|
Trácht i ndiaidh ar Shiobán ní
Bhriain
I
Trácht i ndiaidh ar Shiobhán Ní Bhriain
Gan spas anois is mian liom,
An stáidbhean fhial gan cháim gan chiach
Dob ‘fearr i n-iarthar Éireann ;
An mhánla chiallmhar áluinn diadha,
‘Sí do bhláth na dtriath do tháinig fó
n-ár ndein
D’árd-fuil chliar is récsa.
II
Tá gaise de’n rós ag taithneamh ‘n-a clódh,
An iorradh-gheal óigh Bhrianaigh,
‘S lasadh gan feodhadh mar sneachta ar nóin
‘N-a ballaibh níl deor ó bhathas go feoir
Acht srotha de phór na n-iarlaí,
‘S is dalta í ‘fuair scóip meanman ‘s
spóirt,
Caraid ‘s óige shianmhar.
III
Is binne guth a béil ná seinm chruit téad
Nó laoithe aigeanta an tSamhraidh ;
A píb mar aol, a clí dá réir,
‘S is mín geal a déid ‘s is dlúth dheas
;
A righin-rosg réidh, a dlaoi mar sméir
Síos gach léim go drúcht léithi
Go taidhbhseach, craobhach, boillsgeach, péarlach,
Soillseach, dréimreach, búclach.
IV
Is riaghalta mo sgéal i dtéarma na nGaedheal,
‘S d’fhiafrainn é léigheamh do’n dúithche,
Na Brianaigh is aeirde i gcliar-fhearaibh Éireann,
D’iadhadar le chéile an cleamhnas ;
Do sheanadar claon, d’iarradar cléir,
Grian-sgoith na Récs nár múchadh ;
A Dhia go rabhaid séimh séanmhar le chéile
Is rian sleachta tar éis an chúpla.
|