| Clare County Library | Clare
History |
| Lámhscríbhinní Gaeilge i gCill Chaoi le Pádraig Ó Riain |
|
Lámhscríbhinn 3 19ú haois. Páipéar. 12 1/4” X 7 3/4”.
84 lch.; uimhrithe 13-62; 64-85; 87; 89-97; 106-111. De réir
an uimhrithe tá 1-12; 41-2; 69-70 (?); 71-75; 98-105; 112 ff.
ar lár. Níl aon uimhriú ar lgh. 63, 86, 88. Tá
cuid de bhileog 67-8 sractha chun siúil agus níos mó
ná leath na bileoige scaoilte a leanann ar an gcuma chéanna.
Scríobhaí: Mícheál Óg Mac Mathghamhna
(lch. 30, “… le Micheal Óg Mhac (?) Mathamhna ó
Ceill Croinne an naoiui la fhithchaod. do mhi mhain an t.Sámhra
san m-bliadhain … 1845”, cf. lgh. 51 i (“…
Ó Ceill Croine a bpuraisde Carrigacobhalta …”.),
62, 97, 111 agus féach lch. 88). 13. FEISTIGHE CONÁIN CINN TSLEIBHE. Tosach ar iarraidh. Tos. Tinéasnach. agus air d-téacht do laithir. dó bheanaig tré na déithe ádhartha. agus d-freagurasa an tathach don cómhradh céadhna do rádh Fionn. 20. CAITH TULAIGH NA NEACH. Tos. Lá dá raibh Niall Fréasach mac Fíaca Foltleabur .i. árdrigh Uladh air a pleasur féin ag fiadhach. agus ag fionncósgairt. 30 i. ACHTÁRA. ÍMTHÉACHT. AGUS. GINEALACH CLOINNE TOMAIS. Tos. Féacht náon dar éirigh cogadh. agus coinbhlíocht idír na déeibh ithfráonda. Tá l. 580-725 d’eagar Bergin (O. Bergin, “Pairlement Chloinne Tomáis”, i Gadelica) ar lár annseo mar a bhfuil bearna sa lámhscríbhinn. 52. EACHTRA CLÉIRIG NA CCROICHIONN. Tos. Ardrigh úasal órdha ceillígh céartbhréathach fáosach faorghlich … ro ghaibh tighearnnus … air Eirinn … dárbh ainim Conn Ceannbhágair. [63]. CEASACHT, INGHINE GHUILE. Tos. Righ úasal oirdearch ceillidhe ceartbhréithreach … dar gháibh ceannus an da coige Mumhann darbo cómhainim Feidhlim mac Críomhtainn. Deireadh ar iarraidh. 76. GIOLLA AN FHIUGH. Tosach ar iarraidh. Tos. Dó bheadh íonat go d-tábharfuínn breit do bheil fein do thuílliomh. agus dó thuarusdal dhuit; abáir gur mé an giolla téine is fearr da d-tiochfus na da d-táine riamh. Colafan ar lch. [88]: ‘Siraim guidhe an leitheóra éaghnaídhe ar son De. agus gan me imdhearga na dhiomolla ma tharla dám dul as an slidhe coir am sgríobhan do bhrigh gur comh-mearful do léanas misi. agus an lámh is fearra do rug air phéann riabh .i. nách fuil a gomhachta aon don Adhaibhcloin é fein do cosaint do shior gan dearmad…. Micheal Og Ó :M.uch Mathghamhna … 1849”. [88] i. Do ghluais cuin cupla a d-tuis na hoidhche. 219 l. “Cómhrádh na Caillighe agus an Dailtinn Treighthig”. 97. SÍABHRADH SITH AGUS INÉIRGHE MIC NA MÍOCHOMHAIRLE A D-TIGH GRUAGAIG TIRE GAN TAITHIDHE a bpros. agus a n-dán air an b-fan do cumadh le Cearbhall Ó Dala ris a raitir Aiste Cearbhaill. Tos. Mar cuala sibhse ní miste dibh fiafraidh dhiom. An chéad chaibidil agus bearna inti mar a bhfuil leathanaigh ar lár. |