Clare County Library
Clare Genealogy
Home | Search Library Catalogue | Foto: Clare Photo Collection | Maps | Search this Website | Copyright Notice

The O'Davorens of Cahermacnaughten, Burren, Co. Clare by Dr. George U. Macnamara

Part I: Historical: O’Davoren Deed (1601)

Bíodh a fhios ag gach aon duine eisdfeas léighfeas agus thuigfius in sgríobhin so gorab mar so do aontaoidear agus do orduighdear agus do rinadar clann Ghiolla na naomh óig uí Dhuibhdabhoirin ó Chaithir mhic Neachtain a bparraisde nua Chonghabhala a mbarúntacht Bhóirne a gcuntae in Chláir: Aodh mac Giolla na naomh agus an Cosnui mhach Giolla na naomh ón Chathair chédna sin roinn shiorruidhe agus connradh shiorruidhe ar an dá seisre bhaile dfhearan a n-athar agus a seanathar, dochuaidh cunnradh etorra fá mar atá leithsheisre Chathrach mic Neachtain a bparraisde nua-Chonghabhala. Agus leithsheisre Leasa mic Taidhg. Agus leithsheisre Leasa dubháin. Agus Leasa na luachrainne a bparraisde Droma chrice. Agus leith sheisre Chille Cholmain Bháire a bparraisde Chille Coirne agus iadsin re chéile annsa bharúntacht agus annsa chontae chédna. Is í so an roinn ar tús: in ceathrimhe mír asiadhsiar do Chathair mhic Neachtain fá mar ghabhus an sruthán dubh suas annsa tsliabh agus an claidhe ón tsruthán dubh anuas go díreach go héadan an Bhuaile legana agus an cladh iarthrach don Bhuaile leagana sios go nuige an úrlainn mhóir. Agus claidhe na húrlainne móire féin timcheall ar in taoibh thshiar síos go taobh na Cathrach agus leithsheisre leasa mic Taidhg. Agus ceathrimhe mír do leithsheisre Chille Colmain Bháire ar chuid Aodha mhic giolla na naomh dóibh sin agus an cethremhadh mír asiadh siar [recte soir] do Chathair mhic Neachtain mar ghabhas an tórainn cédna agus lethsheisre Leasa dubháin. Agus Lesa na luachrainne agus an cethramhe mír eile do leithsheisre Chille Colmain Bháire ar chuid in Chosnui mic Giolla na naomh don fhearann cédna sin.

Ag so roinn chennáite Chathrach mic Neachtain mar in gcédhna: áit tighe móir na cathrach asdigh. Agus áit tighe na cisdionach do bheíth ag in dtech mór sin annsa chathair asdigh agus áit tighe na reilge ar in ttaobh thshiar don chathair. Agus a bhfuil ó bhóthar gharrdha Thaidhg ruaidh mhic Ghiolla Feithin siar dona garthaibh ar a ttaobh amuich do gharuidhe Thai[dh]g ruaidh féin ar chuid Aodh[a] don cheannáit sin, agus an tegh atá idir éadan an tighe mhóir agus doras na cathrach agus áit tighe eile ar an ttaob thshiar ba tuaidh don chathair asdigh. Agus an tech mór atá ar a ttaoibh tshoir do dhoras na Cathrach agus a bhfuil ó Bhearnain Fánann an tadhaill ar in ttaoibh tshoir go bóthar gharrdha Thaidhg ruaidh siar. Agus an garrdha sin féin ar chuid an Chosnui don cheannáit chédna sin. Tuile eile atá faithche an bhuaile agus an bothar ón bhfaithche siar go nuige an mothar dtortanach. Agus uisge an bhaile fá mar atá an sruthán dubh thshuas agus tobar an bhaile asdigh comhshaor ag in gcennáit sin re chéile. Tuille eile asé so cunnradh an Aodh[a] agus an Cosnui cédna sin eattorra féin ó thús agus edir a n-oighridhibh diongmhalta ina ndiagh arís a ttimcheall an dá sheisre sin adubhramair thshuas agus a dtimcheall gach fearainn eile nach iadsin ar a labhrann ceart a n-athar agus a seanathar do réir a ndíntiúridhe (?) do bheith dfiachaibh orra sin re chéile, comhshaothrughadh agus comhshádhbháil agus comhbharantacht agus comhchosdas pleaghdala agus seasaimh ina bfearain sin re chéile do bheith orra féin agus ar a noighridhibh ina ndiagh go siorruidhe a n-aghaidh gach aon duine dár chuir ná dá ccuirfeadh buaidhirt orra annsana fearanaibh sin re chéile ná an aon chuid díobh. Tuille eile dá dtí do bhuadhairt do thaobh na bhfearann sin féin nó pleadáil nó do dfuasgladh fearainn céim ar bith as a gcailfidhe aon chuid dona fearannaibh sin dfhiachaibh ar Aodh agus ar an CCosnui réimhráite sin comhthrom fearainn nó fuasgailte do dhéanamh re chéile ana mbiadh aca. Agus dfhiachaibh ar a n-oighridhibh ana ndiagh an comhthrom sin do dhéanam re chéile mar an gcédna.

