Clare County Library
Clare Literature
Home | Search Library Catalogue | Foto: Clare Photo Collection | OS Maps | Search this Website | Copyright Notice

Gléastar sin Cóisir

(Fonn : Charlie Come over the Water.)

I
Gléastar sin cóisir do Sir Eduard Druim Ólainn,
‘S do Bhurton bhreagh na lásaí ;
Na Hicmans is dóigh liom gur cuideachta chóir iad,
Má thigid ag ól linn géabhaid fáiltí
Ó’n laoch leabhair óg úd dá ngoirthear Mac Domhnaill,
‘Tá ag feitheamh ar sport d’fhagháil i dtráthaigheacht ;
‘S an fiadh-so ‘tá ‘gabháil dúinn ag milleadh ár gcuid eornan,
Is thóg sé uainn mór-thoradh ár ngáirdín.

II
Cia chidhfeadh an leabhar-ghas go meidhreach ar sheang-each,
Do shíolraigh anal chughainn thar sáile ;
Is fiadh mór na mbeanna ó íochtar na ngleannta
Ar thaobhchnoic is é a feall-rith an fhádhail-ghrinn.
Na saoithe eile i dteannta aige suidhte i gclampar,
Seacht mile ‘na dhiaidh ann ‘sna fásaibh ;
‘S go gcuirfinn mo gheall as an righ-mharcach ranntach
‘San gcóimhlíon go ndallfadh an dá chríoch.

III
Mo chara-sa an t-úrghas thar fearaibh na cúige,
Ba cheannasach cabharthach den lain-ríoghacht ;
‘Tá maiseamhail, múinte, lannamhail, lúthmhar,
Mac Domhnaill an t-óigfhear is áilne gnaoi.
Ar bhínnse na cúirte, nuair ‘shuidheann sé faoi phúdar,
Bíonn Galla-chóin ag comhrádh le sgáth roimhe ;
Go mairidh don chlú úd thug barra na Mumhan dó
‘Sgo gcasadh ó Lonndain chughainn slán-bhríoghach.

IV
A shliocht Fheidhlim Mhic Sheoirse ‘eirigh le Ióseph,
Agus adhantar libh mór theinte cnámh síos,
Go bhfagham ar na bórdaibh gan mhoill ar an nóiméad
Neart fíon’ agus beorach ó’n Spáinn aoird.
Bímídne go modhmharach, go haoibhinn, caomh, ceolmhar,
Le meidhir agus mór-shult gan cháirde ;
Suidheam síos agus ólam sláinte Mhic Dhomhnaill
Chille Chaoi, na seoda ó’n dtráigh mhín.

Dánta Sheáin de hÓra