Cuid a Dó: An Fear ar an mBínse: II
Preabann anuas go fuadrach fíochmhar
Seanduine suarach is fuadach nimhe fé,
A bhaill ar luascadh is luas anáile air,
Draghan is duais ar fuaid a chnámha
Ba dhreóil an radharc go deimhin don chúirt é,
Ar bórd ‘n-a thaidhbhse im éisteacht dubhairt sé
:—
Dochar is díoghbháil is síorchrádh cléibh
ort
A thoice le místáid, a shíol gábha is déarca,
Is dóth nach iongantus laigeacht na gréine
Is fós gach tiubaist dar imthigh ar Éire,
Mar mheath gach ceart gan reacht gan dlighe againn,
Ár mba bhí bleacht gan lacht gan laoigh aca,
Is dá dtagadh níos mó de mhórscrios tíortha
Is gach faision dá nódhacht ar Mhóir ‘s ar
Shíle.
A thoice gan chrích nach cuimhin le táinte
Olcus na síolrach daoine ó dtángais,
Gan focal le maoidheamh ag do shinsear gránna
Acht lopaigh gan bhrígh, lucht míre is mála.
Is aithnid dúinne an snámhaire is athair duit,
Gan charaid gan chlú gan chúil gan airgead,
‘N-a leibide liath gan chiall gan mhúineadh,
Gan mheidir gan mhias gan bhiadh gan anlann,
Gan faice ar a dhrom is a chabhail gan chóta,
Acht gad ar a chom is a bhonn gan bhróga.
Creididh a dhaoine, dhá ndíoltaidhe ar aonach
Eisean ‘s a bhuidhean tar éis íoc gach éileamh,
Dar colainn na naoimh badh dícheall muar do
Pota maith dighe len’ fhuidhlach d’fhuascailt.
Nach muar an t-óbhacht ‘s an gleó i measc daoine
Truaghaire ‘et shórt gan bhó gan chaoirigh,
Búclaí it bhróga is clóicín síoda
ort,
Is ciarsúir póca ag góbhail na gaoithe ort !
Do dhallais an saoghal go léir let thaidhbhse,
‘S is aithnid dam féin tu i dtaobh le coife.
Is deacair dham labhairt, do lom is léir dham,
Is fada do dhrom gan chabhair ón léine ;
Is togha drochdhuine do thuigfeadh ‘n-a gábha thu
Is feabhus do ruffa let mhuinchilte cáimric.
Tá canafas saor chum sraod go bhásta
Is ca bhfios don tsaoghal nach stays é ‘ot fháscadh
?
Feiceann an tír ort frínse is fáinne
Is ceileann do láimhne grís is gága.
Acht aithris ar bórd, nó inneósad féin é,—
An fada nár ól tu deóir let bhéile ?
A chonartaigh bhoicht na gcos gan ionladh,
Dochar it chorp le Bucks gan anlann !
Is fuiris dar liúm dot chúl bheith taidhbhseach,
Do chonnarc lem shúile an chúil ‘n-a luigheann tu
;
Garbh ná mín ní síntear fút ann,
Barrach ná líon dár sníomhadh le túrna,
Acht mata ‘n-a smuirt gan chuilt gan chlúdadh,
Dealbh gan luid gan phluid gan tsúsa,
I gcomhar botháin gan áit chum suidhe ann,
Acht súgh sileáin is fáscadh aníos ann,
Fiadhaile ag teacht go fras gan choimse
Is rian na gcearc air treasna scríobtha,
Lag ina dhrom ‘s na gabhla ag lúbadh
Is clagarnach dhonn go trom ag túirlint.
A chumainn na bhfáidh ! nach árd do labhair sí !
Gustalach gálbha gártha gabhann sí
I ndathaibh i gcóir ‘s i gclócaí síoda,
Faire go deó aru ! fóill, car fríoth é ?
Aithris cá bhfaghair an radharc so mhaoidheann tu,
Is aithris cár thuill tu an leadhb gan bhrígh seo ;
Is deacair a shuidheamh gur fríoth go cóir iad—
Is gairid ó bhís gan síol an órlaigh.
Aithris cá bhfuair tu luach an húda,
Is aithris cá bhfuair tu luach do ghúna,
Acht leagaimíd uainn car ghluais an cóta,
Is aithris cá bhfuair tu luach na mbróga.
