Clare County Library
Clare History
Home | Search Library Catalogue | Foto: Clare Photo Collection | Search this Website | Copyright Notice

Ordnance Survey Letters by John O'Donovan and Eugene Curry, 1839

Parish of Noughaval (b)

In a curious Irish Deed in the possession of Mr. Michael Reilly of Inistymon, the Townland of Caher Mac Naghten, on which there is a castle is placed in this Parish of Noughaval and that Townland is also placed within the boundary of the Parish of Noughaval on the engraved Map from the Down Survey. I think the Boundary Surveyor is decidedly wrong in placing it in the Parish of Rathbornia. Where is his authority? Or does he become an authority himself? I shall here give a literal translation of this Deed, as it was never published, and in order to prove that the Boundary Surveyor is wrong, as indeed he generally is in dividing Parishes into Townlands! Will of Gillavanave O’Davoren, in the possession of Michael O’Reilly of Innistimon:-

Ughact Ghiolla na Naomh Óig Ui Duibhdabhoirinn a gcathair Mic Neachtain a gContae an Chláir a mBarúntacht Bhóirne, agus a bPoróiste Nuachongbhála, anns a mbliadhain d’aois an Tighearna, 1675, an ceathramhadh lá do mhí Abraon.

Bíodh a fhios ag gach aon duine éistfios, léighfios agus tuigfios an sgribhinn seo gur ab mar so d’aontuighiodar d’orduíghiodar agus do roinniodar clann Giolla na Naomh Óig Ui Dhuibhdabhoirinn ó cathair Mic Neachtain a bPoróiste Nuachongbhála, a mBaruntacht Boirne a gContae an Chláir .i. Aodh Mac Giolla na Naomh, agus an Cosnaighe Mac Giolla na Naomh ó’n gcathair reamhráite roint shiorraidhe, agus connradh siorraidhe ar an dá sheisrigh Baile d’fearann a n-athar agus a sean athar. Do chuadh connradh eatorra febh mar atá leith-seisreach cathrach Mhic Neachtain a bPoróiste Nuachongbhála, agus leith-seisreach Leas Dubháin agus Leasa na Luachranna a bPoróiste Droma Críce agus leith sheisreach Clomáin Bháire a bPoróisti Cille Cóirne, agus iad sin re chéile anns a mBarúntacht agus anns a Chontae reamhráidhte. Is í seo an roint ar dtúis: Ceithrimhe mír is sia siar do Chathair Mhic Neachtain febh mar gabhus an srothán dubh suas anns a tsliabh agus an cloidhe iartharach do’n Bhuaile Liagánach síos go n-uige an Urlainn Mhóir, cloidhe na h-Urlainne Mhóire féin timchioll ar an dtaobh siar síos go taobh na cathrach; agus leith-sheisreach Leasa Mic Taidhg agus ceithrime mír do leith-sheisrigh Cille Cholmáin Baire ar cuid Aodha Mac Giolla na Naomh Óig sin agus an ceithrimhe mír is sia sior do Chathair Mhic Neachtain mar gabhus an teóra chéadna, agus leith-sheisreach Leasa Dubháin, Leasa na Luachrain, agus an ceithrime mír oile do leith-sheisrigh Cille Cholmain Bháire ar chuid an Chosnaighe Mic Giolla na Naomh do’n fhearann céadhno sin.

