Clare County Library
Dúchas is Dóchas: Amhráin Ghaeilge an Chláir
Home | Music & Songs of County Clare | Live Recordings | Forums | Search this Website | Copyright |

Marbhna Phaddy Joe McMahon
Séamus Mac Mathúna
Séamus Mac Mathúna


Údar: Séamus Mac Mathúna. Cumtha ar bhás a chara, Paddy Joe Mc Mahon, 1986.

FONN: Domhnall Óg.

Foinse: Taifeadtha ag Seosamh Ó Conchubhair (Joe Ó Connor), Sráid na Cathrach, mar chuid de chlár a dhein sé in ómós Shéamuis Mhic Mhathúna i 2006.

Amhránaí: Séamus Mac Mathúna, Cuar an Chláir agus Baile Átha Cliath.
Cailleadh Séamus ar an 10ú Márta, 2022. Ar dheis Dé go robh.

Chan mac le Séamus, Lorcán Mac Mathúna, an t-amhrán seo in ómós dá athair féin ag seoladh
Dúchas is Dóchas: Amhráin Ghaeilge an Chláir, i gCultúrlann Sweeney ar an 28ú Bealtaine, 2022.

Tháinig an t-amhrán agus gach eolas ina thaobh ó Sheosamh Ó Conchubhair.
Cailleadh Paddy Joe McMahon, Sráid na Cathrach, a bhí ar ard-chomhairle Chomhaltas Cheoltóirí Éireann, timpeall na bliana 1986. Scríobh Séamus Mac Mathúna, cara leis, an dán seo in ómós dó. Amhránaí ab ea Paddy Joe is shocraigh Séamus é a chanadh mar mharbhna lá na sochraide.
Tá traidisiún an mharbhna ina dhlúthchuid de mhór thraidisiún filíochta na hÉireann.

Ó Rí na bhFear a bhí seal inár gcomhluadar
Bláth na bhFear a bhí dílis uasal
Seacht mbliain déag ón mbás rugais bua leat*
Ach mo léan sa chré thú agus sinne in uaigneas.

Is a Phádraig ó bhí tú fearúil tréithiúl
A Phaddy Joe agus Frankie taobh leis
D’fhulaing tú leonta a chloífeadh na céadta
Ach do sheas tú an fód mar a dhein fear a’ Chéasta.

Éire na nGael ba mhéin is ba dhual duit
É ire saor na naomh is na n-údar
Ó ’riamh do thaobhnaigh tú an fhírinne fhuar ghlan
Is go gceolfá véarsa le binneas is dúchas.

Dá bhfeicfinn romham thú ó do chreathfainn lámh leat
Dá bhfeicfinn ag ól thú, ó d’ólfainn do shláinte
Dá bhfeicfinn breoite thú d’ardóinn an pláigh dhíot
Ach ní fheicim go fóill thú ach i ngáirdín Pharrthais.

Is buan é an brón ach is buan é an gáire
Is buan do ghlóire in sna flaithis go brách brách
Go bhfeice mé romham thú in san Árus in airde
Ag taobhú an cheoil is tú le plúr na gcompánach.

* Bhí Paddy Joe ar dialysis ar feadh 17 mbliain.



<< Dúchas is Dóchas: Amhráin Ghaeilge an Chláir