Clare County Library
Clare History
Home | Search Library Catalogue | Foto: Clare Photo Collection | Search this Website | Copyright Notice

Ordnance Survey Letters by John O'Donovan and Eugene Curry, 1839

Parish of Kilnasoolagh (b)

Tainig Guaire Mac Colmain agus tri catha do shluaigh Connachd Dargain Mumhan go ttarla Dioma Mac Ronain fá ri Caisil an tan sin do anuibh fidhgheinte ré ráitear clar Chonntae Luimnigh agus tug Dioma agus Guaire cáth da chéile ag Carn Fearadbaigh gur briseadh do Ghuaire agus do chonnachtaibh ann agus do marbadh uimhir dío áirmhighthe diobh, mar aon re sé triathaibh duaislibh Connachd. Isé ádhbhar fa ttainig Guaire ar an slighe sin ag éiliúghadh araibh ó Shliabh Eichtghe go Luimneach do bhi do sheanroinn Chonnachd no go ttug Lughadh Meann Mac Aonghusa tírigh seacht ccatha ar chonnachtaibh mar ar marbhadh seisear ríoga díobh, agus gan do shluaigh aige achd amhsáibh acas giollanraidh, go ndearrnadh se fearann cloidhimh da raibh ó bhearn trí ccarbat accarn Fearadaigh go Bealach na Luchaide, agus ó áth na Boroimhe go Leim na Con, gonadh da dhearbhadh sin do rinne Cormac Mac Cuillionnáin in rannso.

Is é sin an Lúghaidh Láimhdhearg, thall ar chóige Chonnachd chain ó Charn Fhearadhaigh fa uchat, go h-Áth Luchaid lán do ghail.

From a copy of Keating in the handwriting of Andrew Mac Curtin, dated 1736, page 170. Collection of Hodges & Smith.

 

Previous

Main

Next