Clare County Library
Clare Places and Placenames
Home | Search Library Catalogue | Foto: Clare Photo Collection | Maps | Search this Website | Copyright Notice

An Ghaeilge, Comharthaíocht agus Logainmneacha - Conor Ó Catháin

Logainmneacha

Maidir le ceist na logainmneacha agus an Ghaeilge tá dul chun cinn suntasach déanta sa réimse seo, go háirithe ó bhunú Choimisiún na Logainmneacha. Déanann an Brainse Logainmneacha taighde ar logainmneacha na hÉireann agus cuirtear foirmeacha údarásacha Gaeilge díobh ar fáil. Is í feidhm an Choimisiúin Logainmneacha ná comhairle a chur ar fáil faoi thaighde ar logainmneacha na hÉireann agus faoi leaganacha údarásacha Gaeilge de na hainmneacha sin a chur ar fáil d’úsáid oifigiúil agus poiblí. Déantar forbairt thaighde ar logainmneacha in institiúidí tríú leibhéal agus institiúidí oideachais eile chomh maith agus déantar fógairt ar cháipéisí atá foilsithe mar ghné lárnach agus thábhachtach dár n-oidhreacht.

Is de réir chontae a dhéantar an taighde de ghnáth agus de réir mar a thuigim críochnaíodh an taighde ar logainmneacha naoi gcontae faoin gclár contae seo agus tá taighde ar siúl faoi láthair ar thrí chontae eile: Corcaigh, Loch Garmán agus Laois. Fágann sé sin go bhfuil roinnt ama le fanacht againn sa Chlár go dtí go mbeidh an contae seo faoi chaibidil i gceart ag an gCoimisiún. Ag an am céanna soláthraíonn an Brainse foirmeacha oifigiúla Gaeilge de logainmneacha d'eagrais phoiblí cosúil le Coiste Logainmneacha an Chláir nuair a iarrtar iad. Tá liostaí logainmneacha foilsithe ag an Comisiúin i bhfoirm sraitheanna agus cuireann na sraitheanna dhátheangacha seo foirmeacha Béarla agus Gaeilge de na bailte fearainn, paróistí sibhialta agus barúntachtaí i láthair de réir contae. Foilsíodh sé imleabhar go dtí seo.

Ach tá ceist phráinneach amháin gur gá a réiteach a bhaineann le ceist na Gaeilge agus logainmneacha agus is í sin an easpa aitheantais oifigiúil a bhaineann leis na logainmneacha sna leaganacha Gaeilge. Go dtí seo, cheadaigh an tAcht Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge) 1973 don Aire ordú a dhéanamh chun comhfheidhm agus comhéifeacht a thabhairt do logainm Gaeilge leis an leagan Béarla. Faoin dlí sin, áfach, is amhlaidh gurb é an leagan Béarla an logainm oifigiúil fós. Cé go gceadaíonn an tAcht usáid leaganacha údarásacha Gaeilge de logainmneacha na tíre le haghaidh críche dlí, le bheith iomlán beacht ciallaíonn sé chomh maith de réir dlí go bhfuil an logainm oifigiúil féin fós i mBéarla amháin. Tá sé ráite ag an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD, go dtabharfar aitheantas oifigiúil do logainmneacha i nGaeilge nuair a achtófar Bille na dTeangacha Oifigiúla. Tá súil aige go mbeidh an reachtaíocht, ar glacadh leí sa Dáil, ina dlí gan mhoill. Is é atá i gceist ag an Aire maidir leis an leasú seo ná comhstádas a thabhairt do leaganacha Gaeilge agus Béarla de logainmneacha na tíre. I gcás na Gaeltachta áfach, beidh tús áite ag an leagan Gaeilge.

Maidir leis na léarscáileanna mar sin, ní bheidh ach na leaganacha Gaeilge de logainmneacha Gaeltachta á n-úsáid ar léarscáileanna údarásacha na tíre a úsáidtear ag Clárlann na Talún; beidh ar an gcuid eile againn bheith sásta na leaganacha truaillithe Béarla a fheiceáil arís agus arís eile ar léarscáileanna oifigiúla de chuid an stáit a bhaineann leis an gcuid eile den tír. Is mór an trua go bhfágfar an scéal mar atá; tá go leor daoine sa chontae seo mí-shásta le leaganacha trullaithe Béarla a fheiceáil ar léirscáileanna agus ar chomharthaíocht oifigiúla de chuid an stáit, ar nós Crusheen (Croisín) Tubber (Tobar) Labasheeda (Leaba Síoda) Tubber-taoscaun (Tubar Taoscáin) agus mar sin de. Ba chóir go gcuirfí leaganacha áiféiseacha den chineál seo sa Bhéarla ar ceal ar fad. Tá sé ráite go mbeidh an tAire ag iarraidh ar Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann agus ar chomh-lachtaí eile a chuireann léarscáileanna ar fáil do thurasóirí feabhas a chur ar an scéal seo (i.e. Leaganacha cearta as Gaeilge a usáid nuair is féidir leo).

