Clare County Library
Clare Literature
Home | Search Library Catalogue | Foto: Clare Photo Collection | OS Maps | Search this Website | Copyright Notice

Lámhscríbhinní Gaeilge i gCill Chaoi le Pádraig Ó Riain

Lámhscríbhinn 4

19ú haois. Páipéar. 6” X 7 1/6”. [44] lch. Tá leath bhileog [15-16] ar iarraidh. Luaigh an scríobhaí a ainm, i dteannta ainm an duine ar scríobh sé dó í, ar lgh. [3], [13], [14], [17], [27], ach scriosadh ina dhiaidh sin é. B’fhéidir gur “Michael” ba ainm baiste dó (lch. [3]). Lámh fhíornéata aige. Ar lch. [13] tá, “Airna sgriobh […] do fhear mhaith shoilibher Míthcháll Ó Coneirthinidh”, cf. lch. [3], “Finis by […] Michael Mc.,Inerny of Kilferagh 1847”.
Gan ceangal agus cúpla bileog scaoilte ina tosach. Fuadh na cinn eile le córda. Tá lorg na haimsire ar na himill agus an scríbhneoireacht baoth in áiteanna. Tharraing duine éigin línte pinn luaidhe thíos faoi ranna agus timpeall orthu. Tá scribleáil phinn luaidhe ar lgh. [25], [38].

[1]. Tosach ar iarraidh. Ansan air teacht do Ghillion óg. 15 r. (cf. An Seabhac, Laoithe na Féinne, 79, l. 71).

[4]. Éistig sealad a charaid leam bhréithre grinn. 29 v. “Eachtra an Bhaitsiléra”. Tá cuid de na véarsaí i mBéarla.

[14]. r. fáin. An diadhal nuair bhíon na luidhe go cráite fann. Leanann aistriú Béarla, When the devil is sick in a desperate state.

[15]. r. fáin. Malacht Fhinn is Chonáin. Leanann r. fáin eile a thos.; A fhearaire ghroidhe dob fheille is dob fheara […]. Deireadh ar iarraidh.

[16]. r. fáin. A dhuine ná tuigion tu cúrsaidhe an tsaoghal. Lean rann fáin eile ach níl fágtha anois de ach blúire den chéad líne, .i. […]s bocht sas craite an phian, agus cúpla focal den dara líne, .i. […] tláith i triall.

[17]. r. fáin. If Saint Pauls day be fair and clear.

[18]. Sgeal do haithristior air sgolaire. 45 v. “Eactra an Sgolaire agus na Cailídhe”.

[27]. Whereas do thanaig san bfóghar dom láithir. 141+8 l. “Bharántas Dhonchadh Ui. Bhuachlo.i. Mac leighin agas eagnuidhiocht dar goidiog 3 leabhair uaig etcetera”.

 

Previous

Main

Next