Clare County Library
Clare Literature
Home | Search Library Catalogue | Foto: Clare Photo Collection | OS Maps | Search this Website | Copyright Notice

Cúirt an Mheadhon Oidhche le Brian Merriman


Cuid a Ceathair: An Giúistís: IV

D’éirigh an mhánla ar bharr a bínse,
‘S do shoillsi’ an lá san áit ‘n-a timcheall,
B’áluinn óg a cló ‘s a caoindreach,
B’árd a glór ba bheó is ba bhíodhgach.
D’fháisc a dóirne is d’órduigh deimhneach
Báille ar bord ag fógairt Silence.
Adubhairt a béal bhí ag séideadh soillse,—
An chúirt go léir go faon ag éisteacht :—
Do-gheibhimse díreach brígh chum buaidhte
Is feidhm it chaínt-se a bhrídeach bhuartha.
Chím, ‘s is dóth gur dóighte an radharc liom,
Síolrach Órfhlaith Mhóire is Mheidhbhe,
An seifteóir caol ‘s an créatúir cladhartha,
An ceisteóir claon ‘s an déirceóir doigheartha,
Súgh na táire is tál na coimse
Ag súil le sárfhuil sámh na saoithe.
Achtaimíd mar dhlighe do bhéithe
An seacht fó thrí gan coimhseach céile
Do tharraing ar cheann go teann gan truaighe
‘S a cheangal don chrann so i dteannta an tuama.
Bainigidhe lom de a chobhail ‘s a chóta,
‘S feannaigidhe a dhrom ‘s a chom le córda.

An chuid aca thárla báithte i mbliadhnta
Is cheileas go táir an táirnge tiarpa,
Chuireas amugha gan subhchus d’éinne
Buile na hútha is lúth a ngéaga,
Do mheilleas a gcáil is fagháil ar mhnaoi aca
Ag feitheamh gan fáth ar bharr na craoibhe,
Fágaim fúibh-se tionnscal páise
A mhná na dúla dúbhadh le dálgus ;
Ceapaigidhe fírnimh teinte is táirngibh,
Caithigidhe smaointe is inntleacht mhná leis,
Cuiridh bhur gcomhairle i gcomhar le chéile,
‘S tugaimse comhachta an fórsa dhéanamh.
Do-bheirim gan spás díbh páis na gciantach,—
Is beag liom bás gan barrghoin pian dóibh.
Ní chuirimse i bhfáth de bharr mo chaínte
An foirbhtheach fálta cáslag claoidhte,
An gabhal gan gotha ná an gola gan geall shuilt,
An toll gan toradh ná an tormach fallsa,
Acht léigthar an óige i gcóir chum síolraidh
‘S déanfa an sórt so clóca is díon dóibh.
Is minic do-chímse rinnsigh bhaotha
Ag tuitim le tigheas, is bímse buidheach díobh,
Gabhtha le mná de lá agus d’oidhche
Ag cosnamh a gcáil ‘s ar scáith a ngníomhartha ;
Ag seasamh ‘n-a bhfeidhil ‘s a bhfeidhm go fálta,
A n-ainm ar chloinn is bheinnse sásta.

Do chuala siolla is do cuireadh i bhásta é—
Is fuath liom boineannach iomadach ráidhteach—
Labhair go réidh is glaeidh go híseal,
Bar ar do bhéal, is baoghal bheith caínteach !
Seachain go fóill na comhachtaigh íogmhar
Is caithfe siad pósadh fós pé chífeas.
Tiocfaidh an lá le lánchead comhairle
‘S cuirfidh an Pápa lámh na gcomhacht air,
Suidhfe an chuideachta ar thiubaist na tíre,
Is scaoilfar chugaibh fé urchall coimhrigh
Fiadhntus fola agus fothram na feóla
Is mian bhur dtoile na tollairí teó so.
Éanduine eile dar hoileadh ó mhnaoi ar bith—
Léighidh a ndeirim is feicim do bhíodhga ;
Ar shlighe mo chumuis ná fulaing i gcaoi ar bith
Sraoill gan urraim ná Muirinn i mbríste,
Acht leanaidh san tóir na feoidhtigh liatha
Is glanaigidhe Fódla ón sórt so fiadhaile !
Caithfe me gluaiseacht uaibh chum siubhail,
Is fada mo chuairt-se ar fhuaid na Mumhan ;
An turus tá romham ní fhoghnann moill do,
Is iomad den ghnó annso fós gan éisteacht.
Casfa mé arís ‘s is fíor nách fáilteach
D’fhearaibh nach díon me thigheacht don áit seo ;
An chuid aca atá go táir n-a smaointe,
Fuireann nach fuláir leó a gcáil bheith sínte,

