Foinse: Breandán Ó Madagáin Eoghan Ó Comhraí agus
Amhráin Ghaeilge an Chláir.
Bun fhoinse: Petrie,
1855, Ancient Music of Ireland, 144-146, O’Sullivan, Songs of The Irish,
21. Tá sé ar fáil freisin
in Amhrán Mhuighe Seola.
Fonn agus Amhránaí: Nuala Kennedy.
Chuir Nuala fonn leis seo i mBealtaine 2022 a fuair sí ó Chathy
Jordan (Dervish). Fuair Cathy an fonn ó Chormac de Barra.
Chuir Nuala na focail thíos ina iomlán ar fáil
dom mar a bhí faighte aici ón gcruitire, Cormac de Barra.
Tá fáil ar an amhrán ar albam Chormaic, Barco.
Chuir sí freisin i dtreo taifead le Pádraig Ó Cearbhaill,
Co. Luimnigh mé, a chanann an fonn mar atá sé tugtha
ag Ó Madagáin, thíos. Is féidir é a
chloisteáil anseo: https://www.itma.ie/digital-library/video/do-chuirfinnse-fein-mo-leanbh-a-chodladh-padraig-o-cearbhaill
Focail iomlán an amhráin ó Nuala
Kennedy/Cormac de Barra: Do churifinnse féin mo leanbh a chodladh
Is ní mar do chuirfeadh mná na mbodach
Faoi shúisín bhuí ná i mbraillín
bhorraigh
Ach i gcliabhán óir 's an ghaoth á bhogadh
Curfrá:
Seo hín seó, huil leó leó
Seo hín seó, is tú mo leanbh
Seo hín seó, huil leó leó
Seo hín seó, is tú mo leanbh
Do churifinnse féin mo leanbh a chodladh
Lá breá gréine idir dhá Nollaig
I gcliabhán óir ar úrlár shocair
Faoi bharra na gcraobh 's an ghaoth á bhogadh
Curfrá:
Seo hín seó, huil leó leó
Seo hín seó, is tú mo leanbh
Seo hín seó, huil leó leó
Seo hín seó, is tú mo leanbh
Codail a linbh, is codhladh slán duit
As do chodladh go dtugair do shláinte
As do smaointe do chroí nár chráitear
Is nár ba bean gan mac do mháthair
Curfrá:
Seo hín seó, huil leó leó
Seo hín seó, is tú mo leanbh
Seo hín seó, huil leó leó
Seo hín seó, is tú mo leanbh
Codail a linbh, is codhladh slán duit
Is as do chodladh go dtugair tú do shláinte
Nár bhuaile treighid ná greim an bháis tú,
Galar na leanbh, ná'n bholgach ghránna.
Curfrá:
Seo hín seó, huil leó leó
Seo hín seó, is tú mo leanbh
Seo hín seó, huil leó leó
Seo hín seó, is tú mo leanbh Is
suimiúl an méid atá le scríobh ag Ó Madagáin
faoin ‘Seoithín seó’ agus tugaim ina iomlán
anseo é:
“
Is é an seoithín seó (‘lullaby’: rud
eile ar fad ab ea suantraí) an t-aon chineál amhrán
oire atá fós in úsáid i nGaeltacht an lae
inniu.Thug P.W. Joyce dhá cheathrú do Phetrie as seotihín
seó álainn as Co. Luimnigh: Do chuirfinnse féin
mo leanbh a chodladh. Deir Petrie, ‘Mr. Curry…in his youth
had been familiar with the whole song,’ ahus thug sé dhá cheathrú eile
dó. Sampla eile den amhrán céanna a bheith i gCo.
an Chláir agus i gCo. Luimnigh, ní nach ionadh. Táim
féin den tuairimgurbh ortha drasíochta fadóé an
seoithín seó chun an leanbh a chosaintar an aos sí (Ó Madagáin,
1989,a). Ba é an creideamh coitianta é go dtí le
déanaí go bhféadfadh an t-aos sí an leanbh
a fhuadach leo, dá dteastódh sí uathu nó an
mháthair féin dá dteastódh sí uathu
chun banaltracht a dhéanamh ar leanbh dá gcuid féindteastódh.
Sin é atá i gceist i seoithín seó an-spéisiúl
a fuair Petrie ó Mary Madden: A bhean úd thíos
ar bhruach an tsrutháin. Arís ní miste glacadh
leis gurbh é Ó Comhraí a scríobh na focail
dó, agus tá cuntas fada uaidh sa leabhar ar an seanchreideamh
a bhí i gceist sa scéal.”
|