Clare County Library
Clare Literature
Home | Search Library Catalogue | Foto: Clare Photo Collection | OS Maps | Search this Website | Copyright Notice

Scríbhneoirí Gaeilge an Chláir ó 1850 Anall


Insan am atá faoi thrácht agam bhí bochtanas maoine agus dearóile aigne ag baint le muintir an Chláir. Bhíodar díreach ag teacht slán ó shlat na bPéin Dlithe agus bhí Fuascailt na gCaitiliceach á comoradh acu. Bhí Ó Conaill i mbárr a réime ach bé réim an Bhéarla é óir ní raibh foighne aige le Gaeilge. B'í teanga na mbochtáin agus an bhochtanais í agus ba oiriúnach mar a bhaist Séan Ó Conaill dá chuid ainneoiseoirí an Ghaeilge a chaitheamh uathu agus glacadh go h-iomlán leis an mBéarla. Tugtar leiriú an-sceonmhar ar chúlú meas an phobail ar an nGaeilge tré shúile Mhichíl Úí Raghailligh, graifneóir as Inis Diomáin ins an alt eolach a scríobh an t-Ath. Pádraig Ó Fiannachta i 'Litríocht an Lae 1800-1850'.

Seo mar a chuireann Mícheál Ó Raghallaigh síos air:-
"A léitheoir ionúin ná tabhair athais nó milleán orm tré olcas an scribhainn atá sa leabhar so, óir is fear céirde mé agus is im' aimsir dhíomhaoin do rinne mé an chnuasacht so. Dá bhrí sin ní féidir é a bheith chomh slachtmhar le scríbhinn do dhéanfadh fíorchléireach. Ach thairis sin, an tan do chonacas dom nach raibh aoinne de lucht mo chomhaimsire ag cnuasacht a bheag de shaothar ár bhfilí do mheas mé gan iad uile do léigint ar fán. Ach is beag an tairbhe iad do chosaint óir is náireach lenár n-aos óg teanga a sinsear d'fhoghlaim. Dá bhrí sin ní bhia focal Gaeilge sa ríocht i gceann céad eile bliain má leanaid an nós atá acu lem chuimhne féin."

Chuidigh teacht na Scoileanna Náisiúnta go mór le chreachadh na teangan óir níor tugadh áit omósach dí i gClár na Scoile go dtí 1922. Ach ní go taismeach a thárla an aisiompó seo ó bhí teagasc na Gaeilge imithe i bhfeidhm ar mhuintir na hÉireann de bhárr sár obair na muinteoirí taistil a bhí fostaithe ag Conradh na Gaeilge. I dtús an chéid bhí ós chionn 800 craobhacha den Chonradh bunaithe agus ba reabhlóid teanga agus aigne a chuaigh i bhfeidhm go mór ar gnáthmhuintir na hÉireann.

Sa bhliain 1899 tháinig Tomás Bán Ó Coincheannain Priomh Thimire an Chonartha chuig an Chlár agus é ag craobhscaoileadh soiscéal an Chonartha. Chuaigh sé i bhfeidhim go mór ar mhuintir iarthair an Chláir. Féach ar an léarscáil agus feicfidh tú gur shíolraigh na scríbhneoirí seo ó iarthar agus deisceart an Chontae.

Léarscáil de scríbhneoirí an ChontaeB'í Inis príomh bhaile an Bhéarla óir is ansin a bhí lár-ionad cumhachta riaracháin sa dlí, scolaíocht, cumarsáid agus eaglaise. Tar éis Eirí-Amach '16 agus toghchán de Valera don Chláir i mblian '17, bhí casadh na taoide arís don naisiúin Gaelach de bhrí gurb é Teachta Dála an Chláir an ceannaire naisiúnta. Bhí Cogadh na gCarad ann, cogadh a dhein an-dochar don tír agus dá cheannairí ach pé rud faoi easaontas polaiticúil, bhí dilseacht acu don Ghaeilge óir thuigeadar, má ba dhoiléir féin é, go raibh a Ghaeilge i réim in Éireann róimh éag do Chríost.