Mhaoidheas le fothram a gcothrom ar bhéithe,
Chífe an pobul a gcogair ‘s a sméide.
Is taitneamhach leó ‘s is dóth gur laochus
Scannal na hóige pósta is aonta,
Mian a dtoile ní sporann a gcionta,
Bréantus fola ná borradh na drúise,
Taitneamh don ghníomh ná fíoch na féithe
Acht magadh na mílte, maoidheamh a n-éachta.
Ní saínnt dá sógh bheir beó na céadta
Acht caínt is gleó agus mórtus laochuis,
Mustar is ábhacht is ráig gan riaghail,
‘S a gcumus go tláth gan tál gan triall,
Go tuisealach tárrlag támh ‘n-a n-iall,
‘S cuthach le gábha ar a mná ‘n a ndiaidh.
Glacfad go réidh an méid seo láithreach,
Caithfe me géilleadh ‘o mhéid mo phráinneach,
Cuirfe me an bhuidhean so i gcuing ‘s in ughaim
Nuair thiocfa mé arís san mí seo chughainn.
Do breathain me cruinn an ríghbhean réilteach,
‘S do laguigh mo chroidhe le linn bheith réidh dhi,
D’airigh me dásacht ghránmhar éigin
Is pairithis bháis im chnámha ‘s im chéadfadh ;
Chonnairc me an tír ‘s an tigheas ar luascadh,
Is fuinneamh a caínte ag rinnce im chluasa.
Tagann an bíoma bíodhgach báille,
Is leathain mo líthe ar shíneadh a láimhe ;

Tharraing ar chluais go stuacach stórtha
Stracaithe suas léi ar uachtar bóird me.
Preabann an bháb so chráidh an t-aonta,
Greadann a lámha ‘s is árd do léim sí.
Is aibidh adubhairt—A chrústa chríona
Is fada me ag súil let chúl-sa chíoradh,
Is minic do sluigheamh thu, a chroidhe gan daonnacht,
Is mithid duit stríocadh ‘o dhlighe na mbéithe.
Cosaint cá bhfaghaidh tu in aghaidh na cúise ?
Focal níor thuill tu a leadhb gan lúithchlis.
Ca bhfuil do shaothar saor le suidhmhchan ?
Ca bhfuil na béithe buidheach det ghníomhartha ?
Breathainse a bhaill seo a mhaighdean mhaordha,—
Ainimh ní bhfaghaimse mheill ar bhéithe é ;
Breathain go cruinn a ghnaoi ‘s a ghéaga
Ó bhaitheas a chinn go boinn a chaolchos.
Bíodh gurab ainimheach anmhíchúmtha é
Chímse ceangailte a bharra gan diúltadh.
A ghile ní ghrádhfinn, b’fhearr liom buidhe é,
Is cuma na gcnámh—ní cháinfinn choidhche
Duine mbeadh dronn ‘n-a dhrom is fánadh—
Is minic sin togha fir cromshlinneánach ;
Ba mhinic sin gambach lannsa gníomhach
Is ioscada cam ag strampa bríoghmhar.
Is fáithibh foilightheach uireasbhach éigin
D’fhág an doirbhtheach foirbhthe in aonta,

Is méid a cheana idir mhaithibh na tíre,—
A réim le sealad i gcaradus daoine,
Seinnm ar cheólta spórt is aoibhneas
Imirt ‘s ól ar bhórd na saoithe,
I gcomhar na fuirinne fuineadh as féile,
An snamhaire ar b’fhuiris dom urraim-se géilleadh.
Is taidhbhseach taitneamhach tairbheach tréitheach
Meidhrach meanmnach a ainm ‘s is aerach.
Ainmhidhe ‘et shórt níor órduigh an Tiarna,—
Geanmnaidhe fós i gcomhgar liaithe !
Creathaim go bonn le fonn do dhaortha,
Is gairid an chabhair do labhartha baotha,
Is coir módh is díreach suidhte it éadan—
Deich fó thrí gan coimhreach céile.
Éistigh lium-sa a chlú na bhfoidhnneach,
Faghaimse congnadh i gcúis na maighdne ;
An crádh ‘s an dúladh mhúch gan bhrígh me,
A mhná na múirne, is rún liom íoc air.
Congnaidh deirim libh, beiridh air, tóg é,
A Úna goirim thu ‘s fagh dham córda ;
Ca bhfuil tu a Áine, ná bí ar iarraidh !
Ceangailse, a Mháire, a lámha ar dtaobh thiar de !
A Mhuirinn, a Mheadhbh, a Shadhbh ‘s a Shíle,
Cuiridh i bhfeidhm le doighearthaibh díograis
Barr gach scóla d’órduigh an tsídhbhean,
Báithidh sa bhfeóil gach córda snaidhmeach,

Tómhais go fial na pianta is cruaidhe
Le tóin ‘s le tiarpa Bhriain, gan truagh ar bith ;
Tóg na lámha is árduigh an sciúirse,
Is sómpla sámh é a mhná na múirne !
Gearraigidhe doimhin, níor thuill sé fábhar !
Bainidh an leadhb ó rinn go sáil de !
Cloistear a chling i gcríochaibh Éibhir
‘S critheadh a gcroidhe ‘sna críontaigh aonta.
Is ciallmhar ceart an t-acht é, saoilim,
Bliadhain an aicht seo is ceart a scríobhadh dúinn: —
Réidhtigh, ceil, nó goid de sceimhle
Céad is deich fé leith as míle,
Dúbail ceart an freastal fuidhlaigh,
Is thúirling Mac an tseachtmhain roimhe-sin.
Glacann sí a peann ‘s mo cheann-sa suaidhte
Ar eagla m’fheannta is scannradh an bhuailte ;
An feadh do bhí sí ag scríobhadh an dáta
Is maithibh an tighe aici suidhte ar gárdain,
Do scaras lem néill, do réidheas mo shúile,
‘S do phreabas de léim ón bpéin ‘om dhúiseacht !

 

 

Previous

Main