Clare County Library
Clare History
Home | Search Library Catalogue | Foto: Clare Photo Collection | Search this Website | Copyright Notice

Ordnance Survey Letters by John O'Donovan and Eugene Curry, 1839

Parish of Kilrush (c)

The following Deed of Mortgage between Torlogh Roe Mac Mahon and John Mac Gillinán relating to Moylough is worth preserving, as it gives the original Irish spelling of some Townlands in its vicinity. It was never published, and it is far better language than any of the Deeds published by Mr. Hardiman. The original belongs to the collection of Messrs. Hodges and Smyth:-

Bíodh a fhios ag gach aon léighfeas agus éisdfeas an sgriphinn so go bhfuilim-si Toirdhealbhach Mac Taidhg Mic Mathghamhna alias Toirdhealbhach Ruadh ó Chluain Idir Dá Lá a mBarúntacht na Cluana Idir Dá Lá a gCuntao an Chláir, duine uasal, admhalach foillsightheach go dtugus agus go dtabhruim uaim féin, óm’ oidhri, agus óm’ sigin-oidhri leath Muighe Lacha a bPorráisde Chille Rois a mBarúntacht Chluana Idir Dá Lá a gCuntao an Chláir, do Sháán Mac Taidhg Hí Ghillasheanáin ó Cill Tilang is in mBarúntacht gcéadna agus is in gCuntao gceadna, duine uasal d’á oidhri agus dá sigin-oidhri agus dá seicedúiribh dísli go ceann mbliadhna agus fitche o’n tSamhain in aon aois do’n Tighearna 1611. Agus tar éisi na n-uimhre bliadhan sin do chaitheamh go féatt a fuasgailte ar deich bpuntuiph d’airgead chorónta na Saxan do mhiotal maith agus d’airgead glan. Is amhla tugus agus do beirim, an Toirdhealbhach remráite an leath iartharach sin do Mhuig Lacha uaim féin, óm’ oidhri, agus óm’ sighin oidhri agus óm seicidúir do’n tSeaan remhraite dá oidhrighiph, agus d’a sigin-oidhrighiph, agus d’a secedúiriph, idir féar agus ithir, idir chré agus choill, idir riasg agus móin agus milleach, idir muileand agus abhallghort, idir áitiúghadh agus fhoirgneamh im oalle re gach uile shochur d’á bhfuil agus darub éidir do bheith ag coimhleanmhuin na talmhan sin tuasana go feadh na bliadhna agus fithche tuasana do chaitheamh, agus da éisi sin go feadh a fuas-gailti ar na deich bpuntuiph tuasana, agus tar eisi na bliadhna agus fithche do chaitheamh gan fuasgladh an fhearainn sin i.e., leatha Mhuighe Lacha, agus tar eisi na ndeich bpunt tuasana do dhíol do’n Toirdhealbhach remráiti d’á oidhri, no d’a sigin-oidhri no d’á athturnao ris in Seaan O’Gilla Sheanáin tuasana re n-a oidhríghibh, no re n-a shighin-oidhríghibh, go madh ceaduightheach agus go madh dlightheach do’n Toirdhealbhach Mac Mathgamhna tuasana dol asdeach a seilbh an leatha sin Mhuighe Lacha, agus a congmhail agus a bheith aige choidhche agus go sioraidhe comh imlán agus do bhí roimhe riamh. Agus as iatt teóruinntídhe an leatha iartharuighe sin do Mhuigh Lacha, i.e., Baile Mhic Droighnein do’n taoibh thiar, agus an leath oile do Mhuigh Lacha do’n taoibh thoir agus Cill Cearbhuill do’n taoiph tuaidh, agus Dún na gCorróg do’n taoiph theas. Agus do ním-si Toirdhealbhach Mac Mathghamhna remráite baille seilbhe do Chriomthann Mac Cruitín chúm seilbhe sitheoilthe do thabhairt do’n tSeaan tuasana is in dtrian ceathramhuin sin d’á ngoirthear an leath iartharach do Mhuigh Lacha. Mar an gceadna admhuim-si Toirdhealbhach Mac Mathghamhna go bhfuil d’ualach oram féin, ar m’oidhri agus ar mo sighin oidhri an fearann sin do sheasamh agus do chothúghadh an aghaidh gach uile dhuine agus daoine ar na coingheallaibh tuasana do’n tSeaan tuasana da oidhri agus da sigin-oidhri, agus go bhfuil d’ualach oram dol do chor an sgriphinn so a bhfoirm dlígheadh ri Saxan mar oirdeóchus comhairleach dligheadh an tSeaain sin tuasana; agus mar dheimhniúghadh ar gach coinghaell diph sin do bheith seasmhach, agus ar a bheith d’ualach oram-sa. An Seaan O’Gillasheanáin tuasana sealbh síthoilte do thabhairt do’n Toirdhealbhach remraite is in Muigh Lacha tuasana iar gcaitheamh na n-uimhre bliadhan remraite gan fuasgladh agus iar nglacadh an fhuasgailte, iar sin do chuireas mo lamh ar an sgribhinn so agus chum an dentúr so bheanus re Toirdhealbhach Mac Mathghamhna agus bias ar a láimh. A gCluain Idir Dá Lá an naomhadh lá déag de Iulius in anno 1611.
                                                                                    John Gilinain.

(His seal was appended here, but is now lost, J. O’D).

Endorsed thus :-
Is iatt do bhí do láthair léagtha agus friotail an déntúir so ó fhocal go focal, agus do láthair an Toirdhealbhuigh as doigh do chur a láimhe agus a shéla chuige, na pearsoin a chuirfeas a lámha in ár ndiadh.

Byrne Mac Mahon, Christop. Curtyn, Another name illegible.

Is iatt so do bhí do láthair seilbhe an fhearainn do thabhairt do’n Chriomthann as doigh mar tá an O’Gillasheanáin as doigh is an leath iartharach do’n Muigh Lacha as doigh na pearsoin chuirfeas a lámha in ár ndiaidh.

(No signatures are, however, to be seen under this. J.O’D.).

 

Previous

Main

Next