Clare County Library
Clare Literature
Home | Search Library Catalogue | Foto: Clare Photo Collection | OS Maps | Search this Website | Copyright Notice

Is Tuirseach Claoidhte

Seán :
Is tuirseach claoidhte taoim-se ó bhád na seol,
I srianntar taoide taoibh le Árd na h-Óighe,
Am’ thúrna ó tuinn go tuinn ar lár an scóid,
Ar chúl mo chinn ‘s mé adh iarraidh snámh go feóir.

Cúrfa :
‘Se mo chreach ‘s mo dhíth gan mé ‘rís im’ bhuachaill óg,
I dtúis an tsaoghail ‘s an aois bheith bhláthmhar óg,
Go siubhalfainn Tír Fo Thuinn is clár na Rómha
Le Siún Ní Gríobhtha an righbhean áluinn óg.

Siún :
s tuirseach claoidhte ‘taoin tú lán de phóit,
‘S gur i gcomhair na dighe ba bhinn leat sádhadh go deo ;
Má d’fhúig tú thíos mo chíos i dtábhairne an óil,
Sin cúl mo chin leat choidhche a Sheáin de Hór’!

Cúrfa

Seán :
A rúin mo chroidhe-se, bí-se fáilteach rómham,
‘S ionntaigh liom de bhrigh go dtángas beo ;
Níor chaitheas cíosa bruighean le gárta gleo,
‘S bhéarfad curfá an Bhíobla dhíbh ná dearnas ól.

Cúrfa

Siún :
Ná spailp-se an Bíobla acht cuimhnigh ar bhás an tslóigh,
‘S gan púnc de’n fhírinne id’ chroidh-se tráth a Sheoin,
Acht leabhair ‘s laoithe baois is bláirníocht mhór,
‘S tabhair cunntas díreach cruinn cad fáth do bhrón.

Cúrfa

Seán ;
Do bhéarfad cunntas díreach dhíbh cad fáth mo bhrón,
‘S cad d’ionntaigh sinn arís ar Árd na h-Óighe,
Gur bh’í Cupid chaoin Liosdaoin nár cáineadh fós,
Gur siúd trém’ chroidhe-se saighead d’á grádh go deo.

Cúrfa

Dánta Sheáin de hÓra