Clare County Library
Clare Places and Placenames
Home | Library Catalogue | Forums | Foto | Maps | Archaeology | History | Search this Website | Copyright Notice | Visitors' Book | Contact Us | What's New


The Burren: An Bhoireann

Is iontach an áit í an Bhoireann. Ar shlite níl áit ar bith ar domhan ionchurtha leí; agus is cinnte nach bhfuil aon limistéir in Eirinn níos suimiúla ná é. Tá fairsinge céad míle cearnacha ann - stráice mór aolchloiche i sreathanna maorga; cnoc árda, geala, loma ó Mhullach Mór go Sliabh Eilbhe "ag bagairt a gcinn thar dhroim a chéile".

Tá áilleacht ar leith ag baint leis an Bhoireann - tá sé fairsing, fiáin uaigneach; níos sine ná Cailleach Bhéarra.

Fallaí an Bhoireann
Fallaí an Bhoireann
(Photo: C. Krieger)

Is ann amháin in iarthar domhain a thiocfaidh tú ar bhláthanna as Réigiún Reoite na Graonlainne, ag fás taobh le chéile le blátha de chuid Shleibhthe Alpa. I mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh téir ann nuair a bhíonn an Gentian agus an Dryas faoi bhláth. Ar ndó, tagann scoláirí ó Ollscoileanna an domhain ag iarraidh diamhracht an scéil seo a Mheas is a ríomhadh.

Cé nach bhfuil méid mhór daoine ina gcónaí sa Bhoireann anois ní mar sin a bhí i gcónaí. Cúpla céad blian ó shoin bhí daonradh mór ann; agus bhí daoine go tiubh ann, freisin, na cianta cairbreacha ó shin. Tá iarsmaí den seana shaol go foirleathan ar fud na dúiche; sean eaglaisí Chorca Moruadh, Cill Fionnabhrach agus Dísirt tá léargas le fáil iontu ar chultúr agus sibhialtacht ár sinnsir. Is fiú go mór don chuairteoir turas a dhéanamh chucu, agus i n-Dísirt. Agus na caisleáin ársa, tá ceann i ngach ré baile fearainn, fianaise den choimhlint idir Gaeil is Gaill. Sea, freisin, bhíodh Críosthaite Ceilteacha i gCathair Chomáin, a chleachtaigh talmhaíocht insan seachtú aois. Tá cromleaca go flúirseach; d'fhéadfá breathnú ortha ón mbóthar árd ag Poll na Bron agus Páirc na Binne.

Tá bóithre na dúiche ar fheabhas. Tugann siad cuireadh duit gabháil ó thuaidh; agus siad muintir uasal na Boirne a fhearfaidh fiorchaoin fáilte romhát ar theacht duit.
Go n-éirí an bóthar leat.


<< The Burren