Ba chuid dá meas ar idéal na h-aithbheóchana bunú an Gúm chun leabhair Gaeilge a fhoilsiú agus fónamh níos éifeachaí de theagasc na Gaeilge sna scoileanna. Bunaíodh deiseanna árdoideachais tré Gaeilge don mhuintir a raibh sin uathu. Is i ngort iliomairach na Gaeilge a d'fhuirsigh scríbhneoirí an Chláir atá faoi thrácht agam - gort an oideachais, gort na fealsúnachta agus na claisicí, gort an léinn agus na staire. Ba ghaiscigh iad uile, cuid acu ina nGaeilgeoirí dúchais agus cuid bhí ina fhoghlaimeoirí ach gur chuir siad bárr shlacht ar a n-eolas agus a gcleachtadh ar an dteangan sa chaoi go raibh siad uile ar an bhárr amhain cumais. Is cloch beag ar an charn é an taispeántas seo le linn an Oireachtais in Inis ar an ngaisce rinne siad. Is oscailt súl dúinn ilgnéitheacht agus iltaobhacht a scoláireacht. Is mór againn doimhne a gcuid smaointe agus a ndílseacht dá ndúchas. Thugadar dícheall a mbeatha agus éirim a n-intleachta do shaothrú na teangan chun gur fearr agus gur leithne agus gur doimhne ár dtuiscint uirthi. Ní miste dúinn ár meas is ár n-omós a thaispeaint dóibh. Is i labhairt, i léamh agus i scríobh ár dteanga is fearr a cheiliúrfaimid á ngaisce siúd.

TUAIRISC AR NA SCRÍBHNEOIRÍ

Michéal Ó Ciosóg (1847-1906)
Rugagh é i gCairn, Co. an Chláir 1847. Gaeilgeoir dúchais ba ea é. Oileadh é ina mhuinteoir agus d'oscail sé an Civil Service
Michéal Ó Ciosóg
Michéal Ó Ciosóg
Academy i mBaile Átha Cliath 1878. Bhunaigh sé Irishleabhar na Gaeilge 1882. Bhí sé ina chomhbhunaitheoir ar Chumann Luthcleas Gaeil 1884 in nDúrlas Éile. Scéal a bheatha scríofa an Bráthar Ó Caithnia - 'Míchéal Ciosóg'. Foilsíodh an dara bheatháisnéis air - 'Michael Cusack and the G.A.A.' le Larcus de Búrca 1989.

Stiofán Ó h-Ealaoire (1858-1944)
Rugadh Stiofán Ó h-Ealaoire i 1858 i mBaile uí Choileain in aice Sráid na nIascairí i dtuaisceart an Chláir. Bhí cáil an bhéaloideasa air mar a bhí ag a athair agus a mháthair. Tháinig Séamus Ó Duilearga chuige i 1930 agus d'aithin sé an taisce mór béaloideasa a bhí i gceann Stiofáin. Chrunnigh sé an stór sin ar feadh na mblianta ó 1930 go '43 agus b'é a thuairim gurb é Stiofáin "an cainteoir Gaeilge is fearr a casadh riamh orm in aon áit in Éireann". Tá tuairisc ar bheatha Stiofáin maraon le stór iomlán a scéalaíochta i 'Leabhar Stiofán Uí Ealaoire' a chóirigh Daithi Ó hÓgáin.

Fiachra Ó Dubhthaigh (1935-1987)
Rugadh é i Lios Cheannúir. Fuair sé oideachas i Scoil na mBráithre in Inis agus i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath (BA agus ATO). Ghnóthaigh sé céim M.Ed. i gColáiste na Tríonóide. Chaith sé a shaol muinteora ar fad i scoileanna iarbhunoideachais i mBaile Átha Cliath. Fuair sé post mar léachtóir i gColáiste Oideachais Eaglais na hÉireann i Ráth Maonais.

