Scoil: Cathair Mhurchú, Cill Mhichíl
O.S. Seamus Ó Laighléis
Bailitheoir: Mícheál C. Ó Laighléis
Faisnéiseoir: Mícheál mac Con
Luachra, 77, Cluain na Cille.
Údar: Criostóir Ó Coluíosachta
(Lysaght)
Fonn: ’S a Mhúirnín Dílis (féach
atá leis seo)
Tá leagan de ‘S a Mhúirnín Dílis
ag Máire Ní Bheaglaoich anseo:
https://www.youtube.com/watch?v=igFOyg_kjzY
Fonn agus Amhránaí: Rinne Tim Dennehy, Sráid
na Cathrach agus Ciarraí, leagan den amhrán seo i Mí Bealtaine
2022.
Foinse: Bailiúchán na Scol
https://www.duchas.ie/ga/cbes/4922325/4870238
Trascríobh ón
gcartlann:
‘
Rugadh Criostóir Ó Coluíosachta i gCill Chani
(Cill Seanaigh) i ngiorracht míle de Leath h-Ínse
timcheall le dhá céád bliain ó shoin
(1730idí?).
Feirm talmhan abhí mar slighe bheatha aige.
Deirtear ag an
sean daoine atá comhnuidhe i Leath hÍnse
go bhfuair sé a oidhceachas i gColáiste na Trionóide.
Deireann siad go raibh sé ana chliste ar fad agus tá a
chuid filíochta de glan mheabhair ag gac sean duine beagnac
sa pharóiste. Ó sean duine go sean duine atá sé ag
teacht síos cughainn acht ní misde a rádh
go bhfuil sé i gceart aca mar chuala mé gach ceann
díobh
seo leanas ó triúir daoine agus níl deifriocht
eatorra.
Bhí filíocht dá scríobh ag Criostóir Ó Coluíosachta
i gcóir na hÉireannaigh nuair bhíodar ag
troid i gcoinnibh na Sasanaigh agus mar gheall ar sin cuireadh
thar sáile é go
dtí Van Diaman's Land. Bhí tréas deanta
aige mar a dubhairt na Sasanaigh.
Nuair a cuireadh thar sáile é do
sgríobh sé
"An Díbirt'e ó Éirinn"
as gaodhluinne agus as béarla. Ní creideann aoinne i
Leath h-Ínse gur Thomas Cambell a scríobh as béarla é,
deireann siad go léir gur Cristóir Ó Coluíosachta
a scriobh é. Ní féidir a rád cathain a
scríobh sé na cum eile ach bfheidir go mbeadh rud éigin
le fághail mar gheall ar é féin agus a obair i
gColáiste na Trionóide.’
Tháinig chughainn ón taoille díbirthe ó Éirinn,
A ghrua fliuch ón spéir agus éadach air gan aird
Is cásfar do chuimhneadh sé a thír is é in’ aonar
Agus an oíche fé bhéim cnoc na spéire,
gan scáth.
Bhí a shúile agus a intinn go cruinn ar na réalta
Do thugadh fios an lae dhó ar insint na féile,
Mar a bhfanfadh sé le díbireacht is a chuimhin chruith
dá chéasadh
Sin bua agus tréana leat Éire(ann) go brách.
Éire mo dhúiche, cé dubhach agus cé traochta,
Cé subhach do bhíonn id’néalta ’féachaint
ar do chrá
Níl áitreabh mo dhúiche i dtréithe an t-saoil
seo
Fiach poic ná faoilchon ní féidir len’ fháil
Ní fheicimse choíche an Cill Clochar craobh ghlas
Mar a bhíodh mo mhuintir ag síorchleacht na saor sleas
Ní chuirfear bláth na mín-scoth ar mo chláirseach
dá gléasadh
Ní bhuailfidh mise téada arís ort Éireann
go bráth.
Cá bhfuil doras m’áras i ndáil
leis an gcoill ghlais?
