|
Im’ shuan Aréir
I
Im’ shuan aréir im’ aonar bhíos
Ag éisteacht fuinn le téacht na muraí
Do chuala mé idir bhéithibh sidhe
Scéalta binn’ gan bhréag nach olc linn :
Gur ghluais anal go Dún na nGall
Sciúirse scannra céadta cogaí,
‘S truagh-lucht Béarla tar éis dá sníomh,
‘Na séibigh sínte ó’n maor ‘s a
choraí.
II
Cluas le héisteacht tréith do bhíos
Taobh le hAoibheall fé bhun muraí ;
Do chuala as béal na naoi mban sidhe
Bheársa grinn gan aon rud doilghis ;
Gur ghluais ‘na shaighead ar fuaid Carlisle
An buachaill saidhbhir, saothrach, sonaí,
Gurab’ é mac Séamuis é go fíor,
Séarlas Stíobhart laoch na gcogaí.
III
‘Sé dubhairt Déirdre i n-éinfheacht linn,
‘S a céibhe scaoilte léi go bonnaí,
Gur follus d’Éirinn réim is scíth,
‘S Phoenix fíor ‘tá tréan i bhfoluigheacht
:
“Goinfid slógh na mbéimeann mór
I n-éiric ceoil is craos na ndeoch-fhíon ;
Cé dhó is baoghal ? Ní Gaedhil acht Gaill
Do bhéarfaidh díol do phréimh na dtorthaí.”
IV
A dubhairt an staid-bhean mhánla mhín
Ar bháin-lios aoibhinn taobh le loch laoi :
“Déantar tráth dhúinn gártha grinn,
‘S cnámha teinnte ar árdaibh cnocai ;
Fagham ar bórd fíon is feoil,
Bíom ag ól gan traochadh ag deocaighil.”
Siúd ort, a Áine, sláinte an Ríogh
Atá ar tuinn ag teacht le borruigheacht.
V
Do chonnac Méibh do léim thar abhainn
I bhfaobhar ‘si bhfonn ‘si dtréine ag cosuigheacht,
A hiorra gléigheal léi go bonn,
‘S laochra an domhain ‘na déidh le dolluí ;
Ba léir a bonn ar thaobh Chnuic Gamhain,
Ag déanamh damhais ‘s ag glaodhach na ndromaí,
Ag tabhairt dí, ‘s ní héigheamh gan adhbhar
:
“Tá an laoch seo ag labhairt i mbéal ár srothaí.”
VI
Tiocfaidh Clare i réim arís,
Chomh tréan le tuinn fá’n laoch seo ag corruighe,
I bhfuinneamh éascaidh ag réabadh roimhe
Le faobhair-neart chloidheamh is caortha cogaí ;
Ba shúgach leabhair a thriúp ‘na dheabhaidh
Ag dúiseacht creabhar gan traocadh a toraí,
‘S a gcuid den tsaoghal do bhéarfaidís
Ag saoradh a gcinn, dá mb’é ba thoil linn.
VII
Is fada sinn, fairíor, ar buairt,
Ar splannc an fhuar-chnuic aoird gan foscaí,
Fá ghoimh na síne an taoibh adtuaidh,
Ag caoi go cruaidh, ag éigheamh ‘s ag osnaighil,
Ag súil lem’ ghamhain thar srúill anal
Ó Lonndain ghallda an Bhéarla ghortaí,
Go seilbh aoibhinn chrích’ an uabhair,
‘S an bhean uasal Éire donaí.
VIII
Aitchim féin is éighim ar Chríost
Nár théighead don chill i gcré fó bhun líog,
Go bhfeicfead méirligh an Bhéarla bhinn
Ar thaobh na gaoithe ag téacht don droichshín.
Aer na ngleann ‘s na néallta i dTeamhair
‘S Gaedhil ag damhsa ar fhéar ghlas talmhaí,
Iad siúd tréith i bpéin mar bhím,
Ar dhéirc bhig cinnte sléibhe ‘s bogaí.
IX
Cuir i gcrích an ríogradh chuain,
Sceinn go luaimneach éasca, brostuí,
Go fearann Fhinn, go h-Inse Aodha Ruaidh,
‘Nar bhinn leo t’uaill i bhfraoch na gcogaí ;
Féach ‘nár ndeabhaidh ‘s léim thar abhainn,
Nó déanfar foghail ‘s caortha loscaí ;
Is fada sin nag guidhe fád’ thuar,
‘S mo mhíle truagh na Gaedhil má loiscfighir.
|