| Clare County Library | Book
Promotions |
| Blúirín
Gaeilge Amach le Alan Titley Ba Amach an chéad leabhar Gaeilge a bhuaigh duais de chuid Bisto, duais Eilís Dillon do leabhar páistí i 2004. Úrscéal gearr a gcuireann léiriúcháin
de chuid Aidan Harte go mór leis, seo scéal faoi dhéagóir
Éireannach tipiciúil sa chéad aois is fiche. |
![]() |
|
| Tá an laoch cosúil le gach déagóir, gaifeach, tallannach, taghdach, agus ag déanamh iarracht bheith ina “fhear crua”. Tá sé cneasta agus tuisceanach freisin, mar is léir don léitheoir ón gcaoi chneasta a gcaitheann sé leis an mbean déirce agus a páiste. Tá éacht déanta ag Titley sa chumasc de scéal atá dírithe ar dhéagóirí le gluais nach bfhuil ró-dhúshlánach fiú dóibh siúd nach bfhuil líofa sa Ghaeilge. Foilsithe ag An Gúm, 2004 |
||