Ta staidéar cuimsitheach déanta ag an eagraíocht
An Clar as Gaeilge ar stádas Comharthaíochta Bhaile na hInse
chomh fada agus a bhaineann sé leis an dátheangachas agus
baineann an taispeántas seo le cuid den saothar atá ar bun
againn sa réimse seo. Tá An Clár as Gaeilge ag réiteach
cháipéisí faoi láthair le cur faoi bhráid
Comhairle Chontae an Chláir a léiríonn na laigí
agus na heaspaí sa réimse seo, maraon le moltaí dearfacha
faoi chonas caighdeán comharthaíochta an chontae a thabhairt
in airde ó thaobh na teanga de. Léirítear anseo samplaí
dea-chleachtais maraon le samplaí den chleachtas is measa.
 |
Eastát Cnoc an
Eidhneáin, Bóthar Ghort Inse Guaire
Gaeilge agus Béarla. Ba chóir litreacha an Bhéarla
agus litreacha na Gaeilge a bheith ar chomhmhéid ann.
|
 |
Bóthar Ghort Inse Guaire (lámh
leis an Ospidéal Ginearálta)
Tá cuaillí bóthair mar seo atá go hiomlán
as Béarla curtha in airde timpeall na tíre faoi láthair.
Ba chóir sampla na Breataine Bige a thógáil
anseo, áit a bhfuil sé mar pholasaí de chuid
na n-údarás aitiúl an dátheangachas
comhtháite a usáid ar chuaillí bóthair
den chineál seo, lenar féidir an dá theanga
a léamh taobh le taobh.
|
 |
Ardán Steele, Inis
Sampla den sraith is déanaí comharthaíochta
atá curtha in airde ag Comhairle Bhaile Cheantair na hInse.
Tá comharthaí den chineál seo an-lochtach agus
tá An Clar as Gaeilge ag iarraidh go mbainfí anuas
iad láithreach. Níor cheart go mbeadh an leagan Gaeilge
i bhfad níos ísle nó níos lú
ná an leagan Béarla.
|
 |
Ionad Sláinte na hInse, (Bord
Sláinte an Mheán Iarthair) Inis
Tá dualgais i leith na Gaeilge ag Bord Sláinte an
Mheán Iarthair. Ba chóir an comhartha seo a athrú
mar sin agus ceann a bhfuil an dá theanga go soléir
ann a chur in airde ina áit.
|
 |
Comhairle Contae an Chláir,
Harmony Row, Inis
Tá dualgais ar Comhairle Contae an Chláir i leith
an dá-theanga-chais chomh maith le dream ar bith eile san
earnáil phoiblí. Ba chóir cloí leo mar
sin.
|
 |
Bóthar Ghort Inse Guaire, Inis
Sampla de chuaille bóthair caighdeánach i láthair
na huaire. Tá na litreacha Gaeilge píosa maith níos
lú anseo ná na litreacha Béarla. Tabhair faoi
deara go bhfuil Sionainn léirithe anseo agus Sionna in áiteanna
eile. B’fhearr do na hudaráis cloí le leagan
amháin nó leagan eile den logainm seo.
|
 |
Bóthar Ghort Inse Guaire, Inis
Mar a chéile leis an gceann thuas ach go bhfuil Sionna le
fáil anseo murab ionann agus Sionainn sa cheann thuas. B’fhearr
cloí le leagan amháin i gcónaí.
|
 |
Sráid Uí Chonaill, Inis
Sampla de chomhartha atá go hiomlán as Béarla.
Níor chóir a leithéid a chur in airde. An é
go bhfuil sé faighte amach ag an gComhairle Bhaile nach scaipeann
lucht labhartha na Gaeilge bruscar?
|
 |
Harmony Row, Inis
Níl aon Ghaeilge anseo. Tá lucht labhartha na Gaeilge
ag íoc ar pháirceáil chomh maith le dream duine
ar bith. Ba chóir an comhartha seo a bhaint anuas.
|
 |
Teach Springfield, Inis
Cé gur tionscnimh de chuid an Stait atá láirithe
anseo níl oiread agus focal amhain Gaeilge ann. Táimid
ag súil go mbeidh deireadh leis an gcineál seo cleachtais
le teacht i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla.
|
 |
Harmony Row, Inis
Tionscnamh de chuid An Roinn Gnóthaí Sóisialacha
Pobail agus Teaghlaigh é an M.A.B.S. Ba chóir Gaeilge
agus Béarla a bheith go soléir ar an gcomhartha seo,
chomh maith le gach comhartha a thagann ó na heagrais phobail
go léir
|