| Clare County Library | Book
Promotions |
| Blúirín
Gaeilge An Chailleach agus a Cuid Gruaige le Gabrielle Ní Mheachair Léirítear sa leabhar seo conas a bhaineann Éamon díoltas amach ar an ndrochchailleach a d’fhuadaigh a chara, agus cuireann an leabhar síscéalta “Hansel agus Gretel” agus “Snow White” i gcuimhne dúinn. Tugann na léiriúcháin sa leabhar
léiriú beoga ar na féiríní ar nós
féastaí móra, milseáin agus cácaí
a úsáideann an chailleach chun Éamon agus na páistí
eile a mhealladh chuig a caisleán. |
![]() |
|
|
Éiríonn an chailleach bréan do agóidí na bpáistí agus tosaíonn an fhíoreachtra nuair a dhingíonn sí go léir isteach i mbairille iad, agus casann sí síos an cnoc é. Is féidir aon deacrachtaí leis an fhoclóir a réiteach tríd an ghluais áisiúil atá ar chúl an leabhair seo a úsáid. Foilsithe ag An Gúm |
||