|
Insan am atá faoi thrácht agam bhí bochtanas maoine agus dearóile aigne
ag baint le muintir an Chláir. Bhíodar díreach ag teacht slán ó shlat
na bPéin Dlithe agus bhí Fuascailt na gCaitiliceach á comoradh acu. Bhí
Ó Conaill i mbárr a réime ach bé réim an Bhéarla é óir ní raibh foighne
aige le Gaeilge. B'í teanga na mbochtáin agus an bhochtanais í agus ba
oiriúnach mar a bhaist Séan Ó Conaill dá chuid ainneoiseoirí an Ghaeilge
a chaitheamh uathu agus glacadh go h-iomlán leis an mBéarla. Tugtar leiriú
an-sceonmhar ar chúlú meas an phobail ar an nGaeilge tré shúile Mhichíl
Úí Raghailligh, graifneóir as Inis Diomáin ins an alt eolach a scríobh
an t-Ath. Pádraig Ó Fiannachta i 'Litríocht an Lae 1800-1850'.
Seo mar a chuireann
Mícheál Ó Raghallaigh síos air:-
"A léitheoir ionúin ná tabhair athais nó milleán orm tré olcas an
scribhainn atá sa leabhar so, óir is fear céirde mé agus is im' aimsir
dhíomhaoin do rinne mé an chnuasacht so. Dá bhrí sin ní féidir é a bheith
chomh slachtmhar le scríbhinn do dhéanfadh fíorchléireach. Ach thairis
sin, an tan do chonacas dom nach raibh aoinne de lucht mo chomhaimsire
ag cnuasacht a bheag de shaothar ár bhfilí do mheas mé gan iad uile do
léigint ar fán. Ach is beag an tairbhe iad do chosaint óir is náireach
lenár n-aos óg teanga a sinsear d'fhoghlaim. Dá bhrí sin ní bhia focal
Gaeilge sa ríocht i gceann céad eile bliain má leanaid an nós atá acu
lem chuimhne féin."
Chuidigh teacht na
Scoileanna Náisiúnta go mór le chreachadh na teangan óir níor tugadh áit
omósach dí i gClár na Scoile go dtí 1922. Ach ní go taismeach a thárla
an aisiompó seo ó bhí teagasc na Gaeilge imithe i bhfeidhm ar mhuintir
na hÉireann de bhárr sár obair na muinteoirí taistil a bhí fostaithe ag
Conradh na Gaeilge. I dtús an chéid bhí ós chionn 800 craobhacha den Chonradh
bunaithe agus ba reabhlóid teanga agus aigne a chuaigh i bhfeidhm go mór
ar gnáthmhuintir na hÉireann.
Sa bhliain 1899 tháinig
Tomás Bán Ó Coincheannain Priomh Thimire an Chonartha chuig an Chlár agus
é ag craobhscaoileadh soiscéal an Chonartha. Chuaigh sé i bhfeidhim go
mór ar mhuintir iarthair an Chláir. Féach ar an léarscáil agus feicfidh
tú gur shíolraigh na scríbhneoirí seo ó iarthar agus deisceart an Chontae.
B'í
Inis príomh bhaile an Bhéarla óir is ansin a bhí lár-ionad cumhachta riaracháin
sa dlí, scolaíocht, cumarsáid agus eaglaise. Tar éis Eirí-Amach '16 agus
toghchán de Valera don Chláir i mblian '17, bhí casadh na taoide arís
don naisiúin Gaelach de bhrí gurb é Teachta Dála an Chláir an ceannaire
naisiúnta. Bhí Cogadh na gCarad ann, cogadh a dhein an-dochar don tír
agus dá cheannairí ach pé rud faoi easaontas polaiticúil, bhí dilseacht
acu don Ghaeilge óir thuigeadar, má ba dhoiléir féin é, go raibh a Ghaeilge
i réim in Éireann róimh éag do Chríost.
