maolruamháin de mhnáibh tábhairne.

VI
Nocht do Thomás chaoin Ó Míodhcháin atá san áird thoir,
Athair Mhic Domhnaill atá ar comhghar bíonn sa ráfla ;
Bí ag cuardach i nUibh Bhreacáin ar eagla an chóbaigh
Dul do leath-taoibh guirt nó garaidhe i n-aon bhóthar.

VII
Cuir ar fógairt an fíor-lóbach i ngach aon phobal,
Is ná fágadh cóisir ná teach ósda gan a lorg ;
Ná bíodh bothán ar Shliabh Challáin libh gan spiúnadh
Ar eagla an domhain go luigheadh i n-aon chúinne.

VIII
Gaibh go h-éasga soir tré sléibhte fraoich dhúin Eachtgha,
Is bí ar a thuairisg le croidhe suaircis ar na bealaí ;
Tá an chliar fábharach i ngach áit dhíbh ar feadh na Deóise,
Chun a lorg gidh bé áit a bhfaighid dóith air.

IX
Cuartuigh gleannta, cnuic, is aillte na Móthara dlúigthe,
Cuairtidh dúnta na n-uaisle n-órda, coirighthe ‘s mongtha,
Cuairtidh go dlúth fé dhó idir an chubharacht agus am’ dheiseacht,
Cuairtidh múrta is fuaráin go géar is go ró chlisde.

X
Ná fág srothán ná bruach locháin, fiodh ná gaorta,
Ná fós liosán ná cuas smiotáin gan ionghaobha ;
Ná fágaidh póirse tighe ná comharsanacht Poll na Spiaraí,
Ná fós seomra gan í thoraidheacht, ná cúil hiarta.

XI
Ná fág siabhán ná clúid-chliabháin ná nead circe ;
Dá réir t’órduighthe go léir, cuairdighidh na Pluic Pute,
Ionnsaighidh an comhgar ó Ghleann Ómra go Clár Thuahmhumhan,
Má ghaibh an lómach ins an ród ghéabhair a thuairisg.

XII
Seachain an cladhaire nó rithfeadh gan mhoill ort thar na srúillí,
Má gheabhair radharc air coinnimh-se greim air ceangailte cúil air ;
Ná glac bannaí ná fós tacaidheacht ar an Hórach
Go ndéanaidh aithrighe is teacht fá smacht dlighe mar is cóir dó.

XIII
Ná glac duais ná breab, ná fós aon leathsgéal,
Gan a thabhairt leat ceangailte go cruaidh craiplighthe ;
Críoch do chuaird ach oidhche coimeád annso ar an mbaile,
Cois na feórann tré gach bóthar go croich Thaidhg Pheadairín.

Dánta Sheáin de hÓra