Clare County Library
Clare Literature
Home | Search Library Catalogue | Foto: Clare Photo Collection | OS Maps | Search this Website | Copyright Notice

Ar Mhuircheartach Mac Mathghamhna na Cluainíneach agus ar Mháire, a Bhean

I
Gluaiseas féin is maighre suairc,
Ó’n taobh ó thuaidh chois taobh na ngeal-liag,
As sin siar go Rinn na gCuach,
Ó íochtar Tuadhmhumhan go Béal Átha Seanduin ;
Mar is annsin a cluintear adharc is uaill
‘Cuirfeadh im’ shuan mé i ngéagaibh faillighe ;
Cia fheicfinn-se i dtosach soillse an tslóigh
Acht Muircheartach Chluain ba thréan i ngaisce.

II
Is é is deise do shuidheadh ar dhruim eich ruaidh,
Mo thaoiseach óg, ba theann an gaiscidheach ;
‘S go nglanfadh third dá aoirde an badhbhdhún,
‘S go mbíodh na slóighte ‘n a dhiaidh ar bonnuighibh ;
Ba dheallraidhe é ná fíodhbhach ar nóin
Ag cóimhling leo ins na tréanaibh reatha,
Trí ceart mile bhíodh mo leoghan
Sínte rómpa ‘s an fiadh ar bheannaibh.

III
Ba gheal a píob ‘s a clí mar aol,
A caoin-chorp séimh ‘s a béilín tanaidhe,
A mala caomh ar thaobh an tsléibhe,
‘S b’aoibhinn geal a péidhre mamaí ;
Do léim ‘na diaidh an ríogh-ghas óg
Do sheas an troid go módhmhail maiseach,
Nó go dtug sé d’isi lámh ‘s póg,
Ba bhinne i nglór ná ceol na n-ealaí.

Dánta Sheáin de hÓra