Ag so roint Ceannáite Cathrach Mic Neachtain mar an gceadhno, .i. Áit Tighe Móir na cathrach astigh agus áit Tíghi na Ciostanac do bhí ag an Teach Mór sin anns a gcathair astigh, agus áit tighe ne reilge ar an dtaobh shiar do’n chathair, agus a bhfuil ó bhothar Gharraidh Taidhg Ruaidh Mhic Giolla Féichin siar do na garthaibh ar an dtaobh amuigh do Gharraidh Thaidhg féin ar chuid Aodha do’n ceann-áit sin, agus an tigh atá eidír éadan an Tíghi mhóir agus dorus na cathrach agus áit tíghe oille ar an dtaobh shiar ba thuaidh do’n chathair astig agus an tígh mór atá ar an dtaobh amuigh do dhorus na cathrach, agus a bhfuil ó Bearnán Fánáin an Tadhaill ar an dtaobh shior go Bóthar Gharraidh Thaidhg Ruaidh shiar agus an Garraidh sin féin do bheith ar chuid an Chosnaighe do’n cheann-áit céandha sin. Tuile-oile atá faithche an Bhuaile agus an bóthar ó’n bhFaithche siar go n-uige an mothar dturtánach, agus uisce an bhaile febh mar tá an Sruthán Dubh suas agus tobar an bhaile astig comh saor ag an gceann-áit sin re céile. Tuile oile, is é seo connradh an Aodha agus an Cosnaige eatorra féin ó thúis agus idir a n-oigreadhaibh go diongmhalta ionna ndiagh arís a dtimchioll an da seisrighe sin a dubhramar shuas, agus a dtimcioll gach fearoinn eile nach iad sin, ar a labhrann cart a n-athar agus a sean athar do réir na ndíntiúiríde do bhí d’fiachaibh orra sin re-céile, comh-shaothrúghadh comh-shamhail comh-barrántacht agus comh-cosdas plédála, agus seasamh na bhfearann sin re chéile do bheith orra féin agus ar a n-oighrídhibh ionna ndiaidh go sior-ruidhe a n-aghaidh gach aon duine dár chuir nó d’a gcuirfidh buaidhirt orra anns na fearannaibh sin re chéile no ar aon chuid díobh. Tuile oile dá dtigeadh buaidhirt do thaobh na bhfearannaibh sin, no pledáil d’fuasgladh fearainn céim ar bith ionna gcaillfídhe aon chuid do na fearannaibh sin, do bheith d’fiachaibh ar an Aodha sin agus ar an gCosnaige reamhráite ar a n-oighrídhibh ‘na ndiaidh an comhthrom sin de dhéanamh re chéile mar an gcédno.

Tuile oile atá d’fiachaibh agus do chonnradh ag an Aodh agus ag an gCosnaighe cédna sin ar a ceile: má bhíon duine dhoibh ag cur a chuid do (de) na fearannaibh sin a ngeall na a siorruídheacht uatha féin chum duine oile gan ar gcumas do a chur o’n bhfear oile iná fhéadann sé a réidhteach mar do dhéanfadh duine-oile agus muna bhféadaidh ní fuil ar gcumus do stainc do chur ar an té do réidhfeas í no go dtigidh aimsir a bhfuasglaidh arís. Tuile oile atá do chonnradh agus d’fiachaibh ag an Aodh agus ag an gCosnaighe reamhráidhte agus ag á n-oighrídhibh, ‘na ndiaidh ar a chéile. Gibé do na fearannaibh sin a dubhramar no fearannaibh oile nach iad sin do bheith a ngeall uatha araon no o dhuine dhíobh; gibe dhíobh da dtiocfaidh sin do fuasgladh ar dtúis do bheith d’fiachaibh air an bhfear oile a ionad féin agus a bharántacht do thabhairt do chum go bhfuasgladh í go feadh a fuasgailte uatha arís ar a mbiaidh dá diobháil ris. Tuile oile atá do chonnrad agus do chionghioll comhthrim idir an Aodh agus an Cosnaígheach ceadna sin, gibe díobh do rachaidh ó oighre diongmhalta do bheith ó na collainn féin aige an fear oile agus a oighridhe do bheith na n-oighrídhibh, agus ‘na seiciodúraibh agus ‘na síghnibh air anns na fearannaibh sin thuas do réir mar a labhras lorg a n-athar agus a sean-athar dóibh. Tuile oile gibé méid do chuid an Aodha sin nach áiteocaidh sé féin má fhéadann an Cosnaigheach a h-áitiúghadh atá d’fiachaibh air an Aodh sin gan toirmeasg ar bith uaidh féin do chur air acht cion an aiteóchaidh se dhi do shaoirse se, Shláine Ní Ghráda do bheith na dhiaidh air fébh mar atá bó shaor agus láir shaor anns a gceithrimhe mír da mbiadh ar aitiughadh do’n fearann do bheith ag Sláine. Agus mar dhearbhadh agus mar fiollsíngadh air gach nídh dá bhfuil sgríobhtha annsan annuas do bheith ceangailte, fosduighthe go siorraíde air an Aodh agus air an gCosnuigheach reamhráite orra féin agus air a n-oighridhobh, air a seiciodúraibh, agus air a sighnibh ionna ndiaidh go seasmhach atáim-se an t-Aodh sin ag cur mo láimhe agus mo shéale air an gcuid do’n sgríbhinn seo, atá ag an gCosnaigheach dom thoil agus aonta féin, agus táimse an Cosnaigheach do réir mo thoile agus m’aonta féin ag cur mo láimhe agus mo shéala air an gcuid do’n sgríbhinn so atá ag an Aodh.

An 3 lá do’n Abraon, 1675.
Giolla na Naomh Óg O’Dubhdabhoirinn.

Fiadhnaisighthe:-
Seamus Mac Gearailt.
Proinsias Sairseal.

 

Previous

Main

Next