Clare County Library
Clare Places and Placenames
Home | Search Library Catalogue | Foto: Clare Photo Collection | Maps | Search this Website | Copyright Notice

An Ghaeilge, Comharthaíocht agus Logainmneacha - Conor Ó Catháin

An Ghaeilge

Is teanga Ind-Eorpach í an Ghaeilge dar ndóigh, ar nós na dteangacha Gearmánacha ó thuaidh (Béarla, Ollainnis etc), na teangacha Slavacha thoir (Rúisis, Pólainnis etc) agus na teangacha Rómhánacha ó dheas (Iodáilís, Spáinnis, Fraincis, Rómáinis etc) agus tá stair fhada ag roinnt leí. Tá an Ghaeilge á labhairt sa chontae seo le os cionn dhá mhíle bliain ar a laghad agus ní haon ionadh mar sin go bhfuil rian na Gaeilge le feiceáil go soiléir ar logainmneacha na háite faoi mar atá siad faoi láthair, fiú sna leagain truaillithe Béarla. Bhí teangacha eile á labhairt sa chontae seo roimh theacht na Gaeilge, ach ní heol d’éinne sa lá atá inniu ann cén saghas teangacha a bhí iontu nó cén cruth a bhí orthu. Tá a fhios ag saineolaithe go raibh tionchar ag na teangacha seo ar an nGaeilge mar tá nithe ar leith inti ar nós na forainmneacha réamhfhoclacha agus an t-ainm briathra nach bhfuil le fáil sna teangacha eile Ind-Eorpacha eile ar chor ar bith.

Faoin am ar thosaigh ré na staire in Éirinn sa chúigiú chéad AD, b’í an Ghaeilge cheana féin aonteanga choiteann an phobail sa tír seo. Sa luath-thréimhse seo a bhfuil trácht agam air bhí muintir na hÉireann tosaithe ar áitiú in Iarthar agus i dtuaisceart na Breataine chomh maith agus ar fud dheisceart na Breataine Bige, de réir mar a bhí forlámhas Gael ag neartú agus Impireacht na Rómhánach ag dul i léig. Tháinig an Ghaeilge go hAlbain trátha an ama céanna. Mar a tharla, is féidir gluaiseacht na nGael tríd Iarthar agus tuaisceart na Breataine a thuairisciú de bharr fianaise teanga atá ar fáil i logainmneacha. Tá fianaise eile ann chomh maith i bhfoirm ainmneacha pearsanta, inscríbhinní comhaimseartha, fianaise seandálaíochta agus tagartaí eile seanchais a thainig níos deanaí a mheabhraíonn go raibh áitribh go fairsing ag lucht labhartha na Gaeilge de bhunús Éireannach ar fud dheisceart na Breataine Bige, ar an taobh thall d’inbhear na Sabhrainne agus chomh fada soir le Deavón. Tá an chloch Oghaim is faide soir ar fáil i Silchester i Hampshire mar shampla. Ach le himeacht ama chuaigh bunús na n-áitreabh seo i léig de réir mar a leathnaigh cumhacht na nAngla-Shacsanach, cé is moite den Bhreatain Bheag, áit a raibh forlámhas ag na Gaeil i gcónaí ann.

Tháinig athraithe suntasacha ar fhoirm agus struchtúr na Ceiltise ó thréimhse luath seo i leith, agus deineadh teangacha scoite de na teangacha Ceilteacha le himeacht ama, (Gaeilge na hAlban, An Mhanannais, An Bhreatnais, an Bhriotánais agus An tSeanGhaeilge ina measc) den bhunfhoirm Cheiltise. Ach fós féin bhí an tSeanGhaeilge i bhfad níos gaire de na teangacha eile Ceiltise ná mar atá an Nua-Ghaeilge sa lá ata inniu ann. Tóg mar shampla an focal ab, focal ón Sean Ghaeilge a chiallíonn abhainn sa Nua-Ghaeilge agus atá le fáile go fairsing i logainmneacha na Breataine Bige mar shampla: Aberystwyth (ó ab nó abhainn an Ystwyth) nó Aberfan ó ab nó abhainn an Fan, agus mar sin de.