A Aoibheal cheanusach charthannach chomhachtach,
Guidhim thu, gairim thu, freagair is fóir me,
Is fíor gur feasach me farairí Fódla
Suidhte greamuighthe ag sladaidhthe ‘en tsórt so.
Dar láimh mo charad ! is aithnid dam comhursa
Láimh le baile agam, gairid do chomhgar,
Buachaill soineannta sruimile sónntach
Ar buaileadh duine aca chuige mar nóchar.
Is searbh lem chroidhe nuair chím im radharc í—
A gradam, a críoch, a poimp ‘s a taidhbhse ;
Sealbhach bó aici is eórna ag fás di,
Airgead póca is ór ‘dir lámha aici.
Do chonnairc me indé í ar thaobh na sráide,
Is cumusach tréan an léire mná í,
Malfaire másach mágach magmhail,
Marbh le cámus lán de ladmhus,
Mar’each gur claon liom éad do mhúscailt,
Scannal do scéidh ná scéalta scrúdadh,
Do b’fhuiris dam innsin cruinn mar chuala
An chuma n-a mbíodh sí sraoillte suaidhte,
Stracaithe ar lár is gáir ‘n-a timcheall,
Sraithte ar an sráid nó i stábla sínte.
Mairfidh a tásc is tráchtfar choidhche
Ar mharthana ar cháil ‘s ar gháir a gníomhartha
In Uibh Breacáin an aráin ‘s an fhíona,
I dTír Mhacláin na mbánta míne,
Ag ísle is ársa Mháinse is Ínse,
Chill Bhreacáin, an Chláir is Chuinche,
Ag connsaigh ainmhidhe Threadraighe an phónra
Is fonnsaigh falachaidhe Chreatlaighe an chórda.
Faire, ba chlaon í, tar éis a ndubhairt me
Ghlacfainn gur saor í fé n-a cionta,
Acht bheirim don phláigh í lá mar chím i
Leagaithe láimh le Gárus sínte,
Caithte ar an ród gan órlach fúithi
Ag gramaisc na móna ar bhóithribh Dhubhdhoire.
M’iongantus ann os ceann mo chéille
Is crithim go fann le scannradh an scéil seo,—
Ise bheith seang nuair theann gach éinne í
Is druidim le clann nuair shanntuigh féin í.
Is mór n-a grása é ag rádh na mbriathar,
Nóimeant spás níor ghábha le hiarraidh
Ó léaghadh ar bórd os comhair na coinnle
An tÉgo Vos so d’órduigh Íosa
Gur shéid sí lacht go bleacht ‘n-a cíocha
Acht naoi mí beacht is seachtmhain cinnte !
Breathain gur baoghal don té tá scaoilte
Ceangal go héag fé thaobh den chuing seo,
I sealbh gach saoth, is éad dá shuathadh—
In aisce, mo léan ! mo léaghan ní bhfuaireas.
Is feasach dhon taobh so ‘en tsaoghal mar bhí me
Sealad dem réim ‘s dem laethibh roimhe seo,
Leitheadach láidir lán de shaidhbhreas,
Eisteas le fághail is fáilte im theaghlach,
Caraid i gcúirt is congnadh dlighe agam,
Ceannus is clú agus comhar na saoithe,
Tathac im chaínt is suim is éifeacht,
Talamh is maoin ag suidheamh mo chéille !
M’aigne síoch is m’intinn sásta—
Chailleas le mnaoi mo bhrígh ‘s mo shláinte !
Ba thaitneamhach leabhair an crobhaire mná í,
Bhí seasamh is com is cabhail is cnámha aici,
Casadh ‘n-a cúl go búclach trilseach,
Lasadh ‘n-a gnúis go lonnrach soillseach,
Cuma na hóighe uirthi is sógh ‘n-a gáire,
Is cuireadh ‘n-a cló chum póige is fáilte !
Acht chreathas le fonn gan chonn gan cháirde
Ó bhaitheas go bonn go tabhartha i ngrádh dhi.
Is dearbh gan dobhta ar domhan gur díoghaltus
Danardha donn dom thabhairt ar m’aimhleas
D’fhearthainn go trom ar bhonn mo ghníomhartha
Ó Fhlaitheas le fonn do lom do líon me.
Do snamnadh suidhte snaidhm na cléire,
Is ceangladh sinn i gcuing le chéile,
Ghlanas gan chinnteacht suim gach éileamh
Bhaineas le baois gan ghaois an lae sin.
