Clare County Library
Dúchas is Dóchas: Amhráin Ghaeilge an Chláir
Home | Music & Songs of County Clare | Live Recordings | Forums | Search this Website | Copyright |

Amhrán an Tae
Diarmuid de Faoite
Diarmuid de Faoite
© Seán Mannion

Scoil: Cathair Mhurchú, Cill Mhichíl

O.S. Séamus O Laoidhléis

Bailitheoir: Mícheál c Ó Laoidhléis

Faisnéiseoir: Mícheál Mac Con luachra, 77, Cluain na Cille.

Cumtha ag: (Nóta ó: Marion Gunn, ‘A Chomharsain Éistigí agus Amhráin eile as Contae an Chláir’, Clóchomhar, 1984:
“ Leagtar an t-amhrán seo ar Thomás Ó Tiarnaigh agus ar Chrochúr Ó Carmadaigh”)

Fonn: Chuir Diarmuid de Faoite fonn leis seo i 2022.

Foinse: Bailiúchán na Scol
https://www.duchas.ie/ga/cbes/4922325/4870252

Scéal áthais ata agam le h-inseacht
Nach foláir a craobhscaoileadh i ngach áit
Go bhfuil an tae seo ’leathnú ar fud na tíre
Le carr ag gabháil timcheall gach lá.
‘ Sé an ‘quality’ is fearr ’gus is daoire é
Agus é siúd dhá scaoileadh ar bheagán
Mara bhfuil airgead lámh ‘gat le díol leis
Tabharfaidh sé mí dhuit chun spáis.

Tá cuid acu dá rá linn go cinnte
Gur le haghaidh ár n-aimhleas atá
Mar a bhí sé ag imeacht as ár gcuimhne
Gur leathnaigh aríst chughainn do’n áit
Bheadh airgead fairsing ’nár dtimcheall
Mar a mbíodh ag sean daoine ar spáráilt
Dá ndeinfidís teacht le seaimpíní
Ó bhíodar chomh líonmhar ag fás.

Ní fhanfaidh daoine óga insa’ tír seo
Dá stracadh is dá gcloíchint mar táid
Is ró mhaith an cúnamh chun díbirt
An aisde seo bhíonn ag na mrá.
Nuair a dh’éiríonn na sean-mhrá ins an oíche
Dhá uair nó trí roimh an lá
Is bó na leath hadhairce tá thíos siúd
Caite leath taoibh na corcáin

Tá fearaibh san áit seo go cinnte
Chomh diúlmhar airíst ann le mrá
Ní mór go néiroidís ‘na suí dhuit
Go bhfeicfidíst líonta an chupáin
Annsan nuair a d’ólfaidíst sáith dhe
Agus aireodh siad líona an tiogáin
Ag imeacht a’ reacaíocht go dtí an oíche
Is gan breith ar fiú píce ‘na lámh.

Níl áireamh ar dhomhan ná cur síos ar
Cad a chinneodh an cíos ná an bothán
Ach teapot a leagadh ins an ghríosaigh
Agus griodal fóir-líona le arán.
Ní áirítear anois is arís é
Is ní chuirtear aon suim sa bheagán
Nó go náirítear suas orthu pínse
Agus is mó é ná an cíos le siftáil.

Níl iontas mór liom daoine críonnna
Bheith ag gearán tinnis cinn ceal é fháil
Ach an leanbh tá a’cráire* na gcíocha
Nó ’na luí ar chúl a chinn ins an chliabhán.
Nuair a d’fhaigheann sé an balighthe (boluithe) croíúil
Agus d’éiríonn an stím as chomh hard
Ní mór ná go gcaillfí d’aon bhiadh é
Mara a bhfaigheadh sé trí bhraon de shliogán
*ag cnáimhreadh

Bíonn áiteoireacht mór ‘na timcheall
Agus táirnigheann (tarraingíonn) sé bruíon ’dir a lán
Cuid acu dá rá ná fuil brí ann
Agus cuid eile dá thaobh gurb é is fearr.
Thabharfainnse comhairle mhaith díbhse
Dá nglacfadh sibh caint amadáin
Breith ar an dtaepot go híogmhmhar
Gan scarúint leis coíche as bhur lámh
Go dtéifeadh sibh os cionn pholl an diotáin (?)
Agus é a ruascadh uaibh síos ann go brách.

Leagan eile:

Scoil: Scoil an Rinnín.

Múinteoir: Pádhraic Ó Cionaoith

https://www.duchas.ie/ga/cbes/4922382/4876138

“Scéal áthais tá agam le innsint”
Nár bhfuláir é a chraobhscaoileadh i ngach áit.
Go bhfuil tae dhá leanágha ar fud na tíre ,
Is cárr ag gabháil timcheall gach lá.