Ba chuid dá meas ar
idéal na h-aithbheóchana bunú an Gúm chun leabhair Gaeilge a fhoilsiú
agus fónamh níos éifeachaí de theagasc na Gaeilge sna scoileanna. Bunaíodh
deiseanna árdoideachais tré Gaeilge don mhuintir a raibh sin uathu. Is
i ngort iliomairach na Gaeilge a d'fhuirsigh scríbhneoirí an Chláir atá
faoi thrácht agam - gort an oideachais, gort na fealsúnachta agus na claisicí,
gort an léinn agus na staire. Ba ghaiscigh iad uile, cuid acu ina nGaeilgeoirí
dúchais agus cuid bhí ina fhoghlaimeoirí ach gur chuir siad bárr shlacht
ar a n-eolas agus a gcleachtadh ar an dteangan sa chaoi go raibh siad
uile ar an bhárr amhain cumais. Is cloch beag ar an charn é an taispeántas
seo le linn an Oireachtais in Inis ar an ngaisce rinne siad. Is oscailt
súl dúinn ilgnéitheacht agus iltaobhacht a scoláireacht. Is mór againn
doimhne a gcuid smaointe agus a ndílseacht dá ndúchas. Thugadar dícheall
a mbeatha agus éirim a n-intleachta do shaothrú na teangan chun gur fearr
agus gur leithne agus gur doimhne ár dtuiscint uirthi. Ní miste dúinn
ár meas is ár n-omós a thaispeaint dóibh. Is i labhairt, i léamh agus
i scríobh ár dteanga is fearr a cheiliúrfaimid á ngaisce siúd.
TUAIRISC AR NA
SCRÍBHNEOIRÍ
Michéal
Ó Ciosóg (1847-1906)
Rugagh é i gCairn, Co. an Chláir 1847. Gaeilgeoir dúchais ba ea é. Oileadh
é ina mhuinteoir agus d'oscail sé an Civil Service
Academy i mBaile Átha
Cliath 1878. Bhunaigh sé Irishleabhar na Gaeilge 1882. Bhí sé ina chomhbhunaitheoir
ar Chumann Luthcleas Gaeil 1884 in nDúrlas Éile. Scéal a bheatha scríofa
an Bráthar Ó Caithnia - 'Míchéal Ciosóg'. Foilsíodh an dara bheatháisnéis
air - 'Michael Cusack and the G.A.A.' le Larcus de Búrca 1989.
Stiofán Ó h-Ealaoire
(1858-1944)
Rugadh Stiofán Ó h-Ealaoire i 1858 i mBaile uí Choileain in aice
Sráid na nIascairí i dtuaisceart an Chláir. Bhí cáil an bhéaloideasa air
mar a bhí ag a athair agus a mháthair. Tháinig Séamus Ó Duilearga chuige
i 1930 agus d'aithin sé an taisce mór béaloideasa a bhí i gceann Stiofáin.
Chrunnigh sé an stór sin ar feadh na mblianta ó 1930 go '43 agus b'é a
thuairim gurb é Stiofáin "an cainteoir Gaeilge is fearr a casadh
riamh orm in aon áit in Éireann". Tá tuairisc ar bheatha Stiofáin
maraon le stór iomlán a scéalaíochta i 'Leabhar Stiofán Uí Ealaoire' a
chóirigh Daithi Ó hÓgáin.
Fiachra Ó Dubhthaigh
(1935-1987)
Rugadh é i Lios Cheannúir. Fuair sé oideachas i Scoil na mBráithre
in Inis agus i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath (BA agus ATO).
Ghnóthaigh sé céim M.Ed. i gColáiste na Tríonóide. Chaith sé a shaol muinteora
ar fad i scoileanna iarbhunoideachais i mBaile Átha Cliath. Fuair sé post
mar léachtóir i gColáiste Oideachais Eaglais na hÉireann i Ráth Maonais.
A shaothar foilsithe:
Buntús Foclóra, Buntús Tearmaíochta. Leargas ar 'Dúil' Uí Fhlatharta.