Cothrom go leór, níor chóir me cháineadh—
Stopas an gleó bhí ag cóip na sráide,
Bacaigh go léir, bhí an cléireach sásta,
An sagart róbhuidheach is b’éidir fáth leis
!
Lasamair tóirsí is comhursain cruinn ann,
Leagadh ar bórdaibh mórchuid bídh chughainn,
Clagarnach cheóil is ól gan choimse,
Is chaitheadar cóisir mhórtach mhaoidhteach.
Mo dhíth gan easbhaidh nár tachtadh le biadh me
An oidhche baisteadh nó as san gur iarras
Síneadh ar leabain le haindeis do liaith-me
‘S do scaoil le gealaigh gan charaid gan chiall me.
‘S é tásc do gheóbhainn ag óg ‘s
ag aosta
Gur bhreallán spóirt ag ól ‘s ag glaedhach
í
I mbotháin ósta is bóird dá bpléascadh,
Ar lár ‘n-a lóiste ag pósta is aonta.
Do b’fhada dá meilt a teist ‘s a tuairisc,
Do b’fhada gur chreid me a bheag ná a mhuar de,
Do b’eaglach le gach beirt dá gcuala é
Go rachainn im pheilt im gheilt gan tuairisc.
Fós ní ghéillfinn, caoch mar bhí me,
Do ghlór gan éifeacht éinne mhaoidh é ;
Acht magadh nó greim gan feidhm gan chéill
Gur aithris a broinn dam deimhin gach scéil !
Níor chúrsaí leamhuis ná dúrdam bréige
é,
Ná dubhairt bean liom go ndubhradh léithe é
Acht labhair an bheart i gceart ‘s in ‘eifeacht—
Do bhronn sí mac abhfad roimh ré dham !
Mo scannradh scéil gan féith dhem chroidhe air—
Clann dá dtéadhamh dam tar éis na hoidhche !
Cullóid anfadhach ainigidhe scólta,—
Bunóc ceangailte is bean an tighe breóidhte,
Pusóid leagaithe ar smeachaidí teó aca,
Cuinneóg bhainne dhá greadadh le fórsa,
Is mullach ar lánmhias bánbhiadh is siúicre
Ag Muirinn Ní Cháimliaith báinliaigh an chrúca,
Bhí coiste cruinnighthe ag tuilleadh dem chomhursain
Chois na teine agus siosarnach dhamhsa.
Scaoilid cogar i bhfogus dom éisteacht:—
Míle moladh le Solus na Soillse !
Bíodh nach baileach a d’aibigh an chré seo
Do-chímse an t-athair ‘n-a sheasamh ‘n-a chéadfadh.
A bhfeiceann tu, a Shadhbh ‘rú, luigheamh a ghéaga
!
A dheilbh gan draghan a bhaill ‘s a mhéara !
Cumus na lámh ba dána dóirne !
Cuma na gcnámh is fás na feóla !
Do cheapadar cruinn gur shíolruigh an dúthchus
Maise mo ghnaoi agus íoghar mo ghnúise,
Feilleadh mo shrón’ is glónradh m’éadain,
Deise mo chló mo shnódh agus m’fhéachain,
Leagadh mo shúl is go fiú mo gháire,
‘S as-san do shiubhail ó chúl go sáil é.
Amharc ná radharc ní bhfaghainn den chréice,—
Is baileach gan leigheas do mheillfeadh gaoth é !—
Ag cuideachta an teaghlaigh i bhfeidhil mo chaochta,
Siolladh dá laighead di leaghfaidhe an créatúir !
Do labhras garg ‘s do thagras Íosa,
Is stollta garbh do bhagras gríosach,
D’fhógras fearg le hainbhfios caínte,
‘S is dóth gur chreathadar cailleacha an tighe romham.
De leisce an achrainn leagadar chugham é,—
Beir go haireach air, seachain ná brúigh é,
Is fuiris a shuathadh, luaisc go réidh é,
Turraing do fuair sí ruaig roimh ré é ;
Seachain ná fáisc é, fág ‘n-a luighe
é,
Is gairid an bás do, is gearr do raghaidh sé ;
Dá maireadh go lá idir lámha ‘n-a chló
‘S an sagart ar fagháil níor bh’fhearr a bheith
beó.
Do bhaineas an tsnaidhm dá choimhreach cumhdaigh
Is bhreathain me cruinn é sínte ar ghlúin liom,
A Muaireach d’airigh me tathacach tonnda é,
Fuair me feargach fearsadach lúitheach
Láidir leathan mo leanbh ‘n-a ghuailnibh,
Sála daingeana is anchuid gruaige air !
Cluasa cruinnighthe is ingne fásta,
Chruadhdar a uilleanna a chroibh ‘s a chnámha,
D’aibigh a shúile is fiú a pholláirí,
‘S d’airigh me a ghlúine lúthmhar láidir.
Coileán cumusach cuisleannach córach
Folláin fuinneamhach fulaingeach feólmhar.
Screadaim go hárd le gáir na tíre
Is leagaim dot láthair cás na ndaoine,
Breathain go caoin, is bí truaighmhéileach,
Beannaibh a gcinn is suim a gcéille ;
Atharruigh an dlighe seo chuing na cléire
Is ainic an bhuidhean nár fríoth san ghéibheann.
Má laguigh an síolrach díonmhar daonna
I dtalamh dathaoibhinn fhíorghlais Éireann,
Is fuiris an tír d’aithlíonadh ‘e laochaibh
D’uireasbha eangaighe gan bhrígh gan éifeacht,—
Cá bhfuil an gábha le gáir na bainse,
Cárta biotáille is págha lucht seinnte,
Sumaigh ar bórd go fóiseach taidhbhseach,
Glugar is gleó aca is ól dá shaighdadh,
Ó d’aibigh an t-adhbhar do bhronn Mac Dé
Gan sagart ar domhan dá dtabhairt dá chéile
Is leathanmhar láidir lánmhear léadmhar
Fairsing le fagháil an t-álmhach saor so.
Is minic do-chímse bríoghmhar bórrtha
Cumusach líonta i gcroidhe ‘s i gcóir iad ;
Créim ní fheicim ná daille ná caoiche
I léim ar leithre dar hoileadh ó mhnaoi ar bith ;
Is mó ‘s is mire, ‘s is teinne ‘s is tréine
A gcló ‘s a gclisteacht ná dlisteanaigh éinne.
Is fuiris a luaidhimse d’fhuascailt suidhte
Is duine aca an uair seo ar fhuaid an tighe agam !
A bhfeiceann tu thall go ceannsa ciúin é !
Deisigh anall i dteannta an bhúird é.
Breathain go cruinn é, bíodh gurab óg é
Is dearbhtha suidhte an píosa feóla é,
Is preabaire i dtoirt i gcorp ‘s i gcnámh é,
Ca bhfuil a locht i gcois ná i láimh dhe ?
Ní seirgtheach fann ná seandach feósach,
Leibide cam ná gandal geóiseach,
Meall gan chuma ná sumach gan síneadh é
Acht lannsa cumusach buinneamhach bríoghmhar.
Ní deacair a mheas nach spreas gan bhrígh
Bheadh ceangailte ar nasc ar teasc ag mnaoi,
Gan chnámh gan chumus gan chumadh gan chom,
Gan ghrádh gan chumann gan fuinneamh gan fonn,
Do scaipfeadh i mbroinn d’éanmhaighre mná
Le catachus draghain an groidhre breágh
Mar chuireann sé i bhfeidhm gan mhoill gan bhréig
Le cumus a bhaill ‘s le luigheamh a ghéag
Gur crobhaire é crothadh go cothrom gan cháime
Le fonn na fola is le fothram na sláinte.
Leis-sin ná hiarrse a riaghain réilteach
Meilleadh meiriad le riaghail gan éifeacht !
Scaoil ‘o chodladh gan chochall gan choimhreach
Síol an bhodaigh ‘s an mhogallfhuil mhaoidhteach,
Scaoil fá chéile de réir nádúra
An síolbhach séad ‘s an braon lábúrtha,
Fógair féilteach tré sna tíortha
D’óg is d’aosta saorthoil síolraidh.
Cuirfidh an dlighe seo gaois i nGaedhlaibh,
‘S tiocfaidh an bhrígh mar bhí ina laochaibh,
Ceapfaidh sé com is drom is dóirne
Ag fearaibh an domhain mar Gholl mac Móirne,
Gealfaidh an spéir, beidh éisc i líonta,
Is talamh an tsléibhe go léir fé luíbhna,
Fir is mná go brách dá mhaoidhchain,
Ag seinnm do cháil le gárdus aoibhnis. |