Scoil: Leitir Uí Cheallaigh,
O.S. Seosamh Devitt,
Faisnéiseoir: Máire Ní Mhathúna,
Leitir Uí Cheallaigh.
Fonn: Fáinne Geal an Lae
Amhránaí:
Tim Dennehy (Sráid na Cathrach, an Clár
agus Baile an Sceilg, Ciarraí), Bealtaine, 2022. https://www.duchas.ie/en/cbes/5162138/5157737/5203071?ChapterID=5162138
Ar maidin dhom i bhfeidhil mo stoic,
Dhá seoladh chun an fhéir
Sea bhuail umam an stuaire suilt
is í ag duanaireacht is ag éigeamh.
Sea chualas an guth ba shuairce liom
Is le fonn gur dhruideas léi
Is ba throm gach deor lena leiceann bhuí
Is ba thrua í ag gol i gcéin.
An tú Cearnait chliste, an bhé
Ceap mhilthe á taispeáint féin
Nó Helen do sciobadh thar barr na tuinne
Dár tháing cath na Traoi?
Nó Bhenus do rug an t-úll ansan bile
ó
mhnáibh na cruinne go léir
Is gurb álainn dheas do scéimh is do dhreach
Le fáinne geal an lae
Is a shár fhir glic ná ráithe
suilt,
Ní h’aoinne acu san mé
Ach bé is ea mé gan chéile ar bith
Cé gur fada dhomsa faoi léan
Mo scéalsa anoir ó daoradh sinn
Beart an uile san claoin
Is go deimhin a chuid tán trasna sinne
is beidh Éire againn fé réim.
Ó
‘Ceol Ár Sinsear’, leis an Athair Pádraig Breathnach,
lgh 76-77, Brún agus Nualláin, BÁC, 1923.
Ar maidin moch i bhfeidhil mo stoic,
S’ dhá seoladh chun an fhéir
Sea bhuail umam an stuaire suilt
is í ag duanaireacht is ag éamh.
Do chual’ an guth ba shuairce liom
Is le fonn gur dhruideas léi
Is ba throm gach deor ar a leacain bhoig
Is ba thrua í a’ gol i gcéin.
Ba dhualach clúthmhar, scuabach, tiubh
Iad a cuacha a’ titim léi,
A cúm seang singil ’s ar a héadan suite,
a mala dheas ba chaol,
A déid ba ghile ’s a béal ba bhinne,
’
S a dá chíoch chruinne ghéara
Is go deimhin an bhean ba bhreátha gean,
Le fáinnín geal an lae.
An tú Cearnait shnoit’, an bhé cheap
mhuillte
Amach a tuiscint ghéar
Nó an chúl fhionn tugadh de bharr an t-srutha
Do mhúscail cath an Trae
Nó an fíor gur tú sciob an t-úll den bhile
Ó
mhnáibh an domhain go léir
Mar is álainn deas do scéimh is do dhreach
Le fáinnín geal an lae
A shár fhir glic na ráithe suilt
Ní aoinne ’ca san mé
Ach bé ’sea mé gan chéile’r bith,
A’s is fada mé faoi léan.
Tug scéala ’nois gur daoradh sinn
Ag aicme ’n oilc go claon,
Ach gan bhréag a chuid
Tá an téarma ’stigh
‘
S beidh Éire ’gainn faoi réim.
|