Leargas ar Scéalta 'Bullaí Mhartain'. Onóracha sa Ghaeilge - treoirleabhar
teanga.
Briain O Luanaigh
(1828-1901)
I Móin Riail in aice le Inis Diomain a rugadh é. Chaith sé tamall
i Modhscoil Talmhaíochta i gCathair Seirgín. Ghlac sé páirt in Eirí amach
Bhaile an Gharraí 1848. 1857 bhí sé ag cóipeáil láimhscríbhinní do William
Smith O'Brien agus b'eisean scríobh leath de láimhscríbhinní d'fhág O'Brien
le huacht ag an Acadamh Ríoga. Chuir sé eagar ar 'A collection of peoms
written on different occasions by the Clare bards in honour of the McDonnells
of Kilkee and Killone'. Chuir sé eagar ar 'Dánta Aindrias Mhic Cruitín'.
Ó 1871 i leith bhí sé ina bhall d'Acadamh Ríoga na h-Éireann agus ceapadh
é ina leachtóir le Gaeilge in Ollscoil Ríoga na h-Éireann i gcomharbacht
ar Ó Comhraí.
Tomás Ó h-Aodha
(1866-1935)
Rugadh Tomás Ó h-Aodha i Sráid na Cathrach i 1866 agus dhearbhaigh
sé go raibh an Ghaeilge thart timpeall an cheantair le linn a óige. Oileadh
é ina mhuinteoir gColáiste Phádraig, Dromconrach agus is le muinteoireacht
agus ceol agus drámaiocht a chaith sé iomláin a shaoil. Fear mór ceoil
b'ea é agus deirtear gurb é an muinteoir ba thúisce a mhúin na h-amhráin
Gaeilge leis an Solfa Tónach. Bhí roinnt drámaí scríofa aige a bhain duaiseanna
Oireachtais i 1909-'11. D'fhoilsigh sé 'An Solfathóir Gaelach' 1922. D'fhoilsigh
sé 'An Gioblachán', 'An Serabhadóir', 'Mainichín', agus dhá leabhar gearrscéalta
'An Figheadóir agus Scéalta Eile' agus 'Giolla na Leisce agus Scéalta
Eile'.
Seosamh T. Ó Ceit
(1868-1928)
Rugadh Seosamh Thomáis Ó Ceit sa bhFairche, idir An Dún Beag
agus Cill Chaoi, sa bhliain 1868 agus fuair sé bás sa bhliain 1928. Fuair
sé a chuid oideachas i scoil náisiúnta an Bhainseach, agus i scoil Chill
Chaoi. Bhí sé á oiliunt i gColáiste Dhroim Connrach mar mhuinteoir náisiúnta
in 1886 ach níor éirigh leis an cúrsa dhá bhliain a chriochnú ann de dheasca
a dhroch shláinte. Chuaigh sé abhaile agus d'fhan sé ag obair ar an bhfeirm
lena mhuintir, agus é ag gabháil don Ghaeilge istoíche.
Tháinigh Tomás Bán
Ó Coincheannain an treo sa bhliain 1899 agus cuireadh craobh ba Fairche
de Chonradh na Gaeilge ar bun agus bhí Seosamh T. Ó Ceit ina mhuinteoir
uirthi.
Scríobh sé prós, filíocht
agus drámaí. Tá ós cionn triocha dá chuid amhrán le fáil sna hirisí 'An
Claidheamh Solais' agus 'Fáinne an Lae'. Cuireadh dráma dá chuid, 'Maon',
i gcló sa bhliain 1924. I lámhscríbhneoireacht an fhir seo tá na scríbhinní
seo a leanas: 'An Cuire', dráma aonghnímh, 'Dioghaltas Draoi' dráma trí
ghníomh, 'Dornán Síl', ocht gcinn déag d'amhráin agus dánta, agus 'Fearghal
i dTir na nÓg' dán an-fhada, eipic b'fhéidir, ina bhfuil 129 véarsaí.
