|
Is géag de’n bhile
ghlórmhar
(Fonn : Móirín Ní Chuilleanáin)
I
Is géag de’n bhile ghlórmhar
An deoraidhe seo i gCill Bhriocáin
Do chuir Mac Dé ‘nár mbóthar
Le comhachta ó Rí na nGrás.
Is beannuighthe an bhean óg í
‘Nár fórmuigheadh ‘na broinn an bháb
;
Craobh na finne fódla,
Ag ól srotha cíocha Táil.
II
Bíonn hussa is mile i n-éinfheacht
Ag saor-chlanna saoithe ag ól ;
Dá gcur i nglinntibh spéartha,
Roimh Shéarlas mac maith don leoghan.
Bíonn punch is fíon dá dtraochain
Re chéile agus díleann bheoir ;
Cnámh na dteinte croidhearg
Go haerach ‘na soillse romhainn.
III
Cuir i gcliabhán óir é,
Tabhair póg dhó agus lacht ‘do chíoch ;
Suidh ‘s gaibh huiseodh dhó
Go ceolmhar ‘sgo blasta binn.
Racht ná leig go deo air,
‘Na deoir le n-a dhearca síos :
Bráthair ceart Bhriain Bhóruimhe,
‘Cuir fódla faoi smacht an dlighe.
IV
Is bráthair Bhriain Mhic Bhruadair
I n-uaisle na sean do bhí ;
Is bráthair d’iarla Tuadhmhumhan é,
‘San gruagach, ‘s an flaith ó’n nDabhaich,
Thug bárr an tighearnais uaibhse,
‘Chuaidh uainne go harm Laoighis. |