Clare County Library
Clare Literature
Home | Search Library Catalogue | Foto: Clare Photo Collection | OS Maps | Search this Website | Copyright Notice

Pas Chonchubhair Uí Mhadagáin

I
A Chonchubhair ghroidhe Uí Mhadagáin go mbeannuighidh
pearsa Dé dhuit,
Iompuigh chugham do chúis a ghrádh, ‘s corruigh í má fhéadair ;
Anois ó chím gur lag ataoi is do chine bhocht gan faoiseamh,
Siubhail an tír go ragarnach id’ bhacach aoibhinn aerach.

II
Seachain-se Tadhg Chathail ort nó Pádraig fada an sméirle
Ó Fearghaile gan dearmad ná leig i bhfad t’arrears leis,
Tóg do chíos go hacfuinneach in aimsir gacha féile
Is brúig i gcéin le bachallaibh má dhiúltiughid a ndéirce.

III
Tá croiceann gabhair is canainí an leasuighthe ag an bPaorach,
Is maith an t-adhbhar le hamharc air ‘s chun taisilí do dhéanamh ;
Tabhair cúpla scriú maith daingean air ‘s strac le neart de ghéaga,
Is glaodh “cúl gabhair” mar ain mar éinne ‘raghadh dá phléidhe leat.

IV
Tá bacach mór i mBoirinn thuas ar bh’ainm do Conn Ó Maonaigh,
Atá lán chomh cruinn fá’n imeall san ‘déanamh ar Thuaim Gréine ;
Sguaib gan mhoill ó’n iaspar sin ‘s caith sa digh an sméirle,
Is dein ar aghaidh go Luimnigh is gheobhair rabharthaidhe léine.

V
Tá saor maith cruinn i Luimnigh, éirigh chuige is réidh leis,
Faigh peidhre maidí croise uaidh is gheobhair ar seacht is raol iad ;
Robáil daill is cuimil leo, is fuirsigh iad tré chéile,
Bain mála an daill de chuid aca as a bpócaí caithréimeach’.

VI
Dein-se ar aghaidh gan seachmhall go dtí an tAthair Séamus,
‘S ordóchaidh sé dhuit dramanna de gin ‘s brandy craorach ;
Féachain iad, de’n Luddyes díobh, ar eagla do chréachta,
Buail is cáin is bagair iad is geallaim-se tú ‘shaoradh.

VII
Thar abhainn na mbarc má thaisdilir ná glac-se beagán déirce,
Gan tabharthas breagh do thabhairt duit—culaith maith éadaigh ;
Labhair go dána garbh leo is tóg do staf chun éirligh,
Buail is cáin is bagair iad is geallaim-se tú ‘shaoradh.


VIII
Faigh cliathán áluinn muice uatha is leath an mhairt i n-éinfheacht,
‘S ag teacht do’n Cháisg ní tur a bheir má dhéanfair gach a déarfad :
Líon-se mála an eirbaill is beidh teireadh glan sa’ mhéid sin,
Is sginn go rábach feileamhnach gan meisge ar bith am’ fhéachaint.

IX
Tiocfaidh bruighean dá dheasgaibh sin de bhárr bheith dá n-éileamh ;
Is bíodh do chlaidheamh id’ ghlaic agat le heagla na méirleach
Ní cáil duit bheith go hathtuirseach má dhéanfair gach a déarfad,
Ach buail is cáin is bagair iad is geallaim-se tú ‘shaoradh.

X
Is fuadar bruidhne an aiste seo agus dortadh fola i nÉirinn,
Cogadh brútach marbhthach mar bhíodh ag Cromwell éachtach ;
Is mór an tuar le n-a mhór ar mhullach chnoic an éirghe,
‘S nár bh’fhearr leo cloidheamh chun troda aca ná pocaí dá bpléascadh.

Dánta Sheáin de hÓra