A shaothar foilsithe: Buntús Foclóra, Buntús Tearmaíochta. Leargas ar 'Dúil' Uí Fhlatharta. Leargas ar Scéalta 'Bullaí Mhartain'. Onóracha sa Ghaeilge - treoirleabhar teanga.

Briain O Luanaigh (1828-1901)
I Móin Riail in aice le Inis Diomain a rugadh é. Chaith sé tamall i Modhscoil Talmhaíochta i gCathair Seirgín. Ghlac sé páirt in Eirí amach Bhaile an Gharraí 1848. 1857 bhí sé ag cóipeáil láimhscríbhinní do William Smith O'Brien agus b'eisean scríobh leath de láimhscríbhinní d'fhág O'Brien le huacht ag an Acadamh Ríoga. Chuir sé eagar ar 'A collection of peoms written on different occasions by the Clare bards in honour of the McDonnells of Kilkee and Killone'. Chuir sé eagar ar 'Dánta Aindrias Mhic Cruitín'. Ó 1871 i leith bhí sé ina bhall d'Acadamh Ríoga na h-Éireann agus ceapadh é ina leachtóir le Gaeilge in Ollscoil Ríoga na h-Éireann i gcomharbacht ar Ó Comhraí.

Tomás Ó h-Aodha (1866-1935)
Rugadh Tomás Ó h-Aodha i Sráid na Cathrach i 1866 agus dhearbhaigh sé go raibh an Ghaeilge thart timpeall an cheantair le linn a óige. Oileadh é ina mhuinteoir gColáiste Phádraig, Dromconrach agus is le muinteoireacht agus ceol agus drámaiocht a chaith sé iomláin a shaoil. Fear mór ceoil b'ea é agus deirtear gurb é an muinteoir ba thúisce a mhúin na h-amhráin Gaeilge leis an Solfa Tónach. Bhí roinnt drámaí scríofa aige a bhain duaiseanna Oireachtais i 1909-'11. D'fhoilsigh sé 'An Solfathóir Gaelach' 1922. D'fhoilsigh sé 'An Gioblachán', 'An Serabhadóir', 'Mainichín', agus dhá leabhar gearrscéalta 'An Figheadóir agus Scéalta Eile' agus 'Giolla na Leisce agus Scéalta Eile'.
Nora Daly (amhrán)

Seosamh T. Ó Ceit (1868-1928)
Rugadh Seosamh Thomáis Ó Ceit sa bhFairche, idir An Dún Beag agus Cill Chaoi, sa bhliain 1868 agus fuair sé bás sa bhliain 1928. Fuair sé a chuid oideachas i scoil náisiúnta an Bhainseach, agus i scoil Chill Chaoi. Bhí sé á oiliunt i gColáiste Dhroim Connrach mar mhuinteoir náisiúnta in 1886 ach níor éirigh leis an cúrsa dhá bhliain a chriochnú ann de dheasca a dhroch shláinte. Chuaigh sé abhaile agus d'fhan sé ag obair ar an bhfeirm lena mhuintir, agus é ag gabháil don Ghaeilge istoíche.

Tháinigh Tomás Bán Ó Coincheannain an treo sa bhliain 1899 agus cuireadh craobh ba Fairche de Chonradh na Gaeilge ar bun agus bhí Seosamh T. Ó Ceit ina mhuinteoir uirthi.

Scríobh sé prós, filíocht agus drámaí. Tá ós cionn triocha dá chuid amhrán le fáil sna hirisí 'An Claidheamh Solais' agus 'Fáinne an Lae'. Cuireadh dráma dá chuid, 'Maon', i gcló sa bhliain 1924. I lámhscríbhneoireacht an fhir seo tá na scríbhinní seo a leanas: 'An Cuire', dráma aonghnímh, 'Dioghaltas Draoi' dráma trí ghníomh, 'Dornán Síl', ocht gcinn déag d'amhráin agus dánta, agus 'Fearghal i dTir na nÓg' dán an-fhada, eipic b'fhéidir, ina bhfuil 129 véarsaí.

