Atá mé i bPéin
le Bliadhain nó Dhó
I
Atá mé i bpéin le bliadhain nó dhó
Le dianghrádh grianscoith fial-bhan óg,
Tá dorta siúd anonn trím’ phór,
‘S ní leighisfeadh leagha na bhFiann mé.
II
Leagha na bhFiann ‘s ar shiubhail ó Ádhamh,
Ní leighisfeadh siúd mo phúdhair ‘s mo chneádha,
Gan luighe go dlúth lem’ rún gach lá
I lúib na mbacall bpéarlach.
III
Is péarlach búclach fionn a dlaoi
Ag teacht ‘na lúib go drúcht léi síos
;
An bhé dheas mhúinte iarla is í
De phréimh-shliocht cheap na Boirne.
IV
‘S an mhúirnín bhán dá mb’ áil
le Críost,
Go dtiocfadh an stáidhbhean mhánla ghrinn,
Chugham im’ dháil go bráth dá dtigheadh
Ní leigfinn í chun uaignis.
V
Is uaigneach mé i bpéin gan suim,
Gan suairceas scéil ná aonrud grin,
Am’ buaidhreadh céille, ag teacht ar baois,
An tráth smaoinighim ort-sa a réilteann.
VI
‘S a réilteann mhánla bhreagh gan phoimp,
Mar ealain bháin ag snámh ar linn,
A malaí tá mar snáithe pinn,
‘S a dearca mar an iubhair-chraoibh.
VII
A chraoibh de’n tsárfhuil árd i ngníomh,
Dob’ fhearra cáil i dtábhairne an fíon
I gcaismirt áracht áigh na gcloidheamh,
‘S nár meathta sise an stuaghaire.
VIII
An dtiocfá liom-sa go coil na gcnó,
Mar a bhfuil na h-éin ag déanamh ceoil,
An lon ‘s an chuach ó ló go ló
Ag iomdhaidh leis an gcéirsigh.
IX
Ní cheilim do cháil a stáidbhean óg,
Gan t’ainm a rádh go h-árd don tslógh,
Gur tú Anna an chúil-bháin is áilne snódh
Ní Mheic Dhonnchadha na slóighte.
X
Tá cuire le fagháil ó bhláth na laoch,
‘S ní cuire beag gearr é lá ná mí,
Acht cuire go bráth ó’n rábaire ghroidhe
‘Tá ceannasach fíonamhail fáilteach.
|