Pointe eile gur fiú suntas a thabhairt air chomh maith is ea gur teanga Q-Ceilteach de mhórchlann Ind-Eorpach í an Ghaeilge, maraon le Gaidhlig na hAlban agus an Mhanannais, le idir-dhealú a dhéanamh idir í agus na teangacha P-Ceilteacha cosúil leis an Bhreatanais agus an Bhriotánais. S’éard is ciall le seo ná nach raibh an fhuaim ‘P’ in usáid choitianta ag na Gaeil in Éirinn an uair sin. Athair atá againn fós gan fuaim ‘P,’ mar shampa, murab ionann is pater na Laidine. In aimsir na luath-Chríostaíochta Cáisc a thug na Gaeil ar Pascha (Passover) na gCríostaithe mar shampla. Bíonn c na Gaeilge ag freagairt do p sa Bhreatanais, mar shampla tá ceann sa Ghaeilge agus tá pen sa Bhreatanais agus mar sin de. Tabhair faoi deara a laghad logainmneacha sa chontae seo a bhfuil an litir p mar chéad litir orthu mar shampla agus tuigfidh sibh céard atá i gceist agam le seo. Faoi ré na Nua-Ghaeilge Luaithe is Gaoidhealg an litriú a bhí ar ainmn na teanga Ceiltigh in Éirinn agus tá glactha le Gaeilge mar litriú caighdeánach ar seo sa lá atá inniu ann. Tá an focal Béarla Gaelic bunaithe ar fhuaimniú an fhocail in Albain nó i gCúige Uladh.

Tá an Ghaeilge tar éis teacht faoi anáil roinnt teangacha eile ón luath-thréimhse seo i leith: An Laidin, teanga na Lochlannach (an tSean Ioruais) an Béarla agus an Fhraincís (a bhfuil an Laidin mar dhlúth-chuid díobh chomh maith) ach go háirithe. Ba ghnách le Críostaithe cóipeanna de na Soiscéil a bheith acu agus bunaíodh aibítir na Gaeilge ar aibítir na Laidne. Tosaíodh ar Ghaeilge a scríobh sna mainisteacha agus tógadh focail ar iasacht on Laidin: Sagart/ sacerdos; Leabhar/ liber; Scríobh/ scribo; Mallacht/ maledictio agus mar sin de. Thosaigh na pobail Lochlannacha ag lonnú ar dtús ar na hoileáin timpeall an chósta ó 795 A.D. ar aghaidh agus ina dhiaidh sin ar na bailte beaga a bhunaigh siad mar lár-ionaid thrádála feadh an chósta. Ghlac siad seilbh ar Inis Cathaigh in Inbhear na Sionainne agus ina dhiaidh sin ar bhaile Luimnigh agus rinne siad ionradh ar chuid mhór de dheisceart agus oir-dheisceart an Chláir.

Thug na Lochlannaigh roinnt focal don Ghaeilge a bhaineann le hiascaireacht, báid agus cúrsaí trádála: m.s. Dorú/ dorg/ fishing-line; Stiúir/ styri/ rudder; Mál/ mál/ tax; Ceis/ kesja/ wicker, agus roinnt bheag logainmneacha: e.g. Smeirbhic, a bhfuil an chiall cuan an ime ag roinnt leis, dar le scoláirí áirithe, Strangford, a chiallaíonn áit a bhfuil sruthanna láidir farraige le fáil ann de réir cosúileachta, Arklow a chiallaíonn móinear duine den ainm Arnkell agus mar sin de. Tharla athraithe suntasacha den teanga féin le linn an ama seo agus tá na hathraithe seo le feiceáil sna lámhscríbhinní móra a bhaineann leis an tréimhse ina dhiaidh seo ar nós An Leabhar Iomann ón naoú haois agus an Leabhar Laighneach ina bhfuil scéalta sa Mheán Ghaeilge ann cosúil le Táin Bó Cuailnge.

Thosaigh na hAngla-Normannaigh ag lonnú sa tír seo sa bhliain 1169 nuair a rinne siad a gcéad theangmháil le hÉirinn agus tosaíodh ar an Angla-Normannais agus an Béarla á labhairt in Éirinn don chéad uair. Thug na Normanaigh roinnt focal Fraincise isteach sa Ghaeilge a bhain le dlí ach go háirithe, cúrsaí tógála, nósanna sóisialta agus mar sin de, cosúil le aturnae, baránta, buirgéis, constábla, seirbhís, áirse, doinsiún, póirse, casúr, siséal. D’fhág siad cuid mhaith logainmneacha ina ndiaidh chomh maith go háirithe i gcontaetha ar nós Loch Ghormáin agus Port Láirge. Tá Pailís Ghréine i gContae Luimnigh animnithe i ndiaidh pailís nó palisade sa Bhéarla mar shampla. Tá Thomastown Co. Cill Chainnigh ainmnithe i ndiaidh Thomas Fitz Anthony a bhí ina Ard Seneschal Angla-Normannach ar Laighean agus mar sin de.