Daithí Ó Coimín (1854-1907)
I Sráid Anraí, Cill Rois a rugadh é i 1854. Le Béarla a tógadh é agus ní raibh eolas maith aige ar an nGaeilge labhartha riamh de réir tuarisc Séamus Ó Dubhghaill a bhuan chara. Ba cléireach bainc é sa Bhanc Naisiúnta i mBaile Átha Cliath. Dúirt An Chraobhín faoi - "An Gael ba dhúthrachtaí a casadh riamh orm go dtí seo". Bé a bhunaigh Irisleabhar na Gaeilge 1882 agus bhí sé ina eagarthóir air go dtí 1887. Fear mór smaointe chun cursaí na Gaeilge a phoibliú ba ea é agus glacadh sé féin le tromlach na h-oibre. Chuir sé eagar ar 'Laoi Oisín i dTír na nÓg' (1880) (Mac Griomhartha Fhinn) (1902). 'Foras Feasa ar Éirinn' (1902).

Dr. Domhnall Ó Mathúna (1872-1942)
Rugadh and Dr. Domhnall Ó Mathúna i Sráid an Mhargaidh, Cill Rois i 1872. Ba shiopadóir a athair. Fuair sé scolaíocht ag na Bráithre i gCill Rois, i gColáiste Fhlannáin, Inis, agus Coláiste Cluain Gabhann, Baile Átha Cliath. Bhí an-spéis aige ins na teangacha claisiceacha agus d'eirgh thar barr leis ionta. Bhain sé céim dochtúir le leigheas amach agus bhí sé ag cleachtadh leighis i gceantar Glasnaíon. D'fhoghlaim sé Gaeilge ó leabhair an Athair Peadar agus de thoradh a staidéir ar an teanga scríobh sé 'Cruinneas Cainte' (1923) agus uaidh sin amach tháinig beart mór leabhar den scoth óna pheann - aistriucháin iad ar litríocht na Róimhe agus na Gréige. Tháinig 14 leabhar óna pheann agus mhol Mícheál Ó Griofa a chuid Gaeilge agus a stíl aistriucháin go h-árd.

Eoghan Ó Comhraí
Eoghan Ó Comhraí (1794-1862)
I nDún Átha ar bhruach na Sionainne a rugadh Eoghan Ó Comhraí duine de na scoláirí Gaeilge ba mhó le rá sa chéad seo chaite. Seal i mbun feirmeoireachta, seal i mbun scoile agus ansan fuair sé post sa Gealtlann i Luimneach (1827). Fuair sé post in Oifig an Suirbheireacht Ordanáis (1835). Ceapadh é ina Ollamh le Seandálaíocht agus Stair na hÉireann san Ollscoil Chaitliceach in 1854. A phríomh obair ná 'Lectures on the Manuscript Materials of Ancient Irish History' agus 'Manners and Customs of the Ancient Irish'. Fuair sé bás sa mbliain 1862. Dhá leabhar ar a bheatha: 'Síoladóirí' le Brathair Criostúil, 'Séan Ó Donnabhain agus Eoghan Ó Comhraí' le Éamon de hÓir.

Annraoi de Blác (1884-1974)
Rugadh Annraoi de Blác i gCill Bheathach in iarthar an Chláir. Gaeilge aige ó dhúchas. Thug an scoláire Nils. M. Holmer cuairt air agus é ag déanamh taighde dá 'The Dialects of Clare'. B'é a theist ar Annraoi - "A very good speaker". Nuair bhí An t-Ath. Séamus Ó Dea ag tabhairt seanmoir Gaeilge i gCill Bhaile Eoin Lá 'le Pádraig 1962 fuair sé amach go raibh Gaeilgeoir duchais ina lucht éisteachta. Nuair bunaiodh Foras Uí Chomhraí i gColáiste Charraig a' Chabhaltaigh ceapadh Annraoi mar an chéad Ollamh ar an bhForas. Bhuaigh sé an chéad duais sa scéalaíocht ag Oireachtas 1971. Rinne R.T.E. clár 'Féach' faoi, thug sé leacht i Magh Nuad. Fuair sé bás i 1974.

