Ag Moladh an Athar
Seán Ó hEichir
I
Is árd do léim a ghrinn cois trágha ann ‘do
shuidhe,
Milésius árd de’n chliar dob’ fhearr, dob’
fhéile cáil ‘s gníomh ;
Is é mo Sheán do mhaoidhim, fear óg nár tláth
i mbruighean,
Do stríocfadh námhad ‘s do dhéanfadh éacht
le coll dár fhás i gcoill.
II
Ní caille chas chríon é mo ghliadhaire tréightheach
binn,
Acht géag glan cedar soillseach, córach, fáidheamhail,
léigheantamhail. grinn ;
Dá bhfaghadh le h-aon-toil Chríost réidhteach do
réir a chroidhe,
Dob’ fhearrde críocha Fáil bhreagha ó’n
sáirfhear ghléigeal ghroidhe.
III
Is groidh-fhear é gan bhréig do raghadh ar lámhach
na bpiléar,
Nó ar dhreas de’n chlaoidheamh le farairí dá
dtreine goin nó éacht ;
Aire dhíbh go léir, a dhrong an aigne thréin, ná
feargtar libh mo laoch,
‘S go bhfuil fuil na righthe go neartmhar íoghmhar ar lasadh
tríd ‘na chaor
IV
Tá caor ‘s liath ‘na ghruadh ‘s níor theastuigh
croidhe geal uaidh,
Is gasda líomhtha a ghéag ar bhínnse, is ceart a
ghnímh ‘s a stuaim ;
Tá an fhuil Bhrianach Thuadhmhumhan d’á aeirde d’éirigh
suas,
‘S go bhfuil cuisle mhór ó Chlainn Mhathghamhna a
rith ‘na phór ar luas.
V
Níor luaithe chaol-each ráis, nó fós sluagh
sidhe Chnuic Mheagha
Ná mo Chaesar, mo Sheán, an sagart séimh ceart sámh,
A tíocht go haoibhinn árd ag coimhlint leis an mbás,
Go h-ollanuigheann roimhe an fear breoite tinn ‘s baisdeann choidhche
an bháb.
VI
‘S ar bhur mbábúin óg’ níos mó
ná tráchtaigh lem’ leoghan,
‘Sé mo shagart groidhe nár thug an tsainnt ó’n
bhFrainnc go nÉirinn mhóir,
Ní buidheachas liom ar mo leoghan gan é bheith caol nó
direoil,
Acht bheith rathmhar íoghmhar mar bhí an sinsir a scaipeadh
fíon ‘s feoil.
VII
Feoil, fíon ‘s lionn, le hiomad im ‘s plúr,
Bhíodh ag a ghaolta mar bhí Ó Nualláin, Ó
Néilleáin, Ó Heichir Fionn ;
Síolchoda ar mhaithibh Mumhan, Boirne aladh thar truich,
Flaith na féile do riarfadh é ó shoin is é
bhreith le clú.
VIII
Is clú ‘na ndiaidh siúd Seán Ó Heichir
fionn fíorbhreagh,
‘S é mo shagart suairc chomh tais chomh binn le cuaich ;
Dá dtagadh uair le práinn nuair luigheann a namhaid le gábhadh
Is é an groidhe-fhear sámh ag tíocht mo leoghan do
chabhair dóibh a gearradh feoil ‘s cnámh.
IX
‘S is cnámh onórach é dob’ aoirde i gcló
na laoch
‘Lean ar an gcliar i bhfochair Bhriain ag síor-choscairt
Danes ;
Is fada mór í a réim do shliocht Ádhamh agus
Éabha,
Nó go dtáinig Riaghal ó Chromail chlaon do threasgair
triocha Gaedheal.
|