Clare County Library
Book Promotions
Home | Search Library Catalogue | Foto: Clare Photo Collection | Search this Website | Copyright Notice

Blúirín Gaeilge
Leabhair do Pháistí

An Chanáil le Marie-Louise Fitzpatrick
Bernardine Nic Ghiolla Phádraig a rinne an leagan Gaeilge

Tá Tiarnán cloíte nuair a imíonn a choileáinín, Bodhrán, óna mbaile atá in aice leis an gCanáil Mhór i mBaile Átha Cliath. Tar éis do mháthair Thiarnáin go leor fiosrúcháin a dhéanamh, faigheann sí amach gur shábháil fear an bháirse Bodhrán ón uisce agus gur thug sé dá gharmhac é le aire a thabhairt dó.

 
An Chanáil le Marie-Louise Fitzpatrick: Bernardine Nic Ghiolla Phádraig a rinne an leagan Gaeilge


Tá críoch shonasach leis an scéal nuair a fhásann cairdeas seasmhach idir Tiarnán agus Antaine, atá ina chónaí ar fheirm i gContae Chill Dara, agus iad ag tabhairt cuairteanna ar a chéile, Bodhrán ina dteannta, dár ndóigh.

Foilsithe ag An Gúm
ISBN 1-85791-381-7

Ar Ais go Blúirín Gaeilge (Páistí)