Cuid a Trí: An Bhean arís ar an mBínse:
III
Tar éis bheith tamall don ainnir ag éisteacht
Do léim ‘n-a seasamh go tapa gan foidhnne,
Do labhair sí leis agus loise ‘n-a súile
Is rabhartaí feirge feilice fútha:—
Dar Coróin na Carraige mar ‘each le géilleadh
Dot chló dot aindeis ‘s d’easnamh do chéille
Is d’am na hurraime ‘on chuideachta shéimh seo
An ceann lem ingin do sciobfainn det chaolscrog,
Do leagfainn anuas de thuairt fá’n mbórd thu
‘S is fada le luadh gach cuairt dá ngeóbhainn ort
Go stróicfinn sreanga do bheathadh le fonn ceart,
‘S go seólfainn t’anam go Acheron tonntach.
Ní fiú liom freagra freastail do thabhairt ort,
A shnamhaire fleascaigh nach aithis do labhartha !
Acht ‘neósad feastain do mhaithibh na cúirte
An nós nur cailleadh an ainnir nár bh’fhiú
thu :—
Bhí sí lag, gan bha gan phúntaibh,
Bhí sí abhfad gan teas gan clúdadh,
Cortha dhá saoghal, ar strae dhá seóladh
Ó phosta go pléar gan ghaol gan chomhghus,
Gan scíth gan spás de lá ná d’oidhche,
Ag stríocadh an aráin ó mhná nár chuibhe
léi.
Do gheall an fear so dreas sócamhail di,
Do gheall an spreas di teas is clúdadh,
Cothrom glan is ba le crúdh dhi,
Is codladh fada ar leabain chlúimh di,
Teallaighe teó agus móin a doíthin,
Fallaí fód gan leóithne gaoithe,
Fothain is díon ón sín ‘s ón spéir
dhi,
Olann is líon le sníomh chum éadaigh.
Do b’fheasach don tsaoghal ‘s don phéist seo láithreach
Nach taitneamh ná téadhamh ná éanphuith grádha
dho
Do cheangail an péarla maordha mná so
Acht easnamh go léir,—ba déirc léi an tsástacht
!
Ba dúbhach an fuadar suairceas oidhche
Smúit is ualach duais is líonadh,
Lúithne luaidhe agus guailne caoila
‘S glúine cruaidhe chomh fuar le hoidhre,
Cosa feóidhte dóighte ón ngríosaigh
‘S colann bhreóidhte dhreóighte chríona.
A bhfuil stuaire beó ná feóidhfadh liath
Ag cuail dá shórt bheith pósta riamh ?
Nár chuarduigh fós fá dhó le bliadhain
Cé buachaill óg í, feóil nó iasc ?
‘S an feóidhteach fuar so suas léi sínte
Dreóighte duairc gan buadh gan bíodhgadh.
Óch ! car mhuar di bualadh bríoghmhar
Ar nós ba dhual de uair san oidhche.
Ní dóth go dtuigthar gurab ise ba chiontach
Ná fós go gcliseadh ar luige ‘n-a tonndacht
An maighre mascalach carthannach ciúintais—
Is deimhin go bhfeaca sí a mhalairt de mhúineadh.
Ní labharfadh focal dá mb’ obair an oidhche
‘S thabharfadh cothrom do stollaire bhríoghmhar.
Go brách ar siubhal níor dhiúltuigh riamh é,
Ar chnámh a cúil ‘s a súilibh iadhta.
Ní thabharfadh preab le stailc mhíchuíbhsach,
Fogha mar chat ná straic ná scríob air,
Acht í go léir ‘n-a slaod cóshínte,
Taobh ar thaobh ‘s a géag ‘n-a thimcheall,
Ó scéal go scéal ag bréagadh smaointe,
Béal ar bhéal ‘s ag méaracht síos air.
Is minic do chuir sí cos taobh ‘nonn de ;
Is chuimil a bruis ó chrios go glún de ;
Do sciobadh an phluid ‘s an chuilt dá ghúnga
Ag spriongar ‘s ag sult le muirt gan súbhchus.
Níor chabhair dhi coigilt ná cuimilt ná fáscadh,
Fogha da hingin, dá huillinn, dá sála.
