Clare County Library
Clare Literature
Home | Search Library Catalogue | Foto: Clare Photo Collection | OS Maps | Search this Website | Copyright Notice

Ar Bhás Uaisle na Cluainíneach

I
Is dursan an duan, monuar ! le hinnsint,
Bláth na n-uasal go fuar fá líogaibh ;
Cnú na leoghan ba mhó ar shliocht Mhíleadh,
‘S is cumha do’n chóig’ an treon bheith sínte !

II
Sínte ó d’fhág an bás an seabhac fial,
Is díth do chách go bráth é dhul i gcriadh,
I nInis Fáil níor fhág againn ‘na dhiaidh
Fear dob’ fhearr deaghcháil chum sluagh do riar.

III
Ag riar gach maitheasa níor bh’fhada leis a shaoghal choidhche,
‘S a ghlaca geala ag freastaladh na bhfaon ndítheach ;
An drong taisdiolach ‘na ndreamaibh ag téacht timcheall,
Ag fagháil tabharthais is beatha suilt i gCluainíneach.

IV
Cluainíneach bhí roimhe seo sealad faoi bhláth,
Anois níl crainn ann, níl luibheann ann ‘ná toradh le fagháil,
Níl fíonta ann, níl saill ann ‘ná eachraidh ráis,
‘S mo dhíthchreach an ríoghain ‘sa cuideachta bhláith !

V
Bláth na mbrídeach an fhaoileann gheanamhail mná,
De threibh taoiseach na Craoibhe ‘s i ngaisce rug bárr,
‘S d’fhuil ríghthe na Muimhneach ‘seadh d’easgar an bháb,
‘S a dís mac i gCríoch Luirc ní raibh a samhail le fagháil.

VI
Fagháil amharca níl again-ne go críoch ár saoghail,
Ar mharcradh chomh taithneamhach i ngnaoi ‘s i sgéimh ;
I gcló aingeal as Flaitheas bhí suidheamh na laoch,
‘S is doilbh liom Clár Bhanba bheith ag caoidh ‘na ndéidh.

VII
‘S i ndiaidh na bhflatha do chleachtadh ‘na dtimcheall cliar,
‘S i ndiaidh na leanbh nár chealgach croidhe ‘na gcliabh,
‘S i ndiaidh na ndragan lán-chalma ó Chill Áirne aniar,
Tá deora fola dá bhfrasadh ag mná sidhe na gciabh.

VIII
Ciabh-sgaoilte na ndlaoithe ar dhath luisne do’n ór,
Ghluais ríoghana sidhe ba dheise ar bith cló,
‘S na Sirens ón dtaoide i gcuideachtain leo
Ag gear-chaoineadh na buidhne a d’imthigh ar feodh !

IX
Ar feodh san uaig do chuaidh an rígh-mhíleadh,
Do’n dearóil is truagh is tá na huaisle ag éagcaoineadh,
Tá ceo go buan ar Thuadhmhumhain ‘s beidh choidhche
Ó threoraigheadh uatha an suairc-fhear glan-ghníomhach.

X
Ba ghníomhach é an taoiseach ‘s i ngaisce lá an ghleo,
‘S a chloidheamh glas i n-a aoil-chrobh ag treasgairt an tslóigh,
A fholt dlaoitheach ‘na bhfínnsidhe casda mar ór,
‘S a rinn-ruisg mar oighre go criostalach beodha.

XI
Ba bheodha-ghríosach na caortha ag taithneamh ‘na ghruaidh,
‘S an caoinlile tríotha ag fagháil treise ‘s buaidh ;
Nuair shuidheadh ar each rinnceach ‘sa tseilg go buan,
Dob’ aoibhinn an radharc é i dtosach an tsluagh.

XII
Sluagh triatha gan fiadhaile bhíodh ‘na fhochair ar bórd,
Duain bhriathra bhinnchiallda dá n-aithris do’n chóip ;
Geoin bhiadhtach an fhial-bhrogha ag caitheamh gach sógh
‘S gáir fiagaidhthe rianacha ‘s cruitirí ceoil.

XIII
Ceol aerach na ndréachta ‘s reacaireacht an domhain
‘Sgríobh Céitinn ar Éirinn agus Leabhar na Mumhan ;
Na héigse go léigheanta dá seanchas dúinn
Gur géag ghlan den cedar thug fosgadh do’n dún.

XIV
I ndún féastach na féile ba mhinic ‘na suidhe,
Naomh-chléire is iad gléasta i gculaithe Chríost,
Céasadh Mhic Dé aca dá aithris mar bhí
Is an séimhfhear go héigneach dá bhfreagairt ‘s ag guidhe.

XV
Tá guidhe an Phápa is na mbráthar led’ anam do shíor,
A fhir chráibhthigh do ghráidh an Creideamh id’ chroidhe,
A Dhia láidir led’ ghrásta ‘chúm muir agus tír,
Beir é i n-áirde gan cháirde go Flaitheas gan teimheal.

Dánta Sheáin de hÓra