Dánta Sheáin de hÓra
 
 Home | Search Library Catalogue | Search this Website | Copyright Notice
Clare County Library

Déantar, Dóightear Teinte Teodha Dhúinn

(Fonn : An Londubh)

I
Déantar dóightear teinte teodha dhúinn
Líontar ar bórd chughainn tuille de’n fhíon ;
Seinntear ceol dúinn, píob ‘s hautboy,
Binn-chruit órdha is fidil a’ croidhe.
Suidheam is ólam thart ár ndóthain,
Tá sgéal maith nódh ‘gam nach doilbh dar línn,
Go bhfuil an rígh-ghas mhódhmharach i bhfarradh Mhic Dhomhnaill,
‘S gliadhaire Mhic Mathghamhna i gcuideachtain bhinn.

II
Fáilte is céad cuirim tráth roimh Shéarlus ;
Ádhbhar an tréinfhir is fearr san ríoghacht ;
Ráib leabhair léidmheach d’árd-fhuil Mhilésius,
Ba mhór-scoth na h-Éireann curadh bárra ár gcrích.
B’é thárla gan aos é is árrachtach a ghéaga,
D’fhás ‘na bhuinne glan go lannardha groidhe.
Ar lámhach na bpiosdal ‘thug bárr leis go craorach
‘Sní thaise dom laoch ar chaismirt an chlaidhimh.

III
In iarthar Fódla tá an gliadhaire cródha,
An Hector óg, an suairc-fhear grinn ;
A Dhia b’é an ghlóire é ag fiadhach tráthnóna
Go srianmhach, séadmhar, ceolmhar, binn ;
A dhiallait órdha ar chiar-each modhmharach,
Do bhéarfadh leomhanta luaith ar an ngaoith ;
‘Sar gliadhairí greanta Fódla bíonn Séarlas rómpa,
Is fiadh na mbeanna móra ag sgórnain ‘san líon.

Dánta Sheáin de hÓra