Daithí Ó Coimín
(1854-1907)
I Sráid Anraí, Cill Rois a rugadh é i 1854. Le Béarla a tógadh
é agus ní raibh eolas maith aige ar an nGaeilge labhartha riamh de réir
tuarisc Séamus Ó Dubhghaill a bhuan chara. Ba cléireach bainc é sa Bhanc
Naisiúnta i mBaile Átha Cliath. Dúirt An Chraobhín faoi - "An Gael
ba dhúthrachtaí a casadh riamh orm go dtí seo". Bé a bhunaigh Irisleabhar
na Gaeilge 1882 agus bhí sé ina eagarthóir air go dtí 1887. Fear mór smaointe
chun cursaí na Gaeilge a phoibliú ba ea é agus glacadh sé féin le tromlach
na h-oibre. Chuir sé eagar ar 'Laoi Oisín i dTír na nÓg' (1880) (Mac Griomhartha
Fhinn) (1902). 'Foras Feasa ar Éirinn' (1902).
Dr. Domhnall Ó
Mathúna (1872-1942)
Rugadh and Dr. Domhnall Ó Mathúna i Sráid an Mhargaidh, Cill
Rois i 1872. Ba shiopadóir a athair. Fuair sé scolaíocht ag na Bráithre
i gCill Rois, i gColáiste Fhlannáin, Inis, agus Coláiste Cluain Gabhann,
Baile Átha Cliath. Bhí an-spéis aige ins na teangacha claisiceacha agus
d'eirgh thar barr leis ionta. Bhain sé céim dochtúir le leigheas amach
agus bhí sé ag cleachtadh leighis i gceantar Glasnaíon. D'fhoghlaim sé
Gaeilge ó leabhair an Athair Peadar agus de thoradh a staidéir ar an teanga
scríobh sé 'Cruinneas Cainte' (1923) agus uaidh sin amach tháinig beart
mór leabhar den scoth óna pheann - aistriucháin iad ar litríocht na Róimhe
agus na Gréige. Tháinig 14 leabhar óna pheann agus mhol Mícheál Ó Griofa
a chuid Gaeilge agus a stíl aistriucháin go h-árd.
 |
|
Eoghan
Ó Comhraí (1794-1862)
I nDún Átha ar bhruach na Sionainne a rugadh Eoghan
Ó Comhraí duine de na scoláirí Gaeilge ba mhó le rá sa chéad seo chaite.
Seal i mbun feirmeoireachta, seal i mbun scoile agus ansan fuair sé post
sa Gealtlann i Luimneach (1827). Fuair sé post in Oifig an Suirbheireacht
Ordanáis (1835). Ceapadh é ina Ollamh le Seandálaíocht agus Stair na hÉireann
san Ollscoil Chaitliceach in 1854. A phríomh obair ná 'Lectures on the Manuscript
Materials of Ancient Irish History' agus 'Manners and Customs of the Ancient
Irish'. Fuair sé bás sa mbliain 1862. Dhá leabhar ar a bheatha: 'Síoladóirí'
le Brathair Criostúil, 'Séan Ó Donnabhain agus Eoghan Ó Comhraí' le Éamon
de hÓir.
Annraoi de Blác
(1884-1974)
Rugadh Annraoi de Blác i gCill Bheathach in iarthar an Chláir.
Gaeilge aige ó dhúchas. Thug an scoláire Nils. M. Holmer cuairt air agus
é ag déanamh taighde dá 'The Dialects of Clare'. B'é a theist ar Annraoi
- "A very good speaker". Nuair bhí An t-Ath. Séamus Ó Dea ag
tabhairt seanmoir Gaeilge i gCill Bhaile Eoin Lá 'le Pádraig 1962 fuair
sé amach go raibh Gaeilgeoir duchais ina lucht éisteachta. Nuair bunaiodh
Foras Uí Chomhraí i gColáiste Charraig a' Chabhaltaigh ceapadh Annraoi
mar an chéad Ollamh ar an bhForas. Bhuaigh sé an chéad duais sa scéalaíocht
ag Oireachtas 1971. Rinne R.T.E. clár 'Féach' faoi, thug sé leacht i Magh
Nuad. Fuair sé bás i 1974.
