Clare County Library
Clare Literature
Home | Search Library Catalogue | Foto: Clare Photo Collection | OS Maps | Search this Website | Copyright Notice

Do Ó Donnchadha na Fleisce

An gcuala sibh an sgéal beag nuadh atá againn-ne,
Gur ghluais chughainn cóip an óir ‘s an airgid,
Ó Donnchadha mór ó bhórd Ghleanna Fleisce,
Le beith pósda i gCarraig an Chabhlaigh ;
Áilne an domhain ‘s is breaghachta gnaoi
Go dtáinig chughainn toghadh ‘s rogha an leoghain ;
Ba chosmhail le Fionn Mac Cumhaill an preabaire
I dtosach an tslóigh ag siubhal go rachmhasach ;
Is fear é dar liom ós cionn a bhfacamar
D’óigfhearaibh greanta ‘bhí i ngrádh léi ;
Is gairid go dtéighidh sí go hoidhre Ghleanna Fleisge,
An fíorfhlaith fialmhar, fiallach, fialmhaiseach ;
Marcach maith tréanmhar, taidhleach, tacaireach,
Croidheamhail, geanamhail, grádhmhar, gaisceamhail ;
Is ró bhreagh tásc a ghadhar ‘s a eachraidhe
Ag imtheacht ‘na saighead’ i ndiaidh na ngarbh-chnoc,
‘Leanamhain groidhe-phoc go meidhreach meanmnach
Tríd na mallmhuire báidhte.

Dánta Sheáin de hÓra