| Clare County Library | Clare
History |
| Lámhscríbhinní Gaeilge i gCill Chaoi le Pádraig Ó Riain |
|
Lámhscríbhinn 4 19ú haois. Páipéar. 6” X 7 1/6”. [44]
lch. Tá leath bhileog [15-16] ar iarraidh. Luaigh an scríobhaí
a ainm, i dteannta ainm an duine ar scríobh sé dó
í, ar lgh. [3], [13], [14], [17], [27], ach scriosadh ina dhiaidh
sin é. B’fhéidir gur “Michael” ba ainm
baiste dó (lch. [3]). Lámh fhíornéata aige.
Ar lch. [13] tá, “Airna sgriobh […] do fhear mhaith
shoilibher Míthcháll Ó Coneirthinidh”, cf.
lch. [3], “Finis by […] Michael Mc.,Inerny of Kilferagh
1847”. [4]. Éistig sealad a charaid leam bhréithre grinn. 29 v. “Eachtra an Bhaitsiléra”. Tá cuid de na véarsaí i mBéarla. [14]. r. fáin. An diadhal nuair bhíon na luidhe go cráite fann. Leanann aistriú Béarla, When the devil is sick in a desperate state. [15]. r. fáin. Malacht Fhinn is Chonáin. Leanann r. fáin eile a thos.; A fhearaire ghroidhe dob fheille is dob fheara […]. Deireadh ar iarraidh. [16]. r. fáin. A dhuine ná tuigion tu cúrsaidhe an tsaoghal. Lean rann fáin eile ach níl fágtha anois de ach blúire den chéad líne, .i. […]s bocht sas craite an phian, agus cúpla focal den dara líne, .i. […] tláith i triall. [17]. r. fáin. If Saint Pauls day be fair and clear. [18]. Sgeal do haithristior air sgolaire. 45 v. “Eactra an Sgolaire agus na Cailídhe”. [27]. Whereas do thanaig san bfóghar dom láithir. 141+8 l. “Bharántas Dhonchadh Ui. Bhuachlo.i. Mac leighin agas eagnuidhiocht dar goidiog 3 leabhair uaig etcetera”. |