Clare County Library
Clare Literature
Home | Search Library Catalogue | Foto: Clare Photo Collection | OS Maps | Search this Website | Copyright Notice

Ar Phósadh Mháire Nic Dhomhnaill Chill Chaoi
Muircheartach Mach Mathghamhna na Cluainíneach

I
Sgéal nua do chualas ní mór dúinn a sgríobhadh,
Gur sginn uainn uaisle Tuadhmhumhan gan seachmall,
Plannda na sguab-fholt ó chuan Chill Chaoi aniar
‘Na luighe ‘sa Chluain, gura buan a mhairfidh ;
Tá éaghmuis ar Stamer, nach maith leis an roinnt,
Réalt an tsolais bheith dorcha ón tsoillse ;
Céard é sin do’n bhuachaill ‘fuair aithghearradh ‘na thimcheall,
Do rinne imirt go luath, ‘sní dual go gcasfaidh.

II
Gléastar dúinn teinte cnámh, líontar gach corn glan,
Go n-ólaimid sláinte na mná gan chealg ;
Plannda do shíolraigh ó’n fhíor-fhuil Mhilesius,
A samhail le fagháil ar áilne is deacair ;
‘Sí Máire inghean tSéarlais, péarla an chúil fhinn,
Is deallraidhe a haol-chrobh ‘na eala ar an dtoinn,
Is fearr ná an Lomar Órdha ghnóthaigheadh le Iason,
Do chuaidh ar Ó hEághra go bráth gan casadh.

III
Is clú ceart do’n Mhumhain í, lonnradh thar bhéithibh,
‘Sí plúr na mban maordha í ar mhéinn ‘s ar mhaise ;
Gur iomdha flaith ionnraic bhí a súil léi mar chéile,
Cúpid tar éis bheith tréigthe ‘síor-dhearcadh ;
Tá an báire go réidh léi gan buidheachas do’n tsluaigh,
Tá bláth na subh-chraobh ar an dtaobh dheas dom leoghan,
Fágaim faoi Guilion an cúpla le chéile
Is cinn díobh bheith saoghalach, séanmhar, sleachtmhar.

IV
Is maordha an chéile fuair marach na Cluanach,
Is ionmhuin dó choidhche í gan díth gan deacair ;
Sólás i gcomhrádh ‘s i gceileabhradh le chéile,
Ní doichill, ach sógh bheith go buan ‘n a farradh ;
Níor bh’é sgéal Chonaill Ghulbain d’fhan uair ar an mbeinn,
Tráth chaill an bhean mhórdha le codladh dubh draoidheacht’,
Ní hé sin do’n leoghan ó mhór Chinne Léime,
Níor leig an bhean leo, cé gur mór a ngaisce.

V
Ag Cill Chaoi cois feorann bhí gleo mór is teinnte cnámh,
Cáirdeas Saint tSeorsa ar an ógmhnaoi ghasda,
Guidhim leis na h-óig-fhir thug leo í ó thír na laoch,
Thríd an mhuir mhóir gan bhrón gan bascadh ;
Lean seisear ‘s mile iad ‘s Donn Fírinneach na Daibhche
‘Cur dubhslán ó chroidhe ortha, ‘s a síor-chaitheamh saighead,--
Gur éirigh mo choileán seacht gcaisleáin ar aoirde,
Gur fhág aca slán ‘s na gártha beannacht.

VI
Tá aoibhneas ‘s ceo meala ar bharraibh crann sléibhte,
I ndiaidh na h-ógmhná is ró-bhreagh lasadh ;
Draoithe re mórdhacht commóradh le h-éanlaith,
Go binn bog beo do onóir do’n ghile fhinn ;
Tá cuallacht Mhic Mhathghamhna ag sgairteadh dá bhrigh sin,
Do chualas gan mhagadh gur leathnaigh a gcroidhe ;
Níor bh’fhiuntach dá ndóighdís le mórtas leath Éireann,
Fíon saic d’ól ‘s beóir do roinnt.