Seán O hOgáin
(1869-1947)
Rugadh Seán Ó hÓgáin i gCill Mhichíl i gCo. an Chláir in 1869.
D'éirigh leis post fhail sa státsheirbhis sa bhliain 1884. B'é tuiscint
an teaghlaigh gur thaistil sé le Mícheál Ciosóg go Dúrlas Éile an lá bunaíodh
Cumann Luthchleas Gael. Chabhraigh sé leis an Ath. Éamonn Ó hÓgáin chun
'An Luibhleabhrán' a ullmhú. Ó 1900 bhí post sínsearach aige i Roinn na
Talmhaíochta. Scríobh sé leabhar mór 'Contae an Chláir' (1938). Bhí sé
ag scríobh leabhair ar logainmneacha ach níor éirigh leis é chriochnú.
D'éag sé i 1947.
Mícheál Ó Griofa
(1869-1949)
Rugadh Míchéal Ó Griofa i gCathair Aoidh, Lios Uí Chathasaigh
in 1869. Chloiseadh sé Gaeilge sa teach agus bhí tuiscint gleineach aige
aurthi. Le muinteóireacht chuaigh sé ar feadh seal de bhlianta. Fuair
sé an dara h-áit in Eirinn agus sa Bhreatain i gcomortas d'oifigigh chustaim
agus máil. Bhí sé i mBéal Feirste, Glaschú agus Baile Átha Cliath. Ó 1922
bhí sé ag obair sa Roinn Oideachais agus chaith sé formhór dá shaol ag
obair san Gúm. Ba scríbhneoir cumasach é. Scríobh sé 'Lorgaireacht', 'Bean
an Bhrait Bháin', 'Briathar Mná', 'Buaidh na Treise', 'De Dhriom na nAille',
agus 'Cathair Aoidh' a bhuaigh Duais an Chraoibhín i 1937. Scríobh sé
bunleagan 'Bunreacht na hÉireann' (1937). Fuair sé bás i 1946.
An tAth. Seoirse
MacClúin (1894-1949)
Rugadh Seoirse MacClúin i gCeapadh Rua, sa Scairbh i 1894. Fuair
sé mean oideachas i meanscoil na nIosánach i Luimneach agus i gColáiste
Fhlannáin, Inis. Chuaigh sé go Mánuat mar ar oirdníodh ina shagart é i
1917. Bhí sé ar dhuine de bheirt bhí ar aon chéim do Scoláireacht Phiaras
Uí Mhaoileoin bhí oscailte don tír ar fad. Ceapadh ina ollamh le Gaeilge
i gColáiste Fhlannáin é i 1919.
Ar na leabhair a scríobh
sé bhí: 'Reilthíní Óir' 1 & 2 - abairtí a bhailigh sé sa nGaeltacht
agus iad minithe i nGaeilge. 'Caint an Chláir' 1 & 2. 'An Litríocht'
agus 'Róisín Fiáin na Mara'. Ba shagart é dhein gaisc i scoláireacht na
Gaeilge ach ní bhfuair sé an t-aitheantas chuí. Fuair sé bás i 1949.
Foinsí:
'Beathaisnéis 1 & 2. Le Diarmuid Breathnach & Máire Ní
Mhurchú.
'Léas ar Ár Litríocht'. Leis an Ath. Pádraig Ó Fiannachta.
'Ó Donnabhán agus Ó Comhraí'. Le Éamonn de h-Óir.
Clare County Library
wishes to thank Clare
Local Studies Project for preparation of text for this publication.
Back
to History
Back
to Clare People
|