11
An "calatí"is fearr agus is daoire;
'Siad siúd dá scaoileadh ar bheagán;
'S mar a bhfuil airgead lámh"gaibh"le síneadh"
Go dtabharfaidh sé mí dhíbh chun spáis.

111
Bhí sé ag imtheacht as ár gcuimhne
Go dtáinig se arís chugainn don áit,
mar bheadh airgead fairsinn in ar dtimcheall,
mar a bhíodh ag seandaoine ag spáráilt.

1V
(Sórt prátaí)Da ndéanfaidís teacht le "Seampailí"
Ó bhíodar chomh líonmhar ag fás,
Nuair tháinig se i dtosach sa luing chugainn
Cois cuanta agus timcheall na trágha.

5.
Do leath sé ar fuid ár seacht sinnsear,
'S do dhéan sé gan amhras, díobháil ;
Do tharraing chugainn nervous cipínneach,
'S do dhéan sé d'ár n-inntin sceolán.

6.
'S do chuir sé ó chodladh na h-oidhche iad
'S do chuir sé na mílte ar fán :
Níl áireamh ar domhain ná cur síos air,
Cad a chuinneochaidh an tigheas ná an bothán.

7.
Acht an tae-phot ar a thóin sa ghríosaigh
Is an ghreidioll fíor líonta le arán.
Annsan nuair d'ólfadh siad feed de
Is aireochaidh siad líonta an t-seogán.

8.
Ag imtheacht ag réicúlacht go dtí an oidhche,
Is gan bhreith ar fiú an píce in a láimh,
Badh cheart do's na sagairt seo guidhe dhóibh
Go dúthrachtach dílis gach lá.

9.
An "seic" a chuir thall ar na craobhacha,
Ar a bhfásann an síol agus an bláth,
Is ná tiocfadh sé chugainn thar taoide
Is na bheadh aon duilleóg de le fágháil.

10.
Is gearr go mbeadh ba 'gainn 's caoire,
Is go ndíolfaimís cíos go neamh-spládhach,
Tá (fir) ins an áit seo go cinnte
Chomh dúilmhear arís ann le mná.

11.
Ní mór na n-eireochaidís in a suidhe dhuit
Go bhfeicidís líonta an cupán.
Dá nglaothá ortha 'carta na díge
Nó socrú an aoiligh sa t-sráid.

12.
Mar a bhfeicidh siad tae tar a fuighleach
Sin glaoidhte ort na mílte spríosáin
Níl ionghantas ar domhain liom daoine críona
A bheith a gearán tinneas-chinn ceal é a fhághail.

13.
Acht an leanbh tá ag cráigre na gcíocha
No na luigte cúil a chinn sa chliabhán.
Nuair d'fhaghainn siad an bolatha croidhtheamhail
Is a eirigheann an gal as chomh h árd.

X1V
Ní mór ná go gcaillfí de'n bhrígh iad,
Mar a bhfaighidís trí braon de ar sliogán,
Fadó nuair na bíodh ag ár sinnsear,
Bhíodh fir ann go bríoghmhar folláin.

XV
Ba annamh ag gearán tinneas cinn iad,
Ná pianta rith síos ina gcnáimh,
Ba bhreágh leat iad ar iomaire caoinligh
Na ag iompó sceamháin ar chlais-bháin.

XV1
Ach anois sul fé dtagaidh an oidhche
Sin lagar in a gcroidhthe 's creathán
Chun críochnú gairid mo chainnte .
Ní dhéarfadh 'ina thimcheall mórán.

XV11
Sé an tae seo tá ag creachadh na tíre,
is d bhfágaint gan tínnte ar an gcnámh
Nuair a d'eirighidíd na seana ar an gcnámh
Nuair a d'eirighidís na seana mná san oidhche,
Dha uair nó trí roimh an lae.

XV111
Sí bó na leath-hadhsrca tá shíos acu,
Sí caithte leath taobh -an chorcáin
Ní fhanfaidh daoine óga sa tír seo
Do straaca 's dá gclaoidheachaint mar stáid.

X1X
Is ró -mhaith an congnamh dá n-díbeart ,
An aiste se bhíos ag na mnáibh,
Ní airightear anois 'arís é
'Sní cuirtear aon tsuim sa bheagán.

XX
nó go n-áireamhtar suas ortha an pínnse
'S mó é ná an cíos le seifteáil
Do thabharfainn -se comhairle maith díbh-se
Dá nglacfadh 'sibh cainnt amadáin.

XX1
Breith ar an tae-pot go iogmhar,
Is gan sccarúint leis choidhche ar bhúr láimh
Go dtéigheadh sibh ós cionn puill an díocháin
'Sé a ruaga uaibh síos ann go bráth.