Le teacht na gciníocha Angla-Shacsannacha chun na tíre seo cuireadh tús leis an bpróiséas a dheimhnódh go mbeadh an Béarla ag feidhmiú mar ghnáth-theanga riaracháin agus dlí lá éigin sa tír. Tharla an rud céanna in Albain, áit ar tosaíodh ar an gclaochlú a d’fhag go raibh an Ghaeilge in imeacht trí chéad bliain tar éis cúlú go dtí na garbh-chríocha sa tuaisceart agus sna ceantair Ghall Ghaelaibh san iardheisceart. Bhí deireadh ag teacht freisin leis na hinstitiúidí léinn agus leis na forais dhúchasacha dar thug na Gaeil tacaíocht. De thoradh ar an treascairt agus ar an ruaigeadh fuilteach a fulaingíodh anseo faoi na Túdaraigh agus na Stíobhardaigh (1534 – 1610), faoi phlandáil Chromail (1654) agus Chogadh an Dá Rí (1689-91) agus ar na péindlíthe a lean iad, bhí deireadh in ann do ré na Gaeilge mar theanga riaracháin agus dlí maraon le deireadh le córas ársa saoithiúlachta na nGael. I ndiaidh a chéile scriosadh iarlachtaí Chill Dara, Theasmhumhan, Thuamhumhan, Thír Chonaill, Thír Eoghain, Fhear Manach agus mar sin de. Fuair cinsealacht an Bhéarla seilbh ar mhaoin na tíre agus ba ghearr gur Béarla amháin a bhí ag lucht ceannasaíochta. Ní raibh cinniúint ró-mhaith in ann don Ghaeilge faoi riail choróin Shasana.

In aineoinn na n-athraithe seo b’í an Ghaeilge amháin a bhí á labhairt nach mór go hiomlán faoin tuath in Éirinn go dtí tar éis an Ghorta Mhóir. Bhí an Ghaeilge láidir i gcónaí sna ceantair chúnga mar a thugtaí orthu agus bhí na ceantair seo níos tabhachtaí ó thaobh na Gaeilge de ná na háiteanna eile go léir. Is beag caidreamh eacnamaíoch a bhí ag pobail imeallacha na gceantar sin leis an saol mór lasmuith; ní raibh tábhacht leo i rialiú na tíre nó i ndréachtú pholasaithe nó dá bhrí sin ar riachtanais Bhéarla. Agus is sna ceantair chúnga chéanna sin, a bheag na a mhór, atá Gaeltachtaí na haimsire seo suite. Má fhéachann éinne ar léirscáileanna de chuid Tim Robinson ar Chonamara mar shampla, feicfidh sí raidhse logainmneacha as Gaeilge léirithe iontu a thugann léargas ar leith ar shochaí agus ar shaol na Gaeltachta, ó chúrsaí feirmeoireachta go cúrsaí mianadóireachta go cúrsaí iascaireachta agus farraige.

Le borradh an Náisiúnachais Chultúrtha tháinig gluaiseachtaí nua ar an saol a chuir beocht úr i scéal na Gaeilge. I 1884 bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael, eagraíocht spóirt a chabhraigh go mór le fás an tírghrá agus i 1893 bunaiodh Conradh na Gaeilge atá mar phríomheagras deonach náisiúnta na Gaeilge go fóill. Is mór an t-athrú a tháinig ar dhearcadh na ndaoine faoin nGaeilge ó shin i leith. Nuair a bunaíodh an Saorstát sa bhliain 1922 dearbhaíodh sa bhunreacht nua gurb í an Ghaeilge “an teanga náisiúnta”. Deineadh tréaniarracht an áit a bhí aici sa chóras oideachais a threisiú agus ba ghá a bheith inniúil sa teanga chun fostaíocht a fháil sa tseirbhís phoiblí. Sa lá atá inniu ann tá méadú suntasach ag dul ar an líon daoine a mhaíonn i ndaonáirimh gur cainteoirí Gaeilge iad. Tá eolas éigin ag 47.1% de dhaonra an Chláir ar an nGaeilge de réir na staitisticí ón Daonáireamh is déanaí (2002). Is cinnte mar sin go bhfuil an 48,644 daoine a léirigh eolas a bheith acu ar an nGaeilge sa chontae seo ag iarraidh an Ghaeilge a fheiceáil agus a chloisteáil ar na meáin chumarsáide agus ar chomharthaíocht oifigiúil de chuid an stáit níos minicí agus ar chaighdean níos airde ná mar atá le fáil faoi láthair. Tá léamh na Gaeilge ar chumas daoine go coitianta sa phobal anois agus is maith le daoine an teanga a chloisteáil á labhairt ag imeachtaí oifigiúla agus foirmiúla.

<< Clare Places and Placenames: An Ghaeilge, Comharthaíocht agus Logainmneacha