Scoil: An Chrois
O.S. Seán Ó hEadtromóin
Faisnéiseoir: Seosamh T. Ó Ceit.
Cumtha ag: Seán de hÓrdha.
Fonn: Fainne Geal an Lae
Amhránaí: Síofra Ní Élí Duggan,
Inis, Bealtaine, 2022.
https://www.duchas.ie/ga/cbes/5198905/5158811
Ó
n gcartlann: “Seo dan eile a ceap Seán de h0rdha i dtaobh
cailín a chomhnuigh ar Sliabh Maigh-mhín tráth.” Ní hionnan
Máire Bhán anseo agus an t-amhrán eile le Seán
Lloyd (Lúid) a bhfuil an teideal ‘Máire Bhán’ leagtha
air.
1
Sé mo chreach gan mé i ndeireadh an lae, san áit
a bhfuil an sliabh
Nó ag siúl na ngleann fe scáth na gcrann is mo
ghrá geal le mo thaoibh,
Do thabharfainn scíth ar bhrón mo chroí is níorbh
fhada liom an oíche
Is bheadh mo cheann-se lán de ghreann sula sínfinn ann
am’ luí.
2
Níor mheidhre an t-éan ag gabháil ceoil dó féin
sna spéarthaibh roimh an lá
Ná mar a bheadh mo chroí, le titim na h-oíche
is an drúcht ag sileadh fán trá
Níl aoibhneas, séan, ná cairdeas gaoil, mar dian-ghrádh
mo chroí le fáil
Is anois mo bhrón nach trua ná faighim mo stór-gheal
Máire Bhán.
3
Mar is donn a gruaig na bhacall dlaoi, ’na fáinní ag
titim léi.
Is seang a com, ina h-aghaidh níl gruaim is tá sí múinte
tréith.
Tá fuíollach mil gach nóin ag silt ón a
béilín mar sú craobh
Sé mo léin nach i ndán dom bheith ar fán
le Bláth Bán Úr an tSléibhe. Trascríobh ón
gcartlann:
Sé mo creach gan me i ndeire an lae, san áit
abhfuil an sliabh
Nó ag siubhal na gleann fe scáth na gcrann is mo gradh
geal le mo thaoibh
Do thabhairfinn sgíth ar bhrón mo chroidhe is marbh fada
liom an oidhche
Is bheadh mo ceann se lán de ghreann sul a sínfinn ann
am luighe
Níor mheidre an t-éan ag gabhail ceol do féin
ins na spéarthaibh roimh an lá
Ná mar bheadh mo chroidhe, le tuitim na h-oidhche is an drúcht
ag sileadh fán tragha
Níl aoibhneas, seán, ná caradas gaol , mar dian-grádh
mo croidhe le faghail
Is anois mo bhrón nach truagh ná faghaim mo stóir
-geal Máire Bhán.
Mar is donn a gruaig na bhacall dlioth
na fáinní ag tuitim
leí.
Is sing a com, ina h-aghaidh níl gruaim is tá sí múinte
tréith.
Tá fuigheallach mil gach nóin do silt on a béilín
mar sugha craobh
Sé mo léin nach indán dom bheith ar fán
le Bláth Bán Ur an tSleibhe. |