| Clare County Library | Clare
History |
| Lámhscríbhinní Gaeilge i gCill Chaoi le Pádraig Ó Riain |
| Brolach Cheannaigh coiste an Sweeney Memorial Library i gCill Chaoi seacht gcinn de na lámhscríbhinní seo in 1966 agus tugadh an t-ochtú ceann ar bhuaniasacht don leabharlainn sa bhliain chéanna. I dtigh príobháideach in aice le Carraig an Chobhaltaigh is ea a fuarthas LSÍ. 1-7 agus bhí LS. 8 chun coimeádta i gColáiste Uí Chomhraí ar an mbaile céanna. Go bunúsach baineann siad go léir leis an gcnuasach céanna agus ba mhó de chnuasach é, de dhealramh, nuair a tháinig Peadar Ó hAnnracháin an treo ag tosach na haoise seo. Áiríonn seisean, sa leabhar aige Fé bhrat an Chonnartha (lch.116), trí leabhair “i bpoll sa bhfalla” i dtigh Mhic Uí Chonaill agus iad ag lobhadh. Ní foláir nó is leabhair mhóra a bhí i gceist aige ach chuaigh scaipeadh ó shoin orthu. Mongánaigh atá sa tigh anois ach Conallach is ea an bhean. Ó Luimneach nó Chiarraí na Conallaigh le ceart ach phósadar sin leis isteach sa tigh breis is céad bliain ó shoin agus is ó Chlann Mhathghamhna a bhí sa tigh rompu a thagann formhór mór na lámhscríbhinní anuas chugainn. Tá céad bliain de stair na clainne sin go háirithe le feiceáil sna lámhscríbhinní seo, agus dhá chéad bliain de stair mhuintir an tí i gcoitchinne. Mar a dúrt, chuaigh scaipeadh ar an gcnuasach ag tosach na haoise seo ach níor eirigh liom eolas cruinn a fháil ina thaobh sin. Is dealraitheach gur bhronn Seán Ó Ceallaigh, T.D. dhá lámhscríbhinn ar Choláiste Uí Chomhraí ach tá ceann acu sin imithe gan fios a tuairisce. Shrois lámhscríbhinn (G 977), a scríobh Mícheál Mac Mathghamhna in 1839, an Leabharlann Náisiúnta níos lú ná deich mbliana ó shoin agus anseans gur bhain sí leis an gcnuasach sa tigh i gCarraig an Chobhaltaigh. Tá lámhscríbhinn eile (G 676) sa leabharlainn chéanna, a scríobh Mathghamhain Mac Mathghamhna d’Antoine Ó Cómhraí, ach ní dócha gur fhan sin sa tigh. Scrúdaíos féin na lámhscríbhinní
sarar cheannaíodh don leabharlainn i gCill Chaoi iad. I dteannta
a bhfuil anois i gCill Chaoi, d’áiríos litir thábhachtach
leis ina measc. Deir muintir an tí anois gur cailleadh ó
shoin í. Rinne mise cóip den chuid ba thábhachtaí
liomsa di áfach, agus is fiú í a chur síos
anseo. ‘To… (?) describing in the foregoing a MS. song book
written by Rev.d David Mac Mahon [sic; recte O Mahony]… known as
the Briathar [sic] Mor or Big Friar… he lived at Donaha
for several years before his death and lived there as Friars of the olden
times… viz by the generous… contributions of the people. He
died at Donaha about the year 1820 at a very advanced age and his remains
now lie buried in the little burial bround of Kilcrona Church. I can remember
him myself and must… say from the recollection I have of him that
the sobriquet of ‘Briathar [sic] Mor’ was not misapplied…
I know this grave which lies at the… (?) of the above church without
a slab… Matthew MacMahon Lisheen Crony 10 July 1863”. |
| |