| Is Tuirseach Claoidhte
Seán :
Is tuirseach claoidhte taoim-se ó bhád na seol,
I srianntar taoide taoibh le Árd na h-Óighe,
Am’ thúrna ó tuinn go tuinn ar lár an scóid,
Ar chúl mo chinn ‘s mé adh iarraidh snámh go
feóir.
Cúrfa :
‘Se mo chreach ‘s mo dhíth gan mé ‘rís
im’ bhuachaill óg,
I dtúis an tsaoghail ‘s an aois bheith bhláthmhar
óg,
Go siubhalfainn Tír Fo Thuinn is clár na Rómha
Le Siún Ní Gríobhtha an righbhean áluinn óg.
Siún :
s tuirseach claoidhte ‘taoin tú lán de phóit,
‘S gur i gcomhair na dighe ba bhinn leat sádhadh go deo ;
Má d’fhúig tú thíos mo chíos
i dtábhairne an óil,
Sin cúl mo chin leat choidhche a Sheáin de Hór’!
Cúrfa
Seán :
A rúin mo chroidhe-se, bí-se fáilteach rómham,
‘S ionntaigh liom de bhrigh go dtángas beo ;
Níor chaitheas cíosa bruighean le gárta gleo,
‘S bhéarfad curfá an Bhíobla dhíbh ná
dearnas ól.
Cúrfa
Siún :
Ná spailp-se an Bíobla acht cuimhnigh ar bhás an
tslóigh,
‘S gan púnc de’n fhírinne id’ chroidh-se
tráth a Sheoin,
Acht leabhair ‘s laoithe baois is bláirníocht mhór,
‘S tabhair cunntas díreach cruinn cad fáth do bhrón.
Cúrfa
Seán ;
Do bhéarfad cunntas díreach dhíbh cad fáth
mo bhrón,
‘S cad d’ionntaigh sinn arís ar Árd na h-Óighe,
Gur bh’í Cupid chaoin Liosdaoin nár cáineadh
fós,
Gur siúd trém’ chroidhe-se saighead d’á
grádh go deo.
Cúrfa |