Leagan Eile:

Scoil: Mágh, Leacht Uí Chonchubhair
O.S. Risteárd mac Risteárd

https://www.duchas.ie/ga/cbes/4922384/4876356/5080443

Amhrán an Tae
Trascríobh ón gcartlann

Scéal áthais tá agam le insint,
Nár bh'ul;áir e a chraobhscaoileadh in gach áit,
Go bhfuil tae dhá leanágha ar fud na tíre,
Le cárr ag gabháil tímpeall gach lá .

11.
An "calatí" is féarr agus is daoire
'S íad súd da scaoileadh ar bheagán
'S mar a bhfuil airgead 'gaibh le ríseadh
Go dtabharfaidh sé mí dhíbh chun spáis.

111
Bhí sé ag imtheacht as ár gcuimhne
Go dtáinig sé arís chugainn do'n áit
Mar bheadh airgead fairsing in ar dtímcheall
Mar a bhíodh ag sean-daoine ag spáráilt
Dá ndeinfaidís teacht le "Seampainí"
Ó bhiodar chómh líonmhar ag fás .
Nuair tháinig sé á dtosach sa luing chughainn
Cois cuanta agus tímpeall na trágha
Do leath sé ar fúd ár seacht sinnsear
'S do dhein se gan amhras ,díobháil
Do tharraing chugainn nervous cipínneach
'S do dhein sé d'ár n-intinn sceolán
'S do chuir se ó chodhla na h-oiche íad,
'S do chuir sé na mílte ar fán.

41
Ná áireamh an domhain ná cur síos air
Cad cguinneochadh an tigheas na an bothán
Acht an tae -phot ar a thón sa ghríosaigh
Is an greideall fíor lionta le arán.
Annsan nuair d'ólfadh síad feed de
Is aireochaidh síad lionta an tréogán
Ag imtheacht ag péicuacht go dtí an oiche
Is gan bhreith ar fiú an píce in a laimh
Badh ceart dho's na sagairt seo guidhe dhóibh
Go dúthrachtach dílis gach lá
An "reic"a chur thall ar na craobhacha
Ar a bhfásann an síol agus an bláth
Is ná tuitfadh sé chugainn thar taoide
Is ná beadh aon duilleóg de le fághail
Is géarr go mbeadh bá 'gainn 's caoire
Is go ndíolfaimis cíos go neamh -spládhach
Tá fir annsan áit seo go cinnte
Chomh dúilmhear arís ann le mná
Ní mór no d-eirigheochaidís in a suidhe dhuit
Go bhfeicidís líonta an cupán
Dá nglothá ortha 'carta na díge
No socrú an aoilig sa tsráid
Mara bhfeicidh síad tae tar a fuighleach
Sin glaoidhte ort na mílte spríosán
Nil iongeas an domhan liom daoine críona
A bheith a graráin tinneas -chinn ceal é a fhághail
Acht an leanbh tá ag cráighne na gcíocha

42
No 'na luighe cúil a cinn sa chlíabhán
Nuair d'fhagainn an gal as cóid h-ard
Ní mór na go gcaillfaí de'n bhrígh íad
Mar a bhfaghaidís trí braon de ar sliogán
Fadó nuair na bíodh se ag ár sinnsear
Bíodh fir ann go bríomhar folláin
Ba annamh ag gearáin tinneas cinn íad
Ná pianta rith síos in a gcnáimh
Ba bhreagh leat leat íad ar iomaire caoinigh
Ná ag iompó sceamhád ar chlais -bháin
Acht anois sul fé dtagaid an oiche
SIn lagar in a gcroidhche 's creathán
Chun críochnú gairid mo chainnte
Ní dhearfadh in a thímpeall morán
Sé an tae seo tá ag creacha na tíre
Is dá bfágaint gan tinnte ar a gcnáimh
Nuair a d'eirighidís na seana -mná san oiche
Dhá uair no trí roimh an lae
Sé bó na leath-hadharca tá fhios acu
Sícaithte leath taobh an chorcáin
Ni fhanfaidh caoine óga sa tír seo
Da straca 's da congamh dá n-díbeart
An aiste seo a bhíos ag na mnáibh
Ní airightear anois 's arís e 'S ní chuirtear aon tsuim sa bheagán.

43
Na go n-áireamhtar suas ortha an pínnae
'S is mó é an an cíos le seifteáil
Do thabharfainn -se an comhairle mait díbh -se
Da ngalcfadh sibh cainnt amadáin
Breith ar an tae-pot go íogmhar
Is gan scarúint leis coiche as bhúr láimh ,
Go dteigheadh sibh ós chionn puill an diocháin
'S é an ruaga uaibh síos ann go bráth.


Leagan priondáilte ó Marion Gunn, ‘A Chomharsain Éistigí agus Amhráin eile as Contae an Chláir’, Clóchomhar, 1984.

Amhrán an Tae

Amhrán an Tae

Amhrán an Tae

Amhrán an Tae


<< Dúchas is Dóchas: Amhráin Ghaeilge an Chláir