VII
Nach aoibhinn don Tuadhmhumhain gur ghluais an gheal-chraobh ann,
Plannda nár chruaidh ‘s nár dhual dí casadh ;
‘S gur síneadh í chughainn anuas ó chlanna Gaedheal glas,
Isí an ghlóire mhór í ar chuallacht fhada ;
Is úr fairsing Gaedhealach í, déirceach gan phoimp,
Báintreibh ‘s sluagh bacach chuairtigheas críoch Éireann,
Lucht galair gan treoir, easláin ‘s dallaibh.

VIII
Mo ghrádh-sa an té tháidhbhrigh ar Mháire Nic Dhomhnaill,
Dá caidreadh gan bhrón ó neoin go maidin,
Go mb’fhearr í ‘na daidhbhreas ná saidhbhreas na Fódla
Le púicín mná cróine ó bhórd Chille Dara ;
Tá méinn innti ‘s mórghacht ‘s fóirthint don tír,
Scéimh-chruth i gcló fola, dóithin mhic ríogh ;
Níl árd-fhlaith dá shaidhbhre nó dá mhéid san Roinn Eorpa
D’fheicfeadh a cló nach nglacfadh í i n-aisge.

IX
Is péarlach a trom-fholt i mboghaibh fionn’ meadhardha,
Ag sleabhcadh ‘na deabhaidh ó bhonn go baitheas,
A h-aol-chrobh is leabhaire, ‘s a ceann snoidhte caoldeas,
A héadan tais modhmhail, ‘s a fabhraí deasa,
Is suairc glan a déighdhearca mar fhéar ghlas ag téacht,
Mar lonnradh na gréine tré léar-ghloine ‘triall ;
Is breagh grinn a labhrann sí ‘s is foghlumtha a béasa,
Dar fearta na Naomh ‘sí togha na mban í!

X
Mo ghrádh-sa, mo Chaesar, ‘thug Phoenix gan sgíth leis,
Is í mar ré gan néal gan sgamall,
Go dtug solas a céibhe soiléir sa tslighe díobh
‘S fíoghar na gcaor a téacht i n-a leacain ;
Is cóir dúinn a áireamh gur dalta í ‘fuair meadhair,
Siúir dhílis ghairid do Bhrian Banba an t-oidhre,
Rí ceart Chláir Éibhir ‘chuir léirsgrios ‘s díbirt
Choidhche ar na Danair, cia dhéanfadh air aithris?

XI
Is plannda, is glóir í nár feoghadh le siantaibh,
Do shíolruigh ó phór na leoghan ‘s na ndragan :
Sir Donnchadh cródha, Sir Domhnall, Sir Éadbhard,
D’fhuil Ír mhóir í ‘s d’fhóirneart Alban ;
Is breaghtha í ná Méadhbh na séad ‘chaitheadh saighead’,
Ná an bhánchnis sin Helen ‘thug léirsgrios na Traoi ;
Is dí-si ba choir an t-Ubhal Óir a fuair Bhenus,
Nuair sháruigh sí i n-úrchló Juno agus Pallas.

XII
Ba dheallrach an cliar úd le Fianna na hÉireann,
Fá íochtar Chinn Léime i réim ‘s i ngaisce ;
Nár mhór leo a raibh thiar díobh ná Piaras Mac Léisigh,
Ba chóir dóibh bheith buidheach tráth claon ar mheathtacht ;
Ba thréan an Cúchulann díobh Éamonn Ó Briain,
Ba bhaoghal díobh a phiostal, nó gur staonadar siar,
Caesar na Gréig-fhola ‘steallfadh na céadta,
Hector teann tréan chun piléar do ghreadadh.

XIII
Bhí sgoilte na gaoithe im’ ríoghmharcach éadtrom,
Do dhéanfadh díobh gríosach go luath ar thalamh;
Do ghoinfiodh an croidhe aca le cruiadh-fhiodh caol-dair,
‘S nach n-iarrfadh cloidheamh ná teinte airm ;
Fear an Daingin ‘sé mhaidhm ortha, fíor-churaidhe an sgléip,
Do leagfadh trí dhís díobh le haon dorn dá chléith,
Séamus geal inntleach, groidhe-fhear sin Éames,
Do chuirfeadh gan phíob iad ag rinnce ann treasna.

Dánta Sheáin de hÓra