Ag moladh Éamoinn Choimín
I
Tagann le fonn go tigh togha na bhfear bhfionn,
Seabhac na Ceathramhan Caoile,
An sgafaire, cabharthach, tabharthach,
Bronntach, fearamhail, séanmhar ;
Níl sé san domhan ar dhruim na talmhan
Ag foghluim ceartughadh dlighe ar bith,
Aon fear eile thoghfainn ag labhairt dom chneasughadh
Dom’ thabhairt ó’n gcúirt úd Innse.
II
Ó Inis Chluain Rámhfhada go teorain
Maireann clú an fhirín fhásda ;
Cá bhfuil a shórt ar bhórd na gcóraidhe
Nó an eol díbh aon níos fearr ná é
;
Tá miotal an leomhain ann cródha is coinbhrigh,
Spóirt níl uireasba de ghnáth air ;
Gile na glóire i gcló na h-ainglidheacht,
Rós i luisne neamhdha.
III
Is neamhdha caoin a ghnaoi ’s a phearsa,
Is binn ‘s is blasda a bhréithre
Go h-áluinn saoitheamhail a tigheacht gan ghangaid
Ná gan chealg d’éinneach.
Grádh lem’ chroidhe an Coimíneach greanta,
Líomhtha lannach leigheanta,
De chnámh na saoithe Mílidh thar lear
‘S de shíol cheart cheap na Gréige.
IV
Tá an Ghréigis mhór ‘na phór ar lasadh,
Agus ceap nah Alban aerach ;
‘S is cíochrach leo i gcomhlain catha,
Is é ‘baint barra sgéim díobh ;
Is tréan i ngleo fuil mhór na Sacsan,
Ní dóith dhóibh fearg Éamoinn
Ag téacht i bhfórsa ar nós na mara
Ag teorain sean-Mhalbay thiar.
V
Ag Malbay thiar tá an grian-fhear greanta,
Fial, fliuch, fairsing, saorthach,
Plannda fíor gan chealg gan ghangaid
Ná masla ‘thabhairt d’éinneach ;
Is flaith ‘s is triath é dian i gceannas
Chum fiacha fada a réidhteach ;
Bail ó Dhia air, guidhim séan ‘s raith,
Ar Éamonn leabhar léigheanta. |