Seán O hOgáin (1869-1947)
Rugadh Seán Ó hÓgáin i gCill Mhichíl i gCo. an Chláir in 1869. D'éirigh leis post fhail sa státsheirbhis sa bhliain 1884. B'é tuiscint an teaghlaigh gur thaistil sé le Mícheál Ciosóg go Dúrlas Éile an lá bunaíodh Cumann Luthchleas Gael. Chabhraigh sé leis an Ath. Éamonn Ó hÓgáin chun 'An Luibhleabhrán' a ullmhú. Ó 1900 bhí post sínsearach aige i Roinn na Talmhaíochta. Scríobh sé leabhar mór 'Contae an Chláir' (1938). Bhí sé ag scríobh leabhair ar logainmneacha ach níor éirigh leis é chriochnú. D'éag sé i 1947.

Mícheál Ó Griofa (1869-1949)
Rugadh Míchéal Ó Griofa i gCathair Aoidh, Lios Uí Chathasaigh in 1869. Chloiseadh sé Gaeilge sa teach agus bhí tuiscint gleineach aige aurthi. Le muinteóireacht chuaigh sé ar feadh seal de bhlianta. Fuair sé an dara h-áit in Eirinn agus sa Bhreatain i gcomortas d'oifigigh chustaim agus máil. Bhí sé i mBéal Feirste, Glaschú agus Baile Átha Cliath. Ó 1922 bhí sé ag obair sa Roinn Oideachais agus chaith sé formhór dá shaol ag obair san Gúm. Ba scríbhneoir cumasach é. Scríobh sé 'Lorgaireacht', 'Bean an Bhrait Bháin', 'Briathar Mná', 'Buaidh na Treise', 'De Dhriom na nAille', agus 'Cathair Aoidh' a bhuaigh Duais an Chraoibhín i 1937. Scríobh sé bunleagan 'Bunreacht na hÉireann' (1937). Fuair sé bás i 1946.

An tAth. Seoirse MacClúin (1894-1949)
Rugadh Seoirse MacClúin i gCeapadh Rua, sa Scairbh i 1894. Fuair sé mean oideachas i meanscoil na nIosánach i Luimneach agus i gColáiste Fhlannáin, Inis. Chuaigh sé go Mánuat mar ar oirdníodh ina shagart é i 1917. Bhí sé ar dhuine de bheirt bhí ar aon chéim do Scoláireacht Phiaras Uí Mhaoileoin bhí oscailte don tír ar fad. Ceapadh ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Fhlannáin é i 1919.

Ar na leabhair a scríobh sé bhí: 'Reilthíní Óir' 1 & 2 - abairtí a bhailigh sé sa nGaeltacht agus iad minithe i nGaeilge. 'Caint an Chláir' 1 & 2. 'An Litríocht' agus 'Róisín Fiáin na Mara'. Ba shagart é dhein gaisc i scoláireacht na Gaeilge ach ní bhfuair sé an t-aitheantas chuí. Fuair sé bás i 1949.

Foinsí:
'Beathaisnéis 1 & 2. Le Diarmuid Breathnach & Máire Ní Mhurchú.
'Léas ar Ár Litríocht'. Leis an Ath. Pádraig Ó Fiannachta.
'Ó Donnabhán agus Ó Comhraí'. Le Éamonn de h-Óir.

Clare County Library wishes to thank Clare Local Studies Project for preparation of text for this publication.

<< Literature

<< Clare People