Maidir leis na logainmneacha iad féin is léir go dtagann a bhformhór ó sheanainmneacha Gaeilge. Is minic nach mbíonn ach focal amháin ann sa lá atá inniu ann san áit a raibh dhá nó trí cinn nó níos mó ann tráth, msh. tá Inis ag seasamh anois den leagan trí fhoclach Inis Rámh Fhada a sheas uair amháin, Gort, Co. na Gallimhe ag seasamh anois do Ghort Inse Guaire agus An Leacht do Leacht Uí Chonchúir mar a bhí sa tseanaimsir. Tugtar mír ar gach focal atá ar fáil i logainm, agus baineann ciall faoi leith le gach mír. Tá míreanna ann a bhfuil baint acu le huisce, ar nós Leathbhior (Lifford) atá buailte le abhainn an Fhorghais in Inis, a thagann ón bhfocal bior a chiallíonn uisce agus cinn eile ar nós Tulach an Easa (Tullasa) i bparósite Drom Cléibh; tá míreanna eile ann a bhaineann le crainn agus le plandaí éagsúla ar nós Ros Leamhan (Roslevan), Sceachánach (Skehanagh), Doirín (Dereen), agus mar sin de; tá míreanna eile ann a bhaineann le cúrsaí eaglasta agus na naoimh a mhair san anallód ar nós Cill Mháille atá aimnnithe i ndiaidh Naomh Máille agus Cill Feidhlime i bparóiste Dúire-Ghort Lomáin, Cill Lua (Killow) i bparóiste Mhainistir an Chláir agus mar sin de. Tá míreanna eile ann a bhaineann le cineálacha áiteanna cónaithe nó áitribh mhíleata ar nós Cathair Cheallaigh (Cahercalla), Liosán (Lisan) Seanbhoth (Seanvogh) agus mar sin de. Tá míreanna ann chomh maith atá bainteach le carraigeacha agus clocha agus ní haon ionadh go bhfuil logainmneacha mar seo fairsing go leor tríd an chontae seo, ar nós Creig Liath (Cregleagh), Craig na nGabhar (Cragnagower) i bparóiste Drom Cléibh, Bun Creige (Buncraggy) i bparóiste Mhainistir an Chláir agus mar sin de. Tá go leor míreanna a bhfuil baint acu le sléibhte agus cnoic ar nós Sean Tulach (Shantulla), An Droim (Drim), Cnoc an Doire (Knockaderry), Cnoc an Sciobóil (Knockaskibbole), Cnoc Ógain (Knockhogan) agus mar sin de.

Bíonn deacrachtaí nach beag ag baint le soláthar leaganacha cruinne Gaeilge go minic. Ní mór taighde cuimsitheach a bheith déanta ar na foinsí go léir a bhaineann le stair na háite roimh ré, (rud atá deacair de bharr flúirseacht na bhfoinsí céanna go minic) mar aon le póirseáil a dhéanamh i seancháipéisí agus léarscáileanna áitiúla. Ní mór don té a théann i mbun na hoibre seo eolas a bheith aici ar leagan amach na háite, idir dhreach tíre agus dhinnseanchas agus ní mór a thuiscint chomh maith go bhfuil athraithe ollmhóra tar éis dul i bhfeidhm ar an dreach tíre ó aimsir ár sinsire i leith: an áit a bhí coillteach tráth níl oiread agus crann amháin ag fás anois (msh. Coillte (Quilty)); an áit a raibh uisce ag rith go tréan uirthi uair amháin níl ann ach an díseart sa atá inniu ann agus mar sin de. Fagann sé seo go bhfuil roinnt leaganacha údarásacha atá in usáid choitianta sa chontae seo atá go hiomlán mí-chruinn ó thaobh brí agus cúlra de agus is ábhar iontais é nach bhfuil aon duine de bhunadh an chontae seo atá oilte agus eolach ar an ábhar seo fostaithe go lánaimseartha sa réimse seo go fóill.

Bíonn deacrachtaí gramadaí ann chomh maith a chráfadh an duine is díograisí ar an tsaol, mar is minic a bhíonn easaontas idir na saineolaithe iad féin ar phointí ghramadaí gan trácht ar aimitéirigh ar nós mé féin! Sa deireadh thiar thall ní mór glacadh le réasúnaíocht i dtaobh an scéil agus glacadh leis go bhfuil roinnt logainmneacha ann a bheidh ina n-ábhair chonspóide ag saineolaithe agus ag aimitéirigh araon go lá philib an chleite agus gur sin mar atá.

<< Clare Places and Placenames: An Ghaeilge, Comharthaíocht agus Logainmneacha