A Sheáin mo Chléibh
I
A Sheáin mo chléibh, beir beannacht ‘s céad
Go Máire na mbánghlac, nach rathmhar léi an chraobh
;
‘Bhfuil a brághaid mar an aol, ní taise d’á
déid,
Is fionn fáinneach gach taobh tiugh d’á céib.
II
Is déarach mé ad’ dhíth im’ aonar im’
luighe,
Gan spré agam ar aon ghort ná tréada le maoidheamh
;
Acht an spéirbhean seo chínn ar bh’aoibhinn i ngnaoi,
Tabhair faoiseamh ó’n bpéin dom do léarghuin
mo chroidhe.
III
Is déarach mé id’ dhéidh-se im’ aonar
gach lá,
Na saeghada so ‘om thraochadh ‘s im’ scéim níl
aon sgáth ;
A bhé mhilis mhánla ná h-éimigh mo pháirt,
Aontuigh liom féin seal, ‘s réidhtigh mo chás.
IV
Ar a téarnamh id’ dháil go bhfeicir i tráth,
Éilim ort gan géilleadh d’á gaethe-ruisg sámh,
Nó is baoghal duit go bráth bheith i ngéibheann mar
‘táim,
Ó’n té úd n-ar leigeas mo chéad-searc
thar mhnáibh.
|