A chairde agus a mhuintir i ndílibh é ar lár
Nó cá bhfuil an mháthair a thug grá díbh ’na
hintinn
A mháthair mo chroí istigh, ba dílse í ná cách.
Tá an t-anam bocht i mbrólinn agus brón mhuir
ag tráchaint
Cá bhfuil an sport úd ba eol duinn fáil seal
Silim tuille deora gach ló mar an bháistigh
Gan aoibhneas gan sóchais le dóchais go bráth.
Tar éis gach uile smaoineamh do bhíonn seal i ngrá leis
Fágaim an ghuí seo agus mé ar intinn an bháis
Ag Éire choíche táim ar fán mar díbirt
Ag máthair mo shinsir i gcroí cheart an áir,
Go mba ghlas a bheidh do mhuine(abh) ar ghrian geal do bhuachana!
Go mba neartmhar a bheidh do ghéaga is go léifear do
leabhartha!
Go mba bhinn a bheidh do chláirseach, go sí mhilis ceolmhar!
É
ire mo mhúirnín, céad slán leat go bráth.
Ó ‘Ceol ár Sínsear’ leis an Athair
Pádraig Breathnach:
Do tháinig chun na taoide díbearthach ó Éirinn
A dhlaoí fliuch ón spéir is a éadach ón ár;
Ba scíosmhar do chaoineadh a thír is é in’ aonar
Is an oíche faoi bhléin chnoic na scéirde gan
scáth.
Bhí a shúil is a intinn go cruinn ar an réaltan,
Do thugadh fios an lae dho an Inse na Féile;
Mar a gcanadh le díogras a chroí istigh an dréacht
so,
Bua agus tréine leat, Éire go brách!
Is trua é mo chúis ars’ an sciúirling bhocht
chéasta,
Gan súchas, gan faoiseamh, ó phéin ná ó ghá;
Níl áitreabh mo chumhdaigh i dtriúchaibh an tsaoil,
Fia-phoic is faolchoin cé féidir leo a fháil;
Ní fheicfeadsa choíche an choill chluthair chraobhach,
Mar a mbíodh mo shinsear ag síor chleachtadh saor-chleas,
Ní chuirfeadh bláth na mín-scoth ar mo chaoin
chruit dá gléasadh,
Is ní bhuailfeadh a téada ar Éire go brách!
Ó Éire mo dhúiche! Cé dubhach, is cé tréigthe,
Is subhach mise im’ néalaibh ag féachaint do thrágha!
Ar mhúscladh (múscailt) san dúiche so is úr
shilim deora,
Gan súil le dul d’éileamh mo ghaolta go brách!
Och, a chinniúint chruaidh! An bhfaighead cuairt bheag uair éigin,
Don tír sin an tsuaircis, gan buaireamh, gan baol dom.
Och, mo lomadh luain, ní luaiscfeadh mo ghéaga,
Mo chairde, táid traochta, nó ag géilleadh dá namhaid.
Cá bhfuil doras m’áruis, a bhí lámh
leis an gcoill ghlais,
A chairde is a mhuintir, nach díth libh é ar lár,
Nó an mháthair thug grá dhom, is thál lacht
a chroí orm.
Cara geal mo chroí istigh is dílse ná cách.
Tá an t-anam bocht mo ghrólann le brón ghoirt
ag trághchan,
Cá bhfuil anois an spóirt bá dhóigh linne
d’fháil seal,
Silim díle deora gach ló mar an mbáistigh,
Gan aoibhneas, gan dóchas le sochas go brách.
Thar gach uile smaoineamh dá mbímse i ngrá leis
Fágaim an ghuí seo is mé ar intinn an bháis,
Ag Éire, cé táimse, ar fán uaithi ar díbirt,
Ó
áitreabh mo shinsir, is crích chirt na bhfáidh:
Go mba glas iad do mhuígheanna, a Ríoghain na Bóchna,
Go mba fada iad d’fhíorchlann ag síor chleachta
spórta,
Go mba fada í do chaoin chruit, go rí-mhilis ceolmhar,
A Éire
mo mhúirnín! Éire go brách!
|