Tuille eile atá dfhiachaibh agus do chunnradh ag an Aodh agus ag in CCosnui sin ara chéile má bhinn duine diobh a cur a chodach féin dona fearannaibh sin a ngeall nó a siorruidhecht uaidh féin chum aon duine eile gan ar cumas do a chur ón bhfear eile má fhéadan sé a réidhtech mar do dhéana duine eile agus muna bhféada ní bfuil ar cumas do sdainc do chur ar an tí réidhfeas í nó go dtí aimser a fuaisgailte arís. Tuille eile atá do chunnradh agus dfiachaibh ag in Aodh agus ag in CCosnui réimhráite sin. Agus ag a noighridhibh ana ndiaigh ar a chéile cídh bé dona fearannaibh sin adubhramair nó dfearannaibh eile nách iad sin do bheith a ngeall uathadh araon nó ó dhuine dhíobh, cídh bé dhíobh dá dtiocfadh sin dfuasgladh ar dtús dfiachaibh aran bhfear eile a ionad féin agus a bharántacht do thabhairt do chuige sin dfuasgaladh go feadh a fhuasgailte uaidh arís ara mbíodh dá dhíoghbháil ris.

Tuille eile atá do chunnradh agus do choingheall chomhthrom ider an Aodh. Agus an CCosnui cédna sin cídh bé dhíobh féin do rachadh gan fhoighridhe diongmhalta ó na chorp féin air, an fear eile agus a oighridhe do bheith ana noighridhibh ana seicedúiribh agus ana síghnibh air annsna fearannaibh sin tsuas adubhramar do réir mar labhras lorg an athar agas a seanathar dhóibh. Tuille eile cídh bé méd do chuid an Aod[a] cédna sin nach aiteocha sé fén má fhéadan an Cosnui a háitiughadh atá dfiachaibh ar in Aodh sin gan toirmesg ná uaisle uaidhe fén do chur air acht cion anáiteocha sé dhi do shaoirse Shlaine ingine Ghráda do bheith ana diaigh air fá mar atá bó shaor. Agus lá saor annsa cethremhe mír dá mbiagh ar áitiughadh don fearann do bhí ag Sláine agus mar dhearbhadh agus mar fhoillsiughadh ar gach ín dá bfuil sgríobhtha annsin anuas do bheith ceangailte fosduighthe go sioruidhe ar an Aodh sin agus ar an CCosnui, réimhráite sin orra féin ar anoighridhibh ar a seicedúiribh agus ar a síghnidhibh ana ndiaigh go seasmhach atáimsi an tAodh sin a cur mo láimhe agus mo shéala ar an gcuid don sgríbhinn so atá ag an gCosnui, dom thoil aontuightheach féin agus tar éis an Cosnui (*) [agus atáimsi an Cosna sin] do réir mo thoile agus maonda féin ag cur mo láimhe agus mo shéala ar in gcuid don sgríbhinn so atá ag in Aodh reimhráite sin do réir na feofment atá annsin anuas an taonmhadh lá dég do mhí Aiprílis aniu a gcathair mhic Neachtain do láitir na bfiadhain cuirfios a lámha ann so síos an ar ndiagh agus in bhfuil an tsaoirsi sin adubhramar do bheith ag Slaine inghin Ghráda ag aon duine dá hoighridhibh ana diaig. Anno Domini 1606. Agus annsa tres bliadhain do ríghacht ár bprionnsa ghrásamhail Séamus do ghrásaibh Dia rígh Sagsan, na Fraince. Agus na Heirionn. Agus annsa naomhadh bliadain ‘x’ ar .x x. do ríghacht na Halban.

Aodh Ó Dabhoireand.

Giolla na naomh ó Dabhoirean.
Giollaphádraig mac Aodhagain.
Rudhri ó Conchubhair.
Symon fitz Patrick
Morogh ó’Brien

Copia vera concordans cum
originali.

(*) Omitted in MS.

 

Demise of Law School

Home


Translation of O’Davoren Deed