Is nár dham aithris mar chaitheadh sí an oidhche
Ag fáscadh an chnaiste, ag searradh ‘s ag síneadh,
Ag feacadh na ngéag ‘s an t-éadach fúithi,
A ballaibh go léir ‘s a déid ar lúithchrith,
Go loinnir an lae gan néall do dhúbhadh uirthi,
Ag imirt ó thaobh go taobh ‘s ag ionfairt.
Nach fuiris don lobhar so labhairt ar mhná
‘S gan fuinneamh ‘n-a chom ná cabhair ‘n-a chnámha,
Má d’imthigh an mhodhmhail bhí trom ‘n-a ghábha
‘S gur deineadh an fhoghail seo gabhaimse a páirt.
A bhfuil sionnach ar sliabh ná iasc i dtráigh,
Ná fiolar le fiadhach ná fiadh le fán
Chom fada gan chiall le bliadhain ná lá
Do chaitheamh gan biadh ‘s a bhfiadhach le fagháil ?
An aithnid díbh féin san tsaoghal so cá fhuil
An t-ainmhidhe claon ná an féithid fáin
Do phiocfadh an chré an fraoch nó an pháil
Is fiorthann ‘n-a shlaoda ‘s féar le fagháil
?
Aithris gan mhoill, a chladhaire chráidhte,
Freagair me, faghaimse feidhm it ráidhte :—
Ca bhfuil do dhíth ag suidhe chum béile ?
Ar caitheadh le mí aici a dtigheas ‘n-a féile !
An luigide an chúil nó an lughade an láithreach
Fiche milliún má shiubhail le ráithe ann ?
Mairg it cheann a sheandaigh thonnda,
An eagal leat ganntan am do dhúla !
An dóth a ghliogaire buile gur bhaoghal duit
Ól na Sionainne tirim nó a taoscadh ?
Trághadh na fairrge is tarraint an tsáile ?
Is clár na mara do scaipeadh le scála ?
Breathain in am ar leamhus do smaointe
Is ceangail do cheann le banda timcheall !
Seachain i dtráth, ná fág do chiall
Le heagla mná bheith fáilteach fial ;
Dá gcaitheadh sí an lá le cách do riar
Bheadh tuilleadh ‘s do sháith-se ar fagháil ‘n-a
ndiaidh.
Mo chumha is mo chrádh badh bhreagh san éad
Ar lúbaire láidir lánmhear léadmhar
Shanntach sháithteach shásta sheasmhach
Ramsach ráflach rábach rabairneach,
Lascaire luaimneach, cuardóir coimseach,
Balcaire buan nó buailteóir bríoghmhar,
Acht seanduine seanda crannda créimtheach,
Feamaire fann is feam gan féile.
Is mithid dom chroidhe bheith líonta ‘e léithe,
Is m’iongantus trí gach smaointe baotha
Cad do-bheir scaoilte ó choimhseach céile
In eagluis sinsir suim na cléire.
Mo chrádh gan leigheas, mo threighid dom fháscadh,
Is láidir m’fhoidhnne is laighead mo ráige,
Is méid a mbíom ar díth gan éinne,
Is méin ár gcroidhe fé shnaidhm na héide.
Nach bocht an radharc do mhaighdin ghábhmhair
Toirt is taidhbhse a mbaill ‘s a mbreaghtha,
Bloscadh a n-aghaidh agus soillse a ngáire,
Corp is coim is toill ar támhchrith,
Úireacht, áilneacht, bláth agus óige,
Ramhdus cnámh is meádhchan feóla,
Martus trom is drom gan suathadh,
Neart gan dobhta is fonn gan fuaradh.
Bíonn sealbh gach sógha aca ar bhórd na saoithe,
Earradh agus ór chum óil is aoibhnis,
Clúmh chum luighe aca is saill chum bídh aca,
Plúr is milseacht meidhir is fíonta.
Is gnáthach cumusach iomadach óg iad
‘S tá fhios againne gur fuil agus feóil iad.
Cumha ní ghlacfainn le cafairí coillte,
Snamhairí galair ná searraigh gan soillse,
Acht márlaidh bodacha, tollairí tréana,
I dtámhghail chodlata is obair gan déanamh !
Creidim gan bhréig gur mhéin le roinn díobh
Feilleadh le féile, daor ní bheinnse.
Cothrom, ní cóir an t-órd le chéile
Chrochadh le córda, ghóbhail ná dhaoradh,
Bás na droinge, is deimhin, ní ghrádhfinn,
Lán na luinge chum duine ní bháithfinn,
Cuid aca bíodh gur rícigh riamh
‘S cuid eile bhíos gan ríomh gan riaghail,
Cinntigh chruadha gan truagh gan tréithe,
Fíochmhar fuar is fuath do bhéithe.
Tuilleadh aca atá níos fearr ‘ná a chéile,
Tuilte le grádh is le grása féile.
Is minic a buaidhtear buaibh is gréithe
Cuigeann is cruach de chuaird na cléire.
Is minic lem chuimhne maoidheadh a dtréithe
Is iomad dá ngníomhartha fírghlic féithe,
Is minic do chuala ar fhuaid na tíre
Siosarnach luaith dá luadh go líonmhar,
Is chonnairc me taidhbhseach roinn dá ramsa
Is uimhir dá gclainn ar shloinnte fallsa.
Baineann sé fáscadh ar lár mo chléibh-se
A gcaithtar dá sláinte ar mhná treasaosta
Is turraing san tír chum díth na mbéithe,
Ar cuireadh gan bhrígh den tsíolrach naomhtha.
Is dealbh an diachair dianghuirt d’Éire
Ar chailleamair riamh le riaghail gan éifeacht !
Fágaim fút-sa a chnú na céille
Fáth na cúise is cumha na cléire.
Is meallta meillte luighid dom dhóith-se.
Is dall gan radharc me, soillsigh m’eólus,
Aithris, ó’s cuimhin leat, caínt na bhfáidhe
Is apstol an Ríogh ba bhíodhgach ráidhte.
Ca bhfuil na comhachta d’órduigh an Dúileamh,—
Is calcadh na feóla i gcoróin na cumha so ;
Pól dar liúm ní dubhairt le héinne
An pósadh dhiúltadh acht drúis do shéanadh,
Scaradh let ghaol dá mhéid do ghnaoi
Is ceangal let shaoghal is claedh let mhnaoi.
Is obair gan bhrígh do mhnaoi mar táimse
Focal den dlighe seo shuidheamh ‘ot láthair,
Is cuimhin leat féin a phéarla an taidhbhse
Suidheamh gach scéil is léir dhuit soillseach
Binnghuth buan is buadh na mbréithre
Is caínt an Uain ná luadhfar bréagach,
Dia nár bh’áil leis máthair aonta,
Is riaghail gach fáidh i bhfábhar béithe.
Guidhim go hárd tu, a fháidhbhean tsídhthe,
A shíolrach neámhdha a bharr na ríghthe,
A shoillse glóire a choróin na sluaighte,
Éist lem ghlór-sa, fóir is fuar dhúinn ;
Meáidh it intinn díth na mbéithe
Is práinn na mílte brídeach aonta,
Is toicibh mar táid ar bhrághaid a chéile
Ag borradh is ag fás mar ál na ngéanna ;
An tál is lugha tá ag siubhal na sráide,
Gárlaigh dhubha is giúnach gránna,
An aga dá laighead má gheibhid a ndóithin
Glasraidh, meidhg, is bleaghdair bórrfaid ;
D’urchar nimhe le haois gan éifeacht
Tiocfa na cíocha, sceinnfid, scéidhfid.
Scalladh mo chléibh ! Is baoth mo smaointe !
Ag tagairt ar chéile i gcaorthaibh teinte !
Is deacair dam súil le súbhchus d’fhagháil
‘S gan fear in aghaidh triúir san Mhumhain dá mná.
Ó thárla an ceanntar gann so gábhmhar,
Fánlag fann, ‘s an t-am so práinneach,
Fódla follamh is fothram ag fiadhaile,
Is óige an phobail ag cromadh is ag liathadh,
Aonta fada go dealbh gan foidhnne
D’éinne ar talamh is fear éigin faghaimse.
Ceangail i dtráth go tláith fén úghaim iad,
‘S as san go bráthach fágtar fúinne iad. |