Ár n-Athair
atá ar Neamh
Ár n-Athair atá ar Neamh, ‘Athair
na bhfeart,
Do dhealbhuigh teach na soillse aoibhinn ;
Go naomhuighthear t’ainm a Dhia na bhFlaitheas,
‘Éasga tailibh ar neóil aoibhinn.
Go dtighidh do Ríoghacht, a thaisce mo chroidhe,
Do cheannuigh go daor sinn-ne.
Go ndéanam do thoil, a choimirce na mbás
D’fhúig go docht an choróinn spíona.
Ár n-arán laetheamhail agus ár bpáirt
neitheamhail,
A Mhaighre aoibhinn le glan intinn,
Tabhair dúinn indium, ‘rún umhail dhil,
Agus dúil san chirt a Rí na soillse.
Maith dhúinn ár gcionnta, a shearc-rún
ionnraic,
‘S ár n-anam ar chionntaibh cuimhdigh,
Mar mhaithimíd do chách do ní cleasaighthe gnáth,
Beartaighthe ‘gus grain ruin díoghaltais,
Do ghní cionnta ‘nár n-aghaidh, le drúis ‘s
le saint,
A Dhúil dheagh-fhuil an Mhúir Líonmhair.
Ná léig sinn i gcathú i bpian shíor ‘ná
i bhfad-chumha,
‘S ar gach baoghal bí a’ neartú linn, a Íosa
!
Amen, a Shoillsigh shír ‘goineadh go doimhin id’ Chroidhe
Le deamhnaibh ‘s le saigheadaibh